Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 11997D/TXTR(04)

    Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, sínithe ag Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997 ( IO C 340 Eagrán Speisialta Gaeilge, 10.11.1997 )

    IO C 378, 23.12.2011, p. 7–7 (GA)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/ams/corrigendum/2011-12-23/2/oj

    23.12.2011   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C NaN/7


    MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH

    maidir le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, sínithe ag Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997

    ( IO C 340 Eagrán Speisialta Gaeilge, 10 Samhain 1997 )

    2011/C 378/03

    Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 2 Nollaig 2011 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.

    1.

    Sa Phrótacal maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 7a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn:

    (a)

    Airteagal 1:

    (i)

    leathanach 97, an chéad mhír:

    in ionad:

    “…, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal cibé rialuithe a mheasfaidh sí is gá a fheidhmiú ag a teorainneacha le Ballstáit eile ar dhaoine ag lorg iontráil sa Ríocht Aontaithe:

    (a)

    d'fhonn a fhíorú an bhfuil an ceart chun iontráil sa Ríocht Aontaithe ag …”,

    léitear:

    “…, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal cibé rialuithe a mheasfaidh sí is gá a fheidhmiú ag a teorainneacha le Ballstáit eile ar dhaoine atá ag iarraidh teacht isteach sa Ríocht Aontaithe:

    (a)

    d'fhonn a fhíorú an bhfuil an ceart chun teacht isteach sa Ríocht Aontaithe ag saoránaigh …”;

    (ii)

    leathanach 97, an chéad mhír:

    in ionad:

    “(b)

    d'fhonn a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar cead do dhaoine eile iontráil sa Ríocht Aontaithe.”,

    léitear:

    “(b)

    d'fhonn a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar cead do dhaoine eile teacht isteach sa Ríocht Aontaithe.”;

    (b)

    leathanach 98, i dtéacs Airteagal 3, an chéad mhír:

    in ionad:

    “Beidh na Ballstáit eile i dteideal rialuithe den sórt sin a fheidhmiú ag a dteorainneacha nó ag aon phointe iontrála ar a gcríocha ar dhaoine ag lorg iontráil ar a gcríocha ón Ríocht Aontaithe nó ó aon chríocha a bhfuil sí freagrach as a gcaidreamh seachtrach chun na gcríoch céanna atá luaite in Airteagal 1 den Phrótacal seo, nó ó Éirinn fad a bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn.”,

    léitear:

    “Beidh na Ballstáit eile i dteideal rialuithe den sórt sin a fheidhmiú ag a dteorainneacha nó ag aon phointe teacht isteach ina gcríocha ar dhaoine atá ag iarraidh teacht isteach ina gcríocha ón Ríocht Aontaithe nó ó aon chríocha a bhfuil sí freagrach as a gcaidreamh seachtrach chun na gcríoch céanna atá luaite in Airteagal 1 den Phrótacal seo, nó ó Éirinn fad a bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn.”.

    2.

    Leathanach 99, sa Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, in Airteagal 3(1), sa chéad abairt:

    in ionad:

    “…, gur mian léi bheith rannpháirteach le linn aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh …”,

    léitear:

    “…, gur mian léi bheith rannpháirteach in aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh …”.


    Top