Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022M10700

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10700 – HY24 / ENAGAS / ENAGAS RENOVABLE) Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) 2022/C 201/11

PUB/2022/517

IO C 201, 18.5.2022, pp. 94–95 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

18.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 201/94


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10700 – HY24 / ENAGAS / ENAGAS RENOVABLE)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 201/11)

1.   

An 11 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

HY24 SAS (“HY24”, an Fhrainc), faoi rialú comhpháirteach Ardian SAS (“Ardian”, an Fhrainc) agus FiveT Group AG (“FiveT Group”, an Eilvéis),

Enagás, S.A. (“Enagás”, an Spáinn),

Enagás Renovable, S.L.U. (“Enagás Renovable”, an Spáinn), faoi rialú aonair Enagás faoi láthair.

Gheobhaidh HY24 SAS agus Enagás rialú comhpháirteach ar Enagás Renovable de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is grúpa cothromais phríobháidigh é Ardian ina bhfuil cuideachtaí bainistíochta agus cistí infheistíochta éagsúla a infheistíonn i gcuideachtaí a bhfuil baint acu le réimse leathan gnólachtaí (amhail earnálacha cúraim sláinte, bonneagair, fuinnimh, earraí tomhaltóra nó teicneolaíochtaí nua) ar fud an domhain,

Is cuideachta sealbhaíochta grúpa cistí é FiveT Group atá bunaithe san Eilvéis, ina bhfuil FiveT Hydrogen ina chiste bonneagair príobháideach glan atá tiomnaithe do mhaoiniú tionscadal chun hidrigin ghlan a tháirgeadh, a stóráil agus a dháileadh,

Is cuideachta tarchurtha gáis nádúrtha Spáinneach agus Bainisteoir Teicniúil ar chóras gáis na Spáinne é Enagás,

Tá Enagás Renovable gníomhach i bhforbairt tionscadal i réimse na ngás in-athnuaite agus an dícharbónaithe.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chaitheamh leis faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10700 – HY24 / ENAGAS / ENAGAS RENOVABLE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Top