Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022AE0101

    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (COM(2022) 171 final — 2022/0111(COD))

    EESC 2022/00101

    IO C 365, 23.9.2022, p. 55–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 365/55


    Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

    (COM(2022) 171 final — 2022/0111(COD))

    (2022/C 365/10)

    Rapóirtéir aonair:

    Javier GARAT PÉREZ

    Comhairliúchán

    Parlaimint na hEorpa, 2.5.2022

    An Chomhairle, 23.5.2022

    Bunús dlí

    Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    Rannóg atá freagrach

    Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

    Dáta a glactha sa rannóg

    31.5.2022

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    63/0/0

    Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

    15.6.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    570

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    211/1/4

    1.   Conclúidí agus moltaí

    1.1.

    Measann CESE gur iomchuí agus gur gá na moltaí a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) a thrasuí i ndlí an Aontais, ós rud é gur páirtí conarthach é an tAontas Eorpach sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh, agus chun na bearta caomhnaithe agus rialaithe a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2006, 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2021 a chomhlíonadh.

    1.2.

    Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhlíonfadh na páirtithe conarthacha uile na moltaí a ghlac ICCAT d’fhonn dálaí cothroma a áirithiú do na hoibreoirí go léir.

    2.   Éirim an togra ón gCoimisiún

    2.1.

    Is é príomhchuspóir an togra na bearta nua caomhnaithe agus rialaithe a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (dá ngairtear ICCAT anseo feasta) ag a chruinnithe bliantúla in 2006, 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2021, a thrasuí i ndlí an Aontais, mar pháirtí conarthach sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (dá ngairtear Coinbhinsiún ICCAT anseo feasta) ón 14 Samhain 1997.

    2.2.

    Le Coinbhinsiún ICCAT bunaítear creat réigiúnach maidir le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinnín san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird agus ceadaítear moltaí a ghlacadh atá ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.

    2.3.

    Leasaítear leis an togra Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), lenar ionchorpraíodh bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe ICCAT cheana féin, maidir le bearta a bhaineann leis na speicis seo a leanas: tuinníní trópaiceacha, tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, colgán na ndealg, an mairlín gorm agus geal.

    2.4.

    Déantar athbhreithniú freisin ar an tuairisciú ar shonraí mairlíní, an mácó biorshrónach, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht na mbreathnóirí i gcláir breathnóirí réigiúnacha ICCAT, freagrachtaí na mbreathnóirí eolaíocha, agus nuashonrú ar liosta speicis ICCAT.

    2.5.

    Thairis sin, leasaítear leis an togra Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir maidir le dearbhú an Bhallstáit feirme i dtaca le tabhairt anonn bhliantúil agus oibleagáidí áirithe maidir le cur i gcaighean.

    2.6.

    D’fhonn moltaí ICCAT amach anseo a thrasuí gan mhoill i ndlí an Aontais, déantar foráil maidir le cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun cinntí a ghlacadh maidir leis na saincheisteanna seo a leanas: acmhainn teoranta an phlean bhliantúil/an phlean iascaireachta maidir le tuinníní trópaiceacha agus an plean sin a chur in iúl, cuóta bliantúil le haghaidh tuinníní mórshúileacha, tuinníní colgacha an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas agus colgáin an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a thabhairt anonn, pleananna bainistíochta i ndáil le feistí um chomhbhailiú éisc (FAD), an líon baoithe gléasta, ceanglais agus toirmeasc ar thréimhsí FAD, srianta ar an líon soithí a dhéanann iascaireacht ar thuinníní colgacha an Atlantaigh Thuaidh, coinníollacha chun gabháil a údarú agus chun mácónna biorshrónacha a choinneáil, ceanglais chun go dtiocfaidh a oiread turtar mara agus is féidir slán, céatadán íosta an chumhdaigh breathnóra agus tomhas chéatadán an chumhdaigh, agus liosta speicis ICCAT.

    3.   Barúlacha ginearálta

    3.1.

    Measann CESE gur iomchuí agus gur gá moltaí ICCAT a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2006, 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2021, a ionchorprú i ndlí an Aontais, mar pháirtí conarthach i gCoinbhinsiún ICCAT agus, dá bhrí sin, mar fhreagairt ar raon feidhme a inniúlachta agus ar chineál ceangailteach na moltaí sin.

    3.2.

    Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhlíonfadh na páirtithe conarthacha uile na moltaí a ghlac ICCAT d’fhonn dálaí cothroma a áirithiú do na hoibreoirí go léir.

    An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).


    Top