Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0459

    Cás T-459/22: Caingean arna tabhairt an 21 Iúil 2022 – Laboratorios Ern v EUIPO – Biolark (BIOLARK)

    IO C 340, 5.9.2022, p. 55–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 340/55


    Caingean arna tabhairt an 21 Iúil 2022 – Laboratorios Ern v EUIPO – Biolark (BIOLARK)

    (Cás T-459/22)

    (2022/C 340/75)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Laboratorios Ern, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: S. Correa Rodríguez, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Biolark, Inc. (San Diego, California, na Stáit Aontaithe)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le marc fíortha BIOLARK – Clarú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 453 505

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Aibreán 2022 i gCás R 1234/2021-5

    An t-ordú atá á lorg

    Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm agus ainmniúchán Eorpach an trádmhairc idirnáisiúnta Uimh.1 453 505 a dhiúltú do na hearraí agus seirbhísí go léir;

    a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc, agus i gcás go gcinnfidh Biolark Inc. idirghabháil a dhéanamh sna himeachtaí seo, a ordú do Biolark Inc. costais na n-imeachtaí a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top