Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XE2974

    Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis An Úcráin an fhóirithint agus an atógáil tograí ó shochaí shibhialta na hEorpa

    EESC 2022/02974

    IO C 365, 23.9.2022, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 365/1


    Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis An Úcráin an fhóirithint agus an atógáil tograí ó shochaí shibhialta na hEorpa

    (2022/C 365/01)

    Bunús dlí

    Riail 52(4) de na Rialacha Nós Imeachta

    Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

    16.6.2022

    Seisiún iomlánach Uimh.

    570

    Toradh na vótála

    (ar son/in aghaidh/staonadh)

    206/2/2

    Príomhtheachtaireachtaí

    1.

    Stádas mar thír is iarrthóir don Úcráin. Tá CESE á iarraidh ar an gComhairle Eorpach stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt don Úcráin ag an gcruinniú a bheidh aici an 23-24 Meitheamh 2022. Ní mór stádas na hÚcráine mar thír is iarrthóir a dheonú gan dochar do phróiseas aontachais na mBalcán Thiar atá fós ar siúl. Tá CESE i bhfabhar lánpháirtiú de réir a chéile bunaithe ar chomhlíonadh an acquis communautaire.

    2.

    Seasann sochaí shibhialta na hEorpa i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine. D’fhreagair an tsochaí shibhialta go pras agus go héifeachtúil, rud a spreag rabharta tacaíochta nach bhfacthas a leithéid riamh i measc na saoránach. Ní mór cúnamh daonnúil a mhéadú agus ba cheart é a chur ar fáil mar thacaíocht dhíreach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna). Ba cheart dlúthbhaint a bheith ag eagraíochtaí neamhrialtasacha speisialaithe, i gcomhar le ESSanna, leis an bpleanáil maidir le cúnamh daonnúil AE agus náisiúnta agus le faireachán a dhéanamh air.

    3.

    Deiseanna a chur ar fáil do dhídeanaithe don todhchaí. Tá sé á iarraidh ag CESE go dtabharfaí na cearta céanna do dhídeanaithe agus a thugtar do shaoránaigh an Aontais maidir le cúram sláinte agus rochtain ar an margadh saothair (aitheantas do cháilíochtaí, rochtain ar sheirbhísí na ngníomhaireachtaí fostaíochta, cúrsaí teanga, córais sláinte agus oideachais), rudaí atá ríthábhachtach chun nach dtiocfaidh méadú ar bhochtaineacht i measc na ndídeanaithe. Is féidir leis na comhpháirtithe sóisialta, tríd an gcómhargáil agus trí bhearta ad hoc, cuidiú le hoibrithe a lánpháirtiú agus gan iad a chur i mbaol an dúshaothraithe agus na dumpála sóisialta. Tá béim ar leith á leagan ag CESE ar ról ESSanna i gcosaint agus in athimeascadh grúpaí leochaileacha a ndéantar dearmad orthu go minic: mionaoisigh neamhthionlactha, leanaí scartha agus leanaí ó shuíomhanna cúraim institiúidigh, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh Romacha agus íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh.

    4.

    Atógáil. Tá cúnamh airgeadais Eorpach agus idirnáisiúnta de dhíth láithreach chun nach scriosfar geilleagar na hÚcráine ina iomláine. Ní mór tacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun tacú le FBManna, le feirmeoirí na hÚcráine don fhómhar seo chugainn agus le sochaí shibhialta na hÚcráine, lena n-áirítear eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn, chun go leanfaidh siad de bheith ag feidhmiú go hiomlán in aimsir chogaidh. Ní mór na hiarrachtaí atógála a chur chun cinn leis an nuálaíocht. Ní mór dlúthbhaint a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena chinntiú gur féidir athchóirithe ar an smacht reachta, an comhrac i gcoinne an éillithe agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach.

    5.

    An ghéarchéim eacnamaíoch. Níor cheart don chogadh an bonn a bhaint de na beartais i ndáil leis an aistriú glas san Aontas. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais na bearta is gá a ghlacadh chun srian a chur le hamhantraíocht iomarcach maidir le tráchtearraí, chun trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú agus chun deireadh a chur go sealadach le gach bac ar allmhairí earraí talmhaíochta d’fhonn géarchéim na bpraghsanna bia a mhaolú. Tá rabhadh á thabhairt aige nach leor ciste Next Generation EU ná an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaineann leis ná an tsolúbthacht faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 atá ann faoi láthair chun na riachtanais airgeadais a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin a chumhdach ina n-iomláine.

    6.

    Ról na Sochaí Sibhialta. Tá caidreamh ag CESE le ESSanna na hÚcráine le fada an lá, rud atá thar a bheith tábhachtach chun na bealaí a choinneáil ar oscailt agus chun rannpháirtíocht i bpróiseas lánpháirtithe an Aontais a chumasú. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit dlús suntasach a chur le fothú acmhainneachta, le tacaíocht eagraíochtúil agus le tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ESSanna na hÚcráine. Molann sé go bhforbrófaí comhpháirtíochtaí idir eagraíochtaí óige an Aontais agus na hÚcráine agus molann sé imeacht a eagrú ina ndíreofaí ar ghníomhaíochas i measc an aosa óig agus ar an ról a bheidh aige sin maidir le hatógáil na hÚcráine amach anseo. Tá CESE tiomanta a ndícheall a dhéanamh chun comhar agus malartuithe idir ESSanna na hÚcráine a neartú agus chun leanúint de dhlúthpháirtíocht agus flaithiúlacht an Aontais i leith na hÚcráine a chur chun cinn. Chuige sin, beidh ócáid á reáchtáil ag CESE le sochaí shibhialta na hÚcráine agus le sochaí shibhialta an Aontais an 19 Iúil in Kraków.

    San am céanna, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE nach féidir na ESSanna neamhspleácha atá fós sa Rúis a thréigean.

    TÁ COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA (CESE)

    1.

    ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine agus á chur in iúl an athuair go gcáineann sé go géar an t-ionsaí gan chúis gan údar a rinne Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine faoi cheannaireacht an Uachtaráin Vladimir Putin, agus tá aird á tarraingt aige ar a rún roimhe seo An Cogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige (1), a glacadh an 24 Márta 2022;

    2.

    á chur in iúl go bhfuil an-chaillteanas mar gheall ar an gcogadh tragóideach seo, atá ar siúl ar ithir na hEorpa le beagnach ceithre mhí anuas; cailleadh líon mór daoine mar thoradh air, sibhialtaigh ina measc, agus ba é ba chúis le scrios agus fulaingt uafásach; tá méadú tagtha ar an mbochtaineacht ar fud an domhain agus rinneadh damáiste doláimhsithe don tsochaí, don gheilleagar agus don chomhshaol, agus tá rabharta dídeanaithe agus daoine easáitithe anois ann nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; á iarraidh go n-urramófaí an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus go ndéanfaí na coireanna cogaidh atá á ndéanamh ag na hionróirí i gcathracha agus i sráidbhailte na hÚcráine a thaifeadadh, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go cuí;

    3.

    á iarraidh go mbeidh sos cogaidh láithreach ó thaobh na bpáirtithe uile de; á athdhearbhú gur cheart réiteach taidhleoireachta a lorg i gcónaí agus á chur i bhfáth gur cheart an cuardach ar chur chuige síochánaíochta agus ar chaibidlíocht a bheith ina thosaíocht ar gach leibhéal den díospóireacht pholaitiúil, agus é á éileamh san am céanna go ndéanfar trúpaí na Rúise a tharraingt siar go hiomlán ón Úcráin; ag tathant ar an Aontas leanúint de chúnamh a thabhairt don Úcráin agus dá muintir, mar a cuireadh ar fáil ó thosaigh an cogadh an chéad lá; á iarraidh go ndéanfar faireachán mionsonraithe ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na smachtbhannaí tar éis fhogha míleata na Rúise;

    4.

    ag tabhairt dá aire go dtéann an cogadh ar theorainn thoir an Aontais i gcoinne stair, fhealsúnacht agus fhéiniúlacht an Aontais; á chur i bhfáth gur bagairt iad iarmhairtí an chogaidh do luachanna an Aontais, do shaoirse agus do chearta shaoránaigh an Aontais agus áitritheoirí eile agus do shamhail Eorpach an gheilleagair shóisialta margaidh; á thabhairt chun suntais gur colúin bhunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh iad an tsíocháin agus an rathúnas agus go raibh ról lárnach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) le fiche nó tríocha bliain anuas maidir le cultúr na síochána a chur chun cinn go gníomhach ar mhór-roinn na hEorpa, maidir le rannchuidiú leis an gcultúr sin agus maidir leis an gcultúr sin a chothabháil;

    5.

    á chur i bhfios go láidir nach mór Cónaidhm na Rúise agus a cuid ionadaithe reatha a chur ar fionraí ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag tosú leis na cinn sin atá dírithe ar shíocháin a choinneáil, ar chearta an duine a chosaint, agus ar fhorbairt inbhuanaithe agus timpeallacht shábháilte a áirithiú;

    An staid dhaonnúil

    6.

    á thabhairt dá aire gur theith níos mó ná 6,8 milliún duine (2) ón Úcráin ó chuir an Rúis tús leis an gcogadh, rud a fhágann gurb í seo an ghéarchéim dídeanaithe is mó fás ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann; á chur in iúl, thairis sin, gur easáitíodh ocht milliún duine laistigh den Úcráin (3) agus go raibh ar thart ar aon trian de dhaonra na hÚcráine teitheadh óna mbaile dá bhrí sin;

    7.

    á aithint go raibh tionchar mór ag rabharta teifeach na hÚcráine ar thíortha Eorpacha, eadhon an Pholainn, an Rómáin, an Ungáir, Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Mholdóiv (4), agus gur thug na tíortha sin agus go háirithe a gcuid ESSanna freagairt ghasta agus éifeachtúil, rud a spreag slógadh deonach saoránach ar an talamh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo;

    8.

    á chur in iúl go láidir nach mór cistí an Aontais don chúnamh daonnúil a mhéadú agus gur cheart iad a eisíoc, go háirithe, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun go dtabharfar tacaíocht dhíreach do ESSanna atá gníomhach i lánpháirtiú socheacnamaíoch na ndídeanaithe agus chun go ndéanfar iad a rannpháirtiú;

    9.

    ag tathant ar na Ballstáit, ar réigiúin an Aontais agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta an leas is éifeachtaí agus is gasta is féidir a bhaint as na deiseanna atá ann tacú le dídeanaithe ón Úcráin a cruthaíodh leis an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE), a mhol an Coimisiún Eorpach an 8 Márta 2022, i gcomhar leis an athbhreithniú ar Rialachán REACT-EU arna mholadh ag an gCoimisiún an 23 Márta 2022; á chur i bhfáth gur cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ENRanna speisialaithe, an tacaíocht sin a dháileadh go príomha agus gur cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach go díreach freisin i gcúnamh daonnúil AE agus náisiúnta a eagrú agus faireachán a dhéanamh air;

    10.

    á mholadh, agus an smacht reachta á urramú san am céanna, athrú cuspóra a chur i bhfeidhm i dtaca le coigiltis arna nginiúint i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 agus san ionstraim REACT-EU chun gur féidir iad a atreorú go tapa agus go solúbtha chun tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe; agus á mholadh ciste ar leith a bhunú chun na críche sin i gcás nach leor na cistí atá ar fáil faoi láthair chun dídeanaithe a ghlacadh agus a lánpháirtiú sa mhargadh saothair agus sóisialta, lena n-áirítear do sheirbhísí cúraim, tithíocht, bia, cúnamh ábhartha, cláir oiliúna agus seirbhísí poiblí fostaíochta;

    11.

    á thabhairt chun suntais gur mheas saoránaigh na hEorpa go raibh an tAontas dá gcosaint agus ag cur deiseanna ar fáil leis an bhfreagairt Eorpach ar ghéarchéim COVID-19, go háirithe trí chlár SURE agus Next Generation EU (NGEU) a chruthú; á chur i dtreis nach leor ciste NGEU, ná an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaineann leis ná an tsolúbthacht faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 atá ann faoi láthair chun na riachtanais airgeadais a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin a chumhdach ina n-iomláine; á thabhairt dá aire, ó thaobh scála de, nár ceapadh na hionstraimí sin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a eascraíonn as ionsaí agus ionradh na Rúise agus infheistíochtaí á gcoinneáil san am céanna i gcláir agus i mbeartais an Aontais, lena n-áirítear tosaíochtaí tábhachtacha amhail an t-aistriú cóir, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach;

    12.

    á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le mapáil agus comhordú níos fearr i measc na ngeallsealbhóirí uile a bhfuil baint acu le cúnamh daonnúil agus cúnamh leighis chun a áirithiú go gcabhraítear go tapa agus go héifeachtúil le gach duine atá thíos leis an gcogadh;

    13.

    á chur i bhfios go láidir nach mór bearta agus gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh i réimsí éagsúla amhail urraim do chearta an duine agus coireanna cogaidh a dhoiciméadú agus á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bhunaigh an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe Grúpa Comhairleach maidir le Coireanna Ainghníomhacha;

    14.

    á chur i bhfáth gur cheart rochtain ar an gcóras sláinte poiblí a chur ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin ar an mbonn céanna le saoránaigh an Aontais, chomh maith le rochtain ar chúnamh riachtanach sláinte gnéis agus atáirgthe, ar fhrithghiniúint éigeandála agus ar chúram ginmhillte agus cúram cnáimhseach d’íospartaigh éignithe;

    15.

    á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na mionaoisigh neamhthionlactha, ar leanaí scartha agus ar leanaí ó shuíomhanna cúraim institiúidigh ón Úcráin, chun a áirithiú go bhfreastalófar ar a bpríomhriachtanais, go ndéanfar iad a shainaithint agus a rianú i gceart agus go roinnfear sonraí idir na Ballstáit d’fhonn iad a athaontú lena dteaghlaigh nó iad a athimeascadh i sochaí na hÚcráine ar ball, agus é á ráthú san am céanna go gcosnófar iad ar mhí-úsáid nó ar gháinneáil daoine;

    16.

    á thabhairt chun suntais staid uafásach daoine faoi mhíchumas atá ag iarraidh na limistéir chogaidh san Úcráin a fhágáil, nó a bhfuil dúshláin shuntasacha rompu mar dhídeanaithe i dtíortha óstacha; á áitiú gur cheart caitheamh go cothrom le gach dídeanaí, gan beann ar a gcúlra eitneach, a náisiúntacht ná a míchumas; á chur in iúl, i gcás daoine faoi mhíchumas, gur cheart dóibh cúnamh iomlán a fháil maidir le saol neamhspleách a bhunú agus nár cheart iallach a chur orthu dul isteach in institiúidí i dtíortha óstacha;

    17.

    á chur i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht i margadh an tsaothair ríthábhachtach maidir le lánpháirtiú agus maidir leis na leibhéil bochtaineachta a laghdú; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go mbeidh na dídeanaithe ón Úcráin ar na dídeanaithe is lú cosanta, go bhfaighidh siad an pá is ísle, go mbeidh siad ag obair faoi bhun a gcáilíochtaí, agus go mbeidh siad ar na grúpaí is leochailí i margadh an tsaothair gan cosaint shóisialta, saoirse comhlachais ná cearta oibrithe acu; ag leagan béim, i ndáil leis sin, ar an ngá le haghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar chásanna ina bhfuil dálaí oibre éagothroma ann agus a áirithiú go mbeidh na cearta céanna ag oibrithe agus atá ag saoránaigh an Aontais agus nach mbeidh siad i mbaol an dúshaothraithe agus na dumpála sóisialta; á iarraidh go ndearfaí straitéisí meántéarmacha agus fadtéarmacha do na hÚcránaigh sin ar mian leo fanacht ina dtír óstach, chun iad a lánpháirtiú go hiomlán i margaí saothair an Aontais;

    18.

    á chur i dtreis gur féidir ról ríthábhachtach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta tríd an gcómhargáil agus trí bhearta agus comhaontuithe ad hoc chun lánpháirtiú oibrithe ón Úcráin i margadh saothair an Aontais a éascú; á chur in iúl gur cheart do ghníomhaireachtaí fostaíochta tacú le dídeanaithe lena raon iomlán seirbhísí, lena n-áirítear comhairleoireacht, ullmhú próifílí iarratasóirí, gníomhaíochtaí socrúcháin agus uirlisí tacaíochta a thairiscint agus á iarraidh ar na Ballstáit seirbhísí a bhunú le dídeanaithe a mheaitseáil le fostóirí ionchasacha, nó tacú leis na seirbhísí sin;

    19.

    á chur in iúl go láidir gur réamhriachtanas ríthábhachtach é aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí d’fhonn dídeanaithe ón Úcráin a lánpháirtiú i margadh saothair na dtíortha óstacha agus d’fhonn coinníollacha fostaíochta forbhásacha a sheachaint; ag tathant go mbunófaí rialacha agus treoirlínte éifeachtúla chun aitheantas gasta ach cúramach a thabhairt do cháilíochtaí, chun rochtain a fháil ar chúrsaí teanga agus chun rochtain a fháil ar an oideachas agus ar an ngairmoiliúint do dhaoine óga atá ar a dteitheadh ón Úcráin;

    20.

    á chur i bhfios go láidir nach mór gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir le daoine fásta agus leanaí atá ag lorg tearmainn san Aontas leanúint dá gconair oideachais agus á chur i dtreis nach mór aird ar leith a thabhairt ar leibhéal na scoile, ní hamháin ar bhacainní teangeolaíocha a shárú, ach ar an gcaoi a ndeileáiltear le comharthaí tráma freisin, a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha fadtéarmacha a bheith acu;

    21.

    á chur i bhfios go láidir go gcaithfear an rochtain chéanna ar chórais slándála sóisialta agus ar sheirbhísí sóisialta agus atá ag saoránaigh an Aontais a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin;

    Atógáil na hÚcráine agus peirspictíocht an Aontais Eorpaigh

    22.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bunaíodh “ardán atógála don Úcráin” ar an leibhéal idirnáisiúnta, dá bhforáiltear sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Fóirithint agus atógáil na hÚcráine agus gur díol sásaimh dó freisin an príomhról a ghlac an tAontas maidir le cúnamh idirnáisiúnta a chur ar fáil don Úcráin;

    23.

    á iarraidh ar an Aontas Eorpach cistiú éigeandála a chur ar fáil do FBManna san Úcráin, ar cheart é a úsáid ar dtús chun na FBManna sin a chaomhnú agus chun a bhfás a chur chun cinn ina dhiaidh sin. Ní mór é a bheith mar phríomhchuspóir eile d’iarrachtaí an Aontais san Úcráin cosc a chur ar scriosadh iomlán gheilleagar na hÚcráine;

    24.

    á chur i dtreis gur rud aonuaire é atógáil iarchogaidh na hÚcráine ar cheart di rannchuidiú le sochaí shibhialta níos láidre a chothú agus geilleagar nua a fhorbairt, a bheidh bunaithe ar na teicneolaíochtaí glasa agus digiteacha is déanaí, agus é sin á spreagadh freisin ag an nuálaíocht;

    25.

    ag áitiú, áfach, nach féidir athchóirithe ar an smacht reachta, an comhrac i gcoinne an éillithe ná an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a leagtar béim orthu, a bhaint amach gan fíor-rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus á iarraidh go mbeadh dlúthbhaint ag ESSanna le hiarrachtaí atógála, lena n-áirítear an sásra “Rebuild Ukraine” a phleanáil agus a chur chun feidhme, ós rud é gurb iad is fearr atá in ann riachtanais shaoránaigh na hÚcráine a chur in iúl agus cabhrú leis an obair leantach maidir le hiarrachtaí atógála agus ailíniú le reachtaíocht an Aontais;

    26.

    á chur in iúl nár cheart don choinbhleacht agus na hiarmhairtí a bhaineann léi an bonn a bhaint de na beartais i ndáil leis an aistriú glas san Aontas ach gur cheart dlús a chur lena gcur chun feidhme;

    27.

    ag tathant ar an gComhairle agus ar an bParlaimint féachaint ar úsáid a bhaint as saoráidí stórála gáis i dtríú tíortha comharsanachta, rud a thabharfaidh breisluach maidir le slándáil an tsoláthair, go háirithe san Úcráin;

    28.

    ag tarraingt aird ar an ngéarchéim dhomhanda maidir le praghas an bhia atá dulta in olcas mar gheall ar chogadh na hÚcráine agus tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais na bearta is gá a dhéanamh chun srian a chur le hamhantraíocht iomarcach maidir le tráchtearraí agus chun trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú;

    29.

    á chur i dtreis nach mór bearta a dhéanamh anois chun tacú le feirmeoirí na hÚcráine don fhómhar seo chugainn; á iarraidh, ina theannta sin, go mbainfí láithreach ar bhonn sealadach, na constaicí ar fad, idir chonstaicí riaracháin agus chonstaicí fhisiciúla, ar ghluaiseacht earraí talmhaíochta d’fhonn líon na n-allmhairí chuig margadh inmheánach an Aontais a mhéadú go mear, agus chuig áiteanna eile ar domhan amhail an Afraic, in earnálacha inar féidir leis an Úcráin onnmhairiú fós; á iarraidh go ndéanfaí calafoirt na hÚcráine a athoscailt láithreach bonn agus go ndéanfaí an limistéar a dhímhianú faoi choimirce na Náisiún Aontaithe chun onnmhairiú táirgí talmhaíochta amhail arbhar, ola lus na gréine, síolta lus na gréine, pónairí soighe agus mil a cheadú;

    30.

    á iarraidh ar an gComhairle Eorpach stádas iarrthóra ar bhallraíocht AE a thabhairt don Úcráin ina cruinniú i mí an Mheithimh 2022;

    31.

    ag tacú le haontachas na hÚcráine leis an Aontas, bunaithe ar fhiúntas agus i gcomhréir le caighdeáin chomhaontaithe maidir le haontachas leis an Aontas; á iarraidh, gan dochar do phróiseas aontachais na mBalcán Thiar atá fós ar siúl (5), go ndéanfaí an beartas comhtháthaithe agus a ionstraimí airgeadais a oiriúnú dá réir sna blianta atá le teacht chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hatógáil iarchogaidh na tíre; á iarraidh go ndéanfaí anailís chríochnúil ar an acmhainneacht eacnamaíoch agus shóisialta a bhainfeadh leis an Úcráin a chomhtháthú sa Mhargadh Aonair;

    32.

    á chur in iúl gur féidir leis an Aontas Eorpach céimeanna a chur i bhfeidhm de réir a chéile, gan na caighdeáin ballraíochta a ísliú, chun an acquis communautaire a bhaint amach; á chur i bhfáth, i bhfianaise aon ionsaí míleata, nach mór an aontacht idir Ballstáit AE a bheith ina riail i gcónaí maidir leis an mbeartas um méadú; á mholadh go bhféachfaí ar bhealaí eile chun gur féidir le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad páirt a ghlacadh in ollstruchtúr eacnamaíoch, sóisialta agus slándála na hEorpa; á chur in iúl, áfach, nár cheart féachaint ar na comhpháirtíochtaí ná ar na comhlachais sin mar rogha mhalartach ar bhallraíocht an Aontais;

    Tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta

    33.

    á thabhairt chun suntais ról Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i ndáil le hidirchaidreamh a dhéanamh le ESSanna na hÚcráine agus bealaí a choinneáil ar oscailt leo a bhuíochas dá stair fhada de theagmhálacha déthaobhacha idir an tAontas agus sochaí shibhialta na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, an méid a baineadh amach le sásraí seanbhunaithe, go háirithe Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine agus grúpaí comhairleacha baile de chuid an Aontais agus na hÚcráine a bunaíodh faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin; á iarraidh ar an Aontas tacú le rannpháirtíocht ESSanna na hÚcráine i líonraí ESS an Aontais Eorpaigh;

    34.

    á chur i dtábhacht an gá atá leis an bpróiseas fothaithe acmhainneachta a sheoladh do ESSanna na hÚcráine chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i bpróiseas lánpháirtithe an Aontais agus chun cur ar a gcumas an próiseas sin a mhúnlú agus faireachán a dhéanamh air;

    35.

    á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an tacaíocht do shochaí shibhialta na hÚcráine, lena n-áirítear eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn, trí chistí tiomnaithe AE, chun go leanfaidh siad de bheith ag feidhmiú go hiomlán in aimsir chogaidh; ag tabhairt rabhaidh i gcoinne iarrachtaí an cogadh a úsáid chun údar a thabhairt do ghníomhaíochtaí chun cosaint chearta na n-oibrithe agus cosaint shóisialta a laghdú, rud a chuirfeadh le hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta an chogaidh;

    36.

    á chur chun suntais an ról atá ag na ESSanna Eorpacha sin a bhíonn ag lorg réitigh síochánaíochta agus a thugann aghaidh go gníomhach ar thionchair éagsúla na géarchéime san Úcráin ó thaobh cúrsaí sóisialta, daonnúla, eacnamaíocha agus polaitiúla de; agus ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé tacaíocht chuimsitheach agus cúnamh cuimsitheach a chur ar fáil dóibh trí chláir arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a ceapadh go sonrach chun na críche sin;

    37.

    á chur in iúl gur geal leis an méid a rinne ESSanna ó Bhallstáit an Aontais go dtí seo chun tacaíocht a chur ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin, cabhair ar mó í ná an chabhair a thug na húdaráis ábhartha phoiblí; á iarraidh ar na Ballstáit dlús suntasach a chur lena dtacaíocht eagraíochtúil agus airgeadais do na heagraíochtaí sin, lena n-áirítear ó chistí de chuid an Aontais Eorpaigh;

    38.

    á mholadh go gcuirfí daoine óga atá ar a dteitheadh ón Úcráin san áireamh i gcláir malartaithe ollscoile AE agus tá béim a leagan aige ar a thábhachtaí atá sé daoine óga na hEorpa, a thacaíonn le luachanna na hEorpa, a shlógadh agus cumas na ndaoine sin a neartú; ag spreagadh comhpháirtíochtaí idir Comhairlí Náisiúnta Óige AE agus na hÚcráine, chomh maith le malartuithe idir daoine óga ón Aontas agus ón Úcráin agus eagraíochtaí óige. D’fhéadfaí a áireamh ar an gcomhar sin eagrú imeachta ina ndíreofaí ar ghníomhaíochas i measc an aosa óig agus ar an ról a bheidh aige sin maidir le hatógáil na hÚcráine amach anseo;

    39.

    á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do bhainc bhia a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na bacainní a bhaineann le deonú bia, ós rud é go bhfuil cúnamh bia bunriachtanach chun freastal ar riachtanais éigeandála mhuintir agus dhídeanaithe na hÚcráine;

    40.

    á chur i dtábhacht an gá atá ann leanúint de thacaíocht idirnáisiúnta a thabhairt do ESSanna ón Úcráin agus ó thíortha eile atá ag troid ar son chosaint an chomhshaoil agus á aithint go mbeidh tionchar tromchúiseach ag an gcoinbhleacht ar an gcomhshaol;

    41.

    á chur chun suntais an gá atá ann tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do mheáin neamhspleácha ardcháilíochta agus do sheiceálaithe fíricí ardcháilíochta, lena n-áirítear i gcomharsanacht an Aontais, ós rud é go bhfuil siad ríthábhachtach chun athléimneacht i gcoinne na bolscaireachta agus na bréagaisnéise a neartú; á iarraidh ar an Aontas feachtas frithbholscaireachta níos láidre a chur chun feidhme, go háirithe i dtríú tíortha san Afraic agus san Áise, chun gníomhú in aghaidh an chogaidh bréagaisnéise;

    42.

    á chur in iúl gur cúis mhór imní dó staid na sochaí sibhialta neamhspleách sa Rúis agus staid na meán agus na n-iriseoirí a chuireann foinsí malartacha faisnéise ar fáil do shaoránaigh na Rúise d’fhonn bolscaireacht na Rúise a chomhrac; á iarraidh go dtabharfadh an tAontas tacaíocht do na ESSanna agus do na daoine aonair sin ar mian leo leanúint dá ngníomhaíochtaí sa Rúis agus go mbeadh víosaí daonnúla ar fáil do ghníomhaithe na sochaí sibhialta atá toilteanach an tír a fhágáil; á chur in iúl go bhfuil roinnt eagraíochtaí Rúiseacha ag cabhrú le hÚcránaigh ar easáitíodh iad sa Rúis, an tAontas Eorpach nó iarthar na hÚcráine a bhaint amach agus go bhfuil tacaíocht shonrach de dhíth ar na heagraíochtaí sin chun víosaí a fháil do dhídeanaithe ón Úcráin atá toilteanach an Rúis a fhágáil;

    43.

    tiomanta a ndícheall a dhéanamh chun comhar agus malartuithe le ESSanna na hÚcráine a neartú, agus chun leanúint de dhlúthpháirtíocht agus flaithiúlacht an Aontais i leith na hÚcráine a chur chun cinn agus tá sé réidh a shaineolas maidir leis an idirphlé sóisialta agus sibhialta a chomhdhlúthú a chur ar fáil d’údaráis an Aontais agus d’údaráis na hÚcráine. Chuige sin, beidh ócáid á reáchtáil ag CESE le sochaí shibhialta na hÚcráine agus le sochaí shibhialta an Aontais an 19 Iúil in Kraków.

    An Bhruiséil, 16 Meitheamh 2022.

    Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    Christa SCHWENG


    (1)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 1.

    (2)  UNHCR – 31 Bealtaine.

    (3)  UNHCR – 23 Bealtaine.

    (4)  UNHCR – 31 Bealtaine.

    (5)  Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige (IO C 290, 29.7.2022, lch. 1).


    Top