Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Doiciméad 62020CJ0128

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Iúil 14.
GSMB Invest GmbH & Co. KG v Auto Krainer Gesellschaft m.b.H.
Tarchur chun réamhrialú — Comhfhogasú dlíthe — Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 — Cineálcheadú mótarfheithiclí — pointe 10 d’Airteagal 3 — Airteagal 5(1) agus (2) — Feiste sháraithe — Mótarfheithiclí — Inneall díosail — Astaíochtaí truailleán — Córas rialaithe astaíochta — Bogearraí comhtháite sa ríomhaire rialaithe inneall — Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) — Laghdú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” — Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí — Airteagal 5(2)(a) — Eisceacht ón dtoirmeasc seo.
Cás C-128/20.

Aitheantóir ECLI: ECLI:EU:C:2022:570

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

14 Iúil 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Comhfhogasú dlíthe — Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 — Cineálcheadú mótarfheithiclí — pointe 10 d’Airteagal 3 — Airteagal 5(1) agus (2) — Feiste sháraithe— Mótarfheithiclí — Inneall díosail — Astaíochtaí truailleán — Córas rialaithe astaíochta — Bogearraí comhtháite sa ríomhaire rialaithe inneall — Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) — Laghdú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” — Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí — Airteagal 5(2)(a) — Eisceacht ón dtoirmeasc seo)

I gCás C-128/20,

iarraidh ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Landesgericht Klagenfurt (Cúirt Réigiúnach, Klagenfurt, an Ostair), trí bhreith an 19 Feabhra 2020, a fuarthas ag an gCúirt an lá céanna, sna himeachtaí idir

GSMB Invest GmbH & Co. KG

agus

Auto Krainer GesmbH,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

Agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, I. Ziemele agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, T. von Danwitz, F. Biltgen, P. G. Xuereb (Rapóirtéir), N. Piçarra agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

GSMB Invest GmbH & Co. KG, ag T. Kainz, Rechtsanwalt,

Auto Krainer GesmbH, ag H. Gärtner, F. Gebert, F. Gonsior, C. Harms, N. Hellermann, F. Kroll, M. Lerbinger, S. Lutz-Bachmann, L.‑K. Mannefeld, K.‑U. Opper, H. Posser, J. Quecke, K. Schramm, W. F. Spieth, J. von Nordheim, K. Vorbeck, B. Wolfers agus B. Wollenschläger, Rechtsanwälte,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus D. Klebs, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag M. Huttunen agus M. Noll-Ehlers, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 23 Meán Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar phointe 10 d’Airteagal 3, agus Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO 2007 L 171, lch. 1).

2

Rinneadh an iarraidh sin i gcomhthéacs díospóide idir GSMB Invest GmbH & Co. KG agus Auto Krainer GesmbH maidir le hiarratas ar chealú conradh díolacháin le haghaidh mótarfheithicil atá feistithe le bogearraí a laghdaíonn athshruthú thruailleáin ghásacha na feithicle de réir na teochta agus na hairde a bhraitear.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán Uimh. 715/2007

3

De réir aithrisí 1 agus 6 de Rialachán Uimh. 715/2007:

“(1)

[...] ba chóir na riachtanais theicniúla a bhaineann le comhchineálú mótarfheithiclí maidir le hastaíochtaí a chomhchuibhiú sa dóigh nach mbeadh riachtanais dhifriúla i mBallstáit áirithe seachas a chéile agus chun ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú.

[...]

(6)

Is gá, go háirithe, laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine ó fheithiclí díosail chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus chun luachanna teorantacha truaillithe a chomhlíonadh. [...]”

4

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin:

“Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais chomhchoiteanna teicniúla maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí (‘feithiclí’) agus páirteanna athsholáthair, ar nós feistí athsholáthair rialaithe truaillithe, i dtaca lena n-astaíochtaí.”

5

Luaitear an méid seo a leanas i bpointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin:

“Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha a bheart cur chun feidhme, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

10)

ciallaíonn ‘feiste sháraithe’ aon eilimint dearaidh lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle.”

6

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán sin:

“1.   Léireoidh déantóirí go bhfuil gach feithicil nua a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme. Léireoidh déantóirí chomh maith go mbeidh gach feiste athsholáthair rialaithe truaillithe nua a mbeidh cineálcheadú riachtanach dóibh a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís sa Chomhphobal cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena bhearta cur chun feidhme.

Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5 a chomhlíonadh.

2.   Cinnteoidh déantóirí go gcomhlíonfar nósanna imeachta cineálcheadaithe chun comhréireacht táirgeachta, marthanacht feistí rialaithe truaillithe agus comhréireacht inseirbhíse a fhíorú.

Chomh maith leis sin, caithfidh na bearta teicniúla a ghlacfaidh an déantóir a áirithiú go gcuirfear srian i gceart le hastaíochtaí sceithphíopa agus galaithe, de bhun an Rialacháin seo, ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí agus iad á dtiomáint faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. [...]

[...]”

7

Foráiltear le hAirteagal 5(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 715/2007:

“1.   Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna deartha, déanta agus cóimeáilte ar dhóigh go bhféadfaidh an fheithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme a chomhlíonadh.

2.   Toirmiscfear úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtúlacht na gcóras rialaithe astaíochtaí. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sna cásanna seo a leanas:

a)

i gcás ina mbeidh call leis an bhfeiste chun an t‑inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n‑oibreoidh an fheithicil go sábháilte;

b)

i gcás nach n‑oibreoidh an fheiste ach chun críocha an t‑inneall a dhúiseacht;

c)

i gcás ina bhfolófar go suntasach sna nósanna imeachta tástála coinníollacha chun astaíochtaí galaithe agus meánastaíochtaí ó sceithphíopaí a fhíorú.”

8

Leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, dar teideal “Teorainneacha astaíochtaí”, inter alia na luachanna teorantacha astaíochta ocsaíde nítrigine (NOx).

Rialachán Uimh. 692/2008;

9

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán Uimh. 715/2007 (IO 2008 L 199, lch. 1), a leasú le Rialachán (AE) Uimh. 566/2011 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2011 (IO 2011 L 158, lch. 1) (“Rialachán Uimh. 692/2008”). Ón 1 Eanáir 2022, rinneadh Rialachán Uimh. 692/2008 a aisghairm le Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 715/2007, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán Uimh. 692/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n‑aisghairtear Rialachán Uimh. 692/2008 (IO 2017 L 175 lch. 1). Mar sin féin, i bhfianaise dháta fhíorais na díospóide sna príomhimeachtaí, tá feidhm fós ag Rialachán Uimh. 692/2008 maidir leis na príomhimeachtaí sin.

10

Foráiltear le hAirteagal 1 de Rialachán Uimh. 692/2008 an méid seo a leanas:

“Leagtar síos leis an Rialachán seo na forálacha maidir le cur chun feidhme Airteagail 4, 5 agus 8 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht i bpointe 18 d’Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 692/2008:

“Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

18.

Ciallaíonn ‘córas rialaithe astaíochtaí’, i gcomhthéacs chóras DAB [(córais dhiagnóiseacha ar bord)], an córas leictreonach bainistíochta innill agus aon chomhpháirt a bhaineann le hastaíochtaí an sceithchórais nó le hastaíochtaí galaithe lena soláthraítear sonraí ionchuir don ríomhaire sin nó a fhaigheann sonraí aschuir ón ríomhaire sin.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Foráladh le hAirteagal 3(9) den Rialachán sin:

“Ní bheidh feidhm ag an tástáil a bhaineann le hastaíochtaí ísle teochta de Chineál 6 atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII maidir le feithiclí díosail.

Mar sin féin, nuair a iarrfar cineálcheadú, soláthróidh déantóirí sonraí don údarás ceadaithe lena dtaispeánfar go mbaineann an fheiste iarchóireála [ocsaíd nítrigine (NOx)] teocht sách ard amach d’oibriú éifeachtúil laistigh de 400 soicind tar éis fuarthosú ag – 7 [gcéim Celsius] mar atá tuairiscithe i dtástáil Chineál 6.

Ina theannta sin, tabharfaidh an déantóir faisnéis don údarás ceadaithe maidir le straitéis oibriúcháin an chórais athshruthaithe gáis sceite (AGS), lena n-áirítear a fheidhmiú ag teocht íseal.

Áireofar san fhaisnéis sin freisin tuairisc ar aon éifeachtaí ar astaíochtaí.

Ní dheonóidh an t‑údarás ceadaithe cineálcheadú i gcás nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear chun a léiriú go mbaineann an fheiste iarchóireála teocht sách ard amach lena hoibriú go héifeachtach laistigh den tréimhse ainmnithe.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13

Foráiltear le hAirteagal 10 den Rialachán sin, dar teideal “Bearta chun truailliú a chomhrac”, i mír 1:

“Áiritheoidh an déantóir go mbeidh cineálcheadú CE faighte ag feistí athsholáthair rialaithe truaillithe atá ceaptha lena bhfeistiú ar fheithiclí a bhfuil cineálcheadú CE faighte acu agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 mar aonad teicniúil ar leith de réir bhrí Airteagal 10(2) de Threoir 2007/46/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí, a leantóirí agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO 2007 L 263, lch. 1), i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 agus le hIarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 692/2008, dar teideal “Forálacha riaracháin do chineálcheadú CE”, i bpointe 3.3, dar teideal “Síntí a bhaineann le marthanacht feistí rialaithe truaillithe (Tástáil Chineál 5)”:

“3.3.1.

Leathnófar an cineálcheadú chuig cineálacha éagsúla feithiclí, ar choinníoll gurb ionann na paraiméadair feithicle, innill nó córais rialaithe truaillithe a shonraítear thíos nó go bhfanfaidh siad laistigh de na lamháltais fhorordaithe:

3.3.1.1.

Feithicil:

[...]

3.3.1.2.

Inneall:

[...]

3.3.1.3.

Paraiméadair an chórais rialaithe truaillithe:

a)

Tiontairí catalaíocha agus scagairí cáithníní:

[...]

[...]

c)

AGS (athshruthú gáis sceite):

le nó gan

cineál (fuaraithe nó neamhfhuaraithe, rialú gníomhach nó éighníomhach, ardbhrú nó brú íseal).

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na hOstaire

15

Foráiltear le hAirteagal 879(1) den Allgemeines bürgerliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta Ginearálta), sa leagan is infheidhme maidir leis an gcás sna príomhimeachtaí (“ABGB”):

“Beidh aon chonradh lena sáraítear toirmeasc dlí nó atá contrártha do phrionsabail na moráltachta a bhfuil glacadh leo, ar neamhní.”

16

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 932(1) agus (4) de ABGB:

“ (1)   I gcás fabht, féadfaidh faighteoir an ruda a éileamh go ndéanfar feabhsú (deisiú nó soláthar an ruda atá ar iarraidh), athsholáthar an ruda, laghdú cuí ar an gcomaoin (laghdú ar an bpraghas) nó an conradh a chealú (neamhniú).

[...]

(4)   Má tá sé dodhéanta feabhsú agus athsholáthar a dhéanamh ar an rud nó má bhíonn costais dhíréireacha ag ghabháil leis, tá an faighteoir i dteideal laghdú a fháil ar an bpraghas nó, mura bhfuil ach mionfhabht air, beidh sé i dteideal neamhnithe. [...]”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuirtear

17

An 9 Eanáir 2011, thug GSMB Invest conradh i gcrích le Auto Krainer chun mótarfheithicil de bhranda Volkswagen a dhíol, múnla Caddy Maxi Comfortline 4 Motion TDI, atá feistithe le hinneall díosail de chineál EA 189 de ghlúin Euro 5, ag a bhfuil toilleadh sorcóra 2 lítear, le comhla athshruthaithe gáis sceite (“an chomhla AGS”).

18

An 27 Nollaig 2017, thaisc GSMB Invest caingean os comhair Landesgericht Klagenfurt (Cúirt Réigiúnach, Klagenfurt, an Ostair), arb í an chúirt a rinne an tarchur, ag iarraidh an conradh díolacháin sin a neamhniú, ar bhonn Airteagal 879(1) agus Airteagal 932(4) ABGB, in aghaidh táille úsáideora a íoc.

19

Mar thaca leis an gcaingean a dhéanann sé, maíonn GSMB Invest gur chreid sé, agus an fheithicil lena mbaineann á ceannach, go bhfuair siad feithicil nua atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear, inter alia, gáis sceite a chomhlíonann na caighdeáin dhlíthiúla atá i bhfeidhm. Tar éis nuashonrú na mbogearraí atá ionchorpraithe san áireamhán rialaithe innill atá feistithe ar an bhfeithicil sin, arna dhéanamh ag Volkswagen an 9 Bealtaine 2017, ní bheidh an t-íonú gáis sceite ag feidhmiú ach amháin nuair atá an teocht sheachtrach idir 15 agus 33 chéim Celsius agus nuair atá an airde tiomána níos lú ná 1000 méadar (“an fhuinneog theochta”). Córas lasctha neamhdhleathach a bheadh san fhuinneog theochta sin toisc nach bhféadfaí údar a thabhairt dó le haon cheann de na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007. Go háirithe, ní bheadh laghdú ar íonú gáis sceite de bharr na fuinneoige teochta ag cosaint inneall na feithicle lena mbaineann ó dhamáiste díreach.

20

Áitíonn Auto Krainer go n-úsáideann gach déantóir feithiclí díosail de chatagóir Euro 5 fuinneog theochta den sórt sin agus measann Kraftfahrt-Bundesamt (Údarás na Cónaidhme um Mótar-Iompar, an Ghearmáin), an t-údarás cineálcheadaithe is inniúil sa Ghearmáin, gur beart dleathach é an fhuinneog theochta sin faoi Rialachán Uimh. 715/2007. Ina theannta sin, agus nuashonrú na mbogearraí lena mbaineann á sheiceáil, bheadh sé faighte amach ag an údarás seo nach raibh aon tionchar diúltach aige ar mharthanacht na bhfeistí laghdaithe truaillithe.

21

Measann an chúirt a rinne an tarchur gur mar thoradh ar phointe 10 d’Airteagal 3 agus Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007 gur feiste sháraithe neamhdhleathach é an fhuinneog theochta. Go deimhin, i bhformhór thíortha an Aontais Eorpaigh go háirithe sa Ghearmáin, agus san Ostair, is minic a bheadh an teocht chomhthimpeallach faoi bhun 15 chéim Celsius i rith na bliana agus, i bhfianaise thopagrafaíocht na dtíortha sin, is minic a bheadh feithiclí ag taisteal ag airde atá os cionn 1000 méadar, ar bhealach a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach le dálaí tráchta den sórt sin i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle, de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3.

22

De réir na cúirte sin, ní féidir leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a bheith ina bhunús dlí d’fheistí sáraithe a chuirtear i ngníomh faoi “ghnáthchoinníollacha” úsáide feithiclí.

23

Cuireann an chúirt sin in iúl freisin go gcinntear le hAirteagal 3(9) de Rialachán Uimh. 692/2008 an tréimhse ama lena linn nach mór an t-inneall a oibriú go héifeachtach i ndiaidh fuarthosú. De réir na forála seo, ní mór don fheiste iarchóireála ocsaíd nítrigine (NOx) teocht sách ard a shroicheadh chun feidhmiú go héifeachtúil laistigh de 400 soicind tar éis fuarthosú ag – 7 gcéim Celsius. Ní fhéadfaidh na húdaráis chineálcheadaithe cineálcheadú CE a thabhairt i gcás nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach san fhoráil sin cruthaithe go leordhóthanach. Leanann sé ón dualgas cruthúnais sin go bhfuil sé bunaithe go soiléir ag reachtas an Aontais Eorpaigh nach féidir údar a thabhairt d’fhuinneog theochta mura gcomhlíonann sí na coinníollacha sin.

24

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, áfach, nár thug an Chúirt rialú fós ar na ceisteanna maidir le léirmhíniú fhorálacha Rialachán Uimh. 715/2007 a tarraingíodh anuas sa díospóid atá os a comhair.

25

Ba sna himthosca sin a chinn Landesgericht Klagenfurt (Cúirt Réigiúnach, Klagenfurt) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“1)

An bhfuil Airteagal 5(1) de [Rialachán 715/2007] le léirmhíniú sa chiall is go bhfuil trealamh feithicle, dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 715/2007, neamhdhleathach i gcás ina bhfuil an [chomhla AGS], is é sin le rá, comhpháirt atá in ann éifeacht a bheith aici ar astaíochtaí, atá deartha sa chaoi is go socrófar ráta athshruthaithe an gháis sceite, eadhon, an cion den ghás sceite a athfhilltear isteach san inneall[,] sa chaoi is go n-áirithítear leis an gcomhla seo nach mbeidh modh oibríochta le hastaíochtaí ísle ach amháin [laistigh den fhuinneog theochta agus] go bhfuil, lasmuigh den fhuinneog theochta seo, in aghaidh na 10 gcéim Celsius, agus os cionn 1000 méadar airde, in aghaidh na 250 méadar, an ráta seo ag laghdú go líneach go dtí 0, rud a fhágann go bhfuil méadú ar na hastaíochtaí [ocsaíd nítrigine (NOx)] os cionn na luachanna teorantacha a leagtar amach i Rialachán Uimh. 715/2007?

2)

Ar cheart an frása “chun an t-inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc” in Airteagal 5(2) de [Rialachán Uimh. 715/2007] a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé nach bhfuil cóireáil gáis sceite a úsáidtear go príomha ar mhaithe le caomhnú comhpháirteanna amhail an chomhla AGS, an malartóir AGS agus an scagaire cáithníneach díosail, ag comhlíonadh na bhforálacha maolaitheacha?

3)

Ar cheart Airteagal 5(1) de [Rialachán Uimh. 715/2007] a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn nach bhfuil cóireáil gáis sceite lena n-áirithítear oibriú iomlán éifeachtúil na bhfeistí laghdaithe astaíochtaí laistigh de raon teochta [laistigh den fhuinneog theochta] [...] agus sna coinníollacha sin amháin, agus mar sin nach bhfuil ag feidhmiú go hiomlán san Eoraip, agus go háirithe san Ostair, an chuid is mó den bhliain, ag comhlíonadh cheanglais Airteagal 5(1) [den Rialachán sin,] arb ann dóibh “i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”, agus gur feiste sháraithe neamhdhleathach í?”

Na ceisteanna a tharchuirtear

An chéad cheist agus an tríú ceist

26

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe, i gcomhthéacs an nós imeachta comhair idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais a bhunaítear le hAirteagal 267 CFAE, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra úsáideach a thabhairt don chúirt náisiúnta lena gcuirtear ar a cumas cinneadh a dhéanamh faoin díospóid atá os a comhair. Dá bhrí sin, fiú amháin más rud é, i dtéarmaí foirmiúla, go bhfuil a ceist teoranta ag an gcúirt tagartha do léiriú forála áirithe de dhlí an Aontais, ní chuireann imthosca den sórt sin cosc ar an gCúirt na heilimintí go léir a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun breith a thabhairt sa chás atá os a comhair a chur ar fáil di, cibé an ndearna nó nach ndearna an chúirt sin tagairt dóibh ina cuid ceisteanna. Chuige sin, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé, ag féachaint ar an ábhar go léir a sholáthair an chúirt náisiúnta, agus go háirithe an t-ábhar sa ráiteas ar na cúiseanna leis an ordú tarchuir, na heilimintí den dlí sin is gá a léiriú i bhfianaise ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí a tharraingt amach (breithiúnas an 15 Iúil 2021 i gCás C-190/20DocMorris, EU:C:2021:609, mír 23, agus an cásdlí dá dtagraítear).

27

Sa chás seo, tagraítear sa chéad agus sa tríú ceist, nach mór a fhreagairt go comhpháirteach, d’Airteagal 5(1) de Rialachán Uimh. 715/2007. Mar sin féin, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur lena chinneadh an ionann an fhuinneog theochta agus “feiste sháraithe” de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, a bhfuil a húsáid toirmiscthe, i bprionsabal, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin.

28

Ba cheart a thabhairt faoi deara go n áitíonn Auto Krainer ina chuid bharúlacha i scríbhinn go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur mícheart sa chaoi ina gcuireann sí feidhmiú na mbogearraí i gceist i láthair. Go deimhin, bheadh laghdú ar ráta athshruthaithe gáis sceite mar thoradh ar na bogearraí sin i gcás nach mbeadh teocht an aeir ionraoin san inneall, agus ní teocht na comhthimpeallachta, faoi 15 chéim Celsius. Ba choitianta, ó thaobh na teicneolaíochta de, go bhfuil teocht an aeir ionraoin san inneall, ar an meán, 5 chéim Celsius níos airde ná an teocht chomhthimpeallachta. Dá bhrí sin, dhéanfaí an gás sceite ar fad a athshruthú fad agus a bhfuil an teocht chomhthimpeallach ní 15 chéim Celsius ach 10 gcéim Celsius, nó níos airde, is é sin le rá, laistigh de raon na meánteochta comhthimpeallachta bliantúla sa Ghearmáin, eadhon, 10.4 céim Celsius. Ina theannta sin, níor chuir an chúirt sin in iúl, nuair a bhíonn an teocht chomhthimpeallachta faoi 10 gcéim Celsius, gur de réir a chéile a laghdófaí an ráta athshruthaithe gáis sceite go líneach ansin go 0, agus é sin go dtí teocht chomhthimpeallach de – 5 chéim Celsius.

29

Mar sin féin, ní mór a mheabhrú, in imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar dheighilt shoiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, go bhfuil dlínse eisiach ag an gcúirt náisiúnta fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheas agus an dlí náisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 9 Iúil 2020, Raiffeisen Bank agus BRD Groupe Société Générale, C‑698/18 agus C‑699/18, EU:C:2020:537, mír 46).

30

Sna himthosca sin, d’fhonn freagra úsáideach a thabhairt ar an gcúirt a rinne an tarchur, ní mór a mheas, go n-iarrann an chúirt sin, trína céad agus a tríú ceist, go bunúsach, an gcaithfear pointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chiall gur “feiste sháraithe” de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 atá i gceist le feiste nach n‑áirithíonn go gcomhlíontar na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos leis an Rialachán sin ach amháin laistigh den fhuinneog theochta.

31

Sainmhínítear i bpointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007 “feiste sháraithe” mar “aon eilimint dearaidh lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadar eile chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú agus lena laghdaítear éifeachtúlacht an chórais rialaithe astaíochta i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”.

32

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go dtugtar le sainmhíniú den sórt sin ar fheiste sáraithe raon feidhme leathan maidir leis an gcoincheap “eilimint dearaidh”, lena gcumhdaítear codanna meicniúla agus comhpháirteanna leictreonacha lena rialaítear gníomhachtú codanna den sórt sin araon, ós rud é go mbaineann siad le hoibriú an chórais rialaithe astaíochtaí agus go laghdaíonn siad a éifeachtacht [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 64].

33

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais freisin go gcumhdaítear leis an gcoincheap “córas rialaithe astaíochtaí”, de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, na teicneolaíochtaí agus an straitéis “iarchóireála gáis sceite” araon, lena laghdaítear astaíochtaí iartheachtacha, eadhon, tar éis a bhfoirmithe, agus iad siúd, amhail córas AGS, lena laghdaítear astaíochtaí réamhtheachtacha, eadhon, le linn a bhfoirmithe [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 90].

34

Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go bhfuil an fheithicil i gceist feistithe le comhla EGR agus bogearraí atá comhtháite sa ríomhaire rialaithe innill. Tá an chomhla sin ar cheann de na teicneolaíochtaí a úsáideann déantóirí gluaisteán chun astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) ó dhóchán neamhiomlán breosla a rialú agus a laghdú. Tá éifeachtacht an díthruaillithe nasctha le hoscailt na comhla AGS, atá á rialú ag na bogearraí thuasluaite. Lasmuigh den fhuinneog theochta arna bunú le nuashonrú na mbogearraí sin agus dá dtagraítear i mír 19 den bhreithiúnas seo, laghdaítear an ráta athshruthaithe gáis sceite go líneach go 0, as a dtagann sárú ar na luachanna teorantacha astaíochta d’ocsaíd nítrigine (NOx) a leagtar síos le Rialachán Uimh. 715/2007.

35

Dá bhrí sin, braitheann na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna ríomhchlárú de réir na fuinneoige teochta, an teocht aeir agus an airde tiomána “chun críocha oibriú aon chuid den chóras rialaithe astaíochta a ghníomhachtú, a mhodhnú, a mhoilliú nó a dhíghníomhachtú”, de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007.

36

Dá bhrí sin, ós rud é go mbaineann siad le hoibriú an chórais rialaithe astaíochtaí agus go laghdaíonn siad a éifeachtacht, is “eilimint dearaidh” iad na bogearraí sin de réir bhrí na forála sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 66].

37

Chun a chinneadh cibé an fheiste sáraithe iad na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, is gá scrúdú a dhéanamh freisin an laghdaíonn na bogearraí sin éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí “i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”.

38

Le Rialachán Uimh. 715/2007, ní shainítear an coincheap “gnáthoibriú agus […] gnáthúsáid feithicle” agus ní dhéantar aon tagairt do dhlí na mBallstát chun críocha a bhrí agus a raon feidhme a chinneadh.

39

Dá bhrí sin, is éard atá sa choincheap sin ná coincheap de dhlí an Aontais Eorpaigh nach mór, ar fud an Aontais, léirmhíniú neamhspleách agus aonfhoirmeach a fháil air agus nach mór a aimsiú ag cur san áireamh ní hamháin téarmaí na bhforálacha ina bhfuil sé ach, chomh maith leis sin, comhthéacs na bhforálacha sin agus an chuspóra atá á shaothrú leo [féach, de réir analaí, breithiúnas an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, C‑422/19 agus C‑423/19, EU:C:2021:63, mír 45].

40

Mar is léir ó fhoclaíocht phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, baineann an coincheap “[g]náthoibriú agus…[g]náthúsáid” feithicle lena húsáid faoi ghnáthchoinníollacha tiomána, is é sin le rá, ní hamháin, mar a áitíonn Auto Krainer go bunúsach ina chuid barúlacha i scríbhinn, lena húsáid faoi na coinníollacha a leagtar síos don tástáil formheasa, atá infheidhme ag an am ábhartha sna príomhimeachtaí, ar a dtugtar “Sraith Nua Eorpach Tiomána” (NEDC), a rinneadh i saotharlann agus ina ndearnadh ceithre shraith uirbeacha a athdhéanamh, le sraith seach-uirbeach ina dhiaidh. Baineann an coincheap seo, mar sin, le húsáid na feithicle seo i bhfíorchoinníollacha tiomána, mar a bhíonn siad de ghnáth ar chríoch an Aontais [féach, maidir leis sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feistí sáraithe ar innill díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, míreanna 96 agus 101]. Go deimhin, níl na sraithe tástála maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí le linn an nós imeachta formheasa bunaithe ar na fíorchoinníollacha tiomána [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feistí sáraithe ar innill díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 92].

41

Tacaíonn an comhthéacs ina bhfuil pointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007 leis an léirmhíniú sin. De réir Airteagal 4(2) den Rialachán sin, caithfidh na bearta teicniúla a ghlacfaidh an déantóir a áirithiú go gcuirfear srian ceart le hastaíochtaí ón sceithphíopa ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí agus iad á dtiomáint faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 5(1) den Rialachán sin nach mór don déantóir na feithiclí a fheistiú sa chaoi is nach mór do na comhpháirteanna a ghníomhaíonn ar astaíochtaí, amhail na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, feithiclí a chumasú, sa ghnáthúsáid, chun na teorainneacha astaíochtaí a leagtar síos sa Rialachán sin agus i mbearta cur chun feidhme an Rialacháin sin a chomhlíonadh [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 97].

42

Mar sin féin, ní nochtar leis na forálacha sin aon fhianaise lena bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir oibriú feiste amhail na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí le linn chéim na tástála cineálcheadaithe agus le linn na tiomána faoi ghnáthchoinníollacha úsáide feithiclí. Os a choinne sin, dá ndéanfaí feiste a shuiteáil lena bhféadfaí a áirithiú go gcomhlíonfaí na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos leis an Rialachán Uimh. 715/2007 le linn na céime tástála cineálcheadaithe, agus lena linn sin amháin, cé nach féidir gnáthchoinníollacha úsáide feithicle a atáirgeadh leis an gcéim tástála sin, shárófaí an oibleagáid a áirithiú go gcuirfí srian éifeachtach ar astaíochtaí faoi na coinníollacha úsáide sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, míreanna 97 agus 98]. Is amhlaidh atá maidir le feiste a shuiteáil nach féidir an comhlíonadh sin a áirithiú léi ach i gcomhthéacs fuinneoige teochta, cé go gcumhdaítear na coinníollacha ina ndéantar an chéim tástála cineálcheadaithe, nach bhfreagraíonn do ghnáthchoinníollacha tiomána, mar atá sainmhínithe i mír 40 den bhreithiúnas seo.

43

Maidir leis an léirmhíniú i mír 40 den bhreithiúnas seo, ar dá réir a thagraíonn an coincheap “gnáthoibriú agus […] gnáthúsáid” feithicle dá húsáid i bhfíorchoinníollacha tiomána, mar is iondúil i gcríoch an Aontais Eorpaigh, tugtar tacaíocht freisin leis sin leis an gcuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 715/2007, arb é atá ann, mar is léir ó aithrisí 1 agus 6 de, leibhéal ard cosanta don chomhshaol a áirithiú agus, go sonrach, astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) ó fheithiclí díosail a laghdú go substaintiúil chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus na luachanna teorantachta truaillithe a chomhlíonadh [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, míreanna 67, 86 agus 87].

44

Maidir le cibé an laghdaítear éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí faoi ghnáthchoinníollacha tiomána le bogearraí den sórt sin atá i gceist sna príomhimeachtaí, is coiteann gur gnách teocht chomhthimpeallachta atá níos lú ná 15 chéim Celsius agus tiomáint ar bhóithre ag airde níos mó ná 1000 méadar i gcríoch an Aontais Eorpaigh.

45

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhforáiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 3(9) de Rialachán Uimh. 692/2008, is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí, ina leagtar síos, de bhun Airteagal 1 de, na forálacha maidir le cur chun feidhme Airteagail 4, 5 agus 8 de Rialachán Uimh. 715/2007, go soláthróidh déantóirí don údarás ceadaithe sonraí lena léirítear go mbaineann feiste iarchóireála ocsaíde nítrigine (NOx) a bhfeithiclí teocht sách ard amach le hoibriú go héifeachtúil laistigh de 400 soicind tar éis fuarthosú ag – 7 gcéim Celsius. De réir an chúigiú fomhír d’Airteagal 3(9), ní fhéadfaidh an t‑údarás ceadaithe cineálcheadú a dheonú i gcás nach leor an fhaisnéis arna cur isteach chun a léiriú go mbaineann an fheiste iarchóireála teocht amach go hiarbhír lena bhféadfadh sí oibriú go héifeachtach ar feadh tréimhse sonraithe ama. Dearbhaítear leis an bhforáil dheireanach sin an léirmhíniú nach mór na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos i Rialachán Uimh. 715/2007 a chomhlíonadh i gcás ina léir go bhfuil an teocht faoi 15 chéim Celsius.

46

Dá réir sin, ní mór a mheas go laghdaíonn bogearraí, amhail na bogearraí atá i gceist sna príomhimeachtaí, éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí “i gcoinníollacha a bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach leo i ngnáthoibriú agus i ngnáthúsáid feithicle”, de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, agus gurb ionann é, dá bhrí sin, agus feiste sháraithe de réir bhrí na forála sin.

47

Dá bhrí sin, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór pointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 715/2007, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5(1) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi is gur “feiste sháraithe” de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3 den Rialachán sin í feiste nach n‑áirithítear léi go gcomhlíontar na luachanna teorantacha astaíochta dá bhforáiltear leis an Rialachán sin ach amháin laistigh den fhuinneog theochta.

An dara ceist

48

Lena dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé nach féidir le feiste sháraithe, lena n-áirithítear comhlíonadh na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos leis an Rialachán sin laistigh den fhuinneog theochta amháin, teacht faoin eisceacht ón dtoirmeasc ar úsáid feistí den sórt sin, dá bhforáiltear san fhoráil sin, i gcás go gcuireann an fheiste seo le caomhnú comhpháirteanna amhail an chomhla AGS, an malartóir AGS agus an scagaire cáithníneach díosail.

49

Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, tá toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí. Mar sin féin, tá trí eisceacht ón dtoirmeasc sin, lena n-áirítear an toirmeasc sin in Airteagal 5(2)(a), eadhon, “i gcás ina mbeidh call leis an bhfeiste chun an t-inneall a chosaint ó dhamáiste nó ó thionóisc agus chun go n-oibreoidh an fheithicil go sábháilte”.

50

A mhéid a leagtar síos eisceacht léi ón dtoirmeasc ar úsáid feistí sáraithe lena laghdaítear éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí, ní mór an fhoráil sin a léirmhíniú go docht [féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feistí sáraithe ar innill díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, míreanna 111 agus 112].

51

Maidir leis an gcoincheap “inneall”, ar an gcéad dul síos, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 118 agus i mír 119 dá Thuairim, in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 692/2008 déantar idirdhealú soiléir idir an t-inneall agus an córas rialaithe truaillithe. Go deimhin, tá na ceanglais a bhaineann leis an “Inneall” leagtha amach i roinn 3.3.1.2 den Iarscríbhinn seo, agus tá na ceanglais maidir le “Paraiméadair an Chórais Rialaithe Truaillithe” leagtha amach i roinn 3.3.1.3 den Iarscríbhinn seo. Áirítear scagairí cáithníní agus athshruthú gáis sceite go sainráite i bhfomhír (a) agus i bhfomhír (c) den roinn sin. Ina theannta sin, de réir an dara fomhír d’Airteagal 10(1) den Rialachán sin, chun críocha an Rialacháin sin, meastar gur feistí rialaithe truaillithe iad scagairí cáithníneacha.

52

Dá bhrí sin, is comhpháirteanna innill ar leith iad an chomhla AGS, an malartóir AGS agus an scagaire cáithníneach díosail. Tá an chomhla AGS suite ag asraon an innill, tar éis an ilphíobán sceite. Nuair a osclaíonn an chomhla seo, ligeann sé do na gáis sceite dul tríd an ilphíobán iontógála chun iad a dhó den dara huair agus iad a fhuarú le malartóir teasa, an malartóir AGS. Leis an scagaire cáithníneach, atá suite roimh an bpíopa sceite, déantar an t-aer a scagadh chun mínábhar cáithníneach truaillithe a bhailiú.

53

Ina dhiaidh sin, maidir leis na coincheapa “tionóisc” agus “damáiste” in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, d’fhonn údar a bheith leis i gcomhréir leis an bhforáil sin, nach mór go mbeifí in ann, le feiste sháraithelena laghdaítear éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí, an t‑inneall a chosaint i gcoinne damáiste tobann agus eisceachtúil (breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile(Feiste sháraithe díosail), C‑693/18, EU:C:2020:1040, mír 109).

54

Dá bhrí sin, ní féidir, in aon chás, breathnú ar luchtú agus aosú an innill mar “thionóisc” nó “damáiste” de réir bhrí na forála sin, ós rud é, i bprionsabal, go bhfuil na teagmhais sin intuartha agus intuigthe i ngnáthoibriú feithicle [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 110].

55

Tacaíonn an cuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 715/2007 leis an léirmhíniú sin, ar cuspóir é, mar a tugadh le fios i mír 43 den bhreithiúnas seo, ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú laistigh den Aontas Eorpach, rud a chiallaíonn nach mór astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) a laghdú go héifeachtach i gcaitheamh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí. An toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5(2) den Rialachán sin, ní bheadh brí leis agus bhainfí aon éifeacht phraiticiúil de dá mbeadh údarás ag déantóirí mótarfheithiclí a fheistiú le feistí sáraithe den sórt sin chun an t‑inneall a chosaint ar luchtú agus ar aosú, agus chun na críche sin amháin [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C-693/18, EU:C:2020:1040, mír 113].

56

Ní féidir, dá bhrí sin, ach na rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall, as a n‑eascródh contúirt shonrach agus feithicil á tiomáint, amháin údar cuí a thabhairt le feiste sháraithe a úsáid faoi Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007.

57

Ní thugtar an léirmhíniú ar an téarma “damáiste” a thug an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail) (C‑693/18, EU:C:2020:1040) faoi cheist le hargóint Rialtas na Gearmáine agus A go leanann as na leaganacha Béarla (“damage”) agus Gearmáinise (“Beschädigung”) den téarma sin nach gclúdaíonn an téarma sin imeachtaí tobanna agus dothuartha amháin.

58

Ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 115 dá Thuairim, cé, murab ionann agus sainmhíniú an téarma chéanna sa Fhraincis, nach gá go dtabharfaí le tuiscint leis na sainmhínithe sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis gur teagmhas “tobann” is cúis le damáiste, ní chuirtear léirmhíniú an téarma “damáiste” a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais ó bhail. Ar an dara dul síos, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an léirmhíniú docht a ghlac an Chúirt Bhreithiúnais bunaithe ar na forais atá leagtha amach i míreanna 50 agus 55 den bhreithiúnas seo.

59

Mar sin féin, maíonn Rialtas na Gearmáine agus Auto Krainer go bhfuil údar leis an bhfeiste sháraithe atá i gceist ós rud é, i gcás teocht ró-íseal nó ró-ard, go bhféadfadh fosuithe a fhorbairt, le linn an athshruthaithe de gháis sceite, agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh drochshuíomh na comhla AGS a bheith mar thoradh air sin, eadhon, mar shampla, comhla nach n osclaíonn a thuilleadh nó nach ndúnann i gceart, nó fiú blocáil iomlán den chomhla sin. D’fhéadfadh comhla AGS, atá millte nó atá suite go dona, damáiste a dhéanamh don inneall féin agus d’fhéadfadh, go háirithe, caillteanas cumhachta san fheithicil a bheith mar thoradh air sin. Ina theannta sin, bheadh sé dodhéanta a thuar agus a ríomh cathain a shroichfí tairseach teipe na comhla AGS, ós rud é go bhféadfaí an tairseach sin a shárú go tobann agus gan choinne, fiú dá ndéanfaí cothabháil rialta ar an gcomhla sin. Chuirfeadh caillteanais thobanna gan choinne i gcumhacht feithicle isteach ar oibriú sábháilte na feithicle, mar shampla trí mhéadú substaintiúil a dhéanamh ar an gcontúirt go dtarlódh tionóisc thromchúiseach tiomána le linn ainliú chun scoite.

60

Ina theannta sin, dar le Auto Krainer, is dócha gurb é an toradh a bheadh ar luchtú chomhpháirteanna an chórais athshruthaithe gáis sceite, trí mhífheidhmiú na comhla AGS a spreagadh sa chaoi is go bhféadfadh blocáil a bheith mar thoradh air, ná go ndófaí an scagaire cáithníní agus go rachadh an t inneall trí thine nó, fiú, mar thoradh air sin, go rachadh an fheithicil ina hiomláine trí thine, a chuirfeadh oibriú sábháilte na feithicle i mbaol.

61

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur léir ón bhfoclaíocht atá in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 gur cheart, d’fhonn teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear san fhoráil sin, chun údar a bheith le feiste sháraithe, gá a bheith ann léi ní hamháin chun an t‑inneall a chosaint ar dhamáiste nó ar thionóisc, ach freisin chun an fheithicil a oibriú go sábháilte. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 106 dá Thuairim, ag féachaint d’úsáid an chónaisc “agus” san fhoráil sin, ní foláir a léiriú gur coinníollacha carnacha iad na coinníollacha a leagtar síos ann.

62

Dá réir sin, agus i bhfianaise an léirmhínithe dhocht nach mór a thabhairt don eisceacht sin, mar a cuireadh in iúl i mír 50 den bhreithiúnas seo, ní féidir bonn cirt a thabhairt le feiste sháraithe amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi chuimsiú na heisceachta sin ach amháin sa mhéid go suitear go gcomhlíonann an fheiste go docht an gá atá ann rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a sheachaint, arbh é ba chúis leis sin mífheidhmiú de chomhpháirt den chóras athshruthaithe gáis sceite, atá chomh tromchúiseach go mbaineann contúirt shonrach leis sin agus an fheithicil leis an bhfeistiú sin á tiomáint. Mar a léiríonn an tAbhcóide Ginearálta i mír 126 dá Thuairim, áfach, sa díospóid sna príomhimeachtaí is don mheasúnú ar na fíorais atá faoin gcúirt a rinne an tarchur an fíorú sin amháin.

63

Ina theannta sin, cé gur fíor nach bhforchuirtear go foirmiúil le hAirteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 coinníollacha eile maidir le cur i bhfeidhm na heisceachta dá bhforáiltear san fhoráil sin, is fíor fós gur léir go rachadh feiste sháraithe, ar cheart di, i ngnáthchoinníollacha tiomána, a oibriú ar feadh an chuid is mó den bhliain chun an t‑ineall a chosaint ar dhamáiste nó ar thionóisc agus oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú, i gcoinne an chuspóra atá á shaothrú leis an Rialachán sin, agus nach gceadaítear leis an bhforáil sin maolú uaidh sin ach amháin i gcúinsí an-sonrach, agus go n‑eascródh dochar díréireach don phrionsabal féin maidir le teorannú ar astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) ó fheithiclí.

64

I bhfianaise an léirmhínithe dhocht atá le tabhairt d’Airteagal 5(2)(a), ní féidir, dá bhrí sin, bonn cirt a thabhairt d’fheiste sáraithe den sórt sin faoin bhforáil sin.

65

Chun glacadh leis go bhféadfadh feiste sháraithe, amhail an ceann a thuairiscítear i mír 63 den bhreithiúnas seo, teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) den Rialachán Uimh. 715/2007, bheadh an eisceacht sin infheidhme den chuid is mó den bhliain sna fíorchoinníollacha tiomána atá i réim i gcríoch an Aontais Eorpaigh, sa chaoi is go mbeadh, go praiticiúil, prionsabal an toirmisc ar fheistí sáraithe den sórt sin, a leagtar síos san Airteagal 5(2) sin, curtha i bhfeidhm níos lú minice ná an eisceacht féin sin.

66

Thairis sin, maíonn Auto Krainer agus Rialtas na Gearmáine nach bhfuil an teicníocht is fearr atá ar fáil ag teastáil leis an gcoincheap “call” le feiste sháraithe agus nach mór aird a thabhairt ar staid na teicníochta ar dháta chineálcheadu CE d’fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis an gcall sin ó thaobh an t inneall a chosaint agus oibriú sábháilte na feithicle de, de réir bhrí Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007. Níl aon díospóid ann go gcomhfhreagraíonn úsáid chóras AGS a fheidhmíonn de réir fuinneoige teochta, go pointí éagsúla ag brath ar dháta an chineálcheadaithe, do staid na teicníochta. Thairis sin, le léirmhíniú an téarma “call” san fhoráil sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh an call atá le leasanna comhshaoil a chothromú le leasanna eacnamaíocha déantóirí.

67

I ndáil leis sin, ní mór a chur in iúl, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 129 dá Thuairim, ar thaobh amháin, gur léir ó aithris 7 de Rialachán Uimh. 715/2007 gur cuireadh san áireamh leasanna eacnamaíocha na ndéantóirí agus, go háirithe, na costais a gcuirfear ar ghnóthais de bharr an ghá na luachanna sin a chomhlíonadh nuair a chinn reachtóir an Aontais Eorpaigh na luachanna teorantacha astaíochta. Dá bhrí sin, is faoi dhéantóirí é iad féin a chur in oiriúint agus feistí teicniúla atá in ann na luachanna sin a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm, ós rud é nach gá teicneolaíocht áirithe a úsáid faoin Rialachán chun é sin a dhéanamh.

68

Ar an taobh eile, mar atá luaite i mír 55 den bhreithiúnas seo, ciallaíonn an cuspóir atá á shaothrú le Rialachán Uimh. 715/2007, eadhon, ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú laistigh den Aontas Eorpach, nach mór astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) a laghdú go héifeachtach ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí [breithiúnas an 17 Nollaig 2020, CLCV agus páirtithe eile (Feiste sháraithe díosail), C 693/18, EU:C:2020:1040, mír 113]. Dá ndéanfaí feiste sháraithe a údarú faoi Airteagal 5(2)(a) den Rialachán sin ar an aon fhoras amháin go bhfuil, mar shampla, na costais taighde ard, an fheiste theicniúil chostasach nó cothabháil na feithicle níos minice agus níos costasaí don úsáideoir, thabharfaí an cuspóir sin faoi cheist.

69

Sna himthosca sin, agus ós rud é nach mór an fhoráil sin, mar a tugadh le fios i míreanna 50 agus 62 den bhreithiúnas seo, a léirmhíniú go docht, ní mór a mheas nach ann don “chall” le feiste sháraithe, de réir bhrí na forála sin, ach amháin i gcás, tráth chineálcheadú CE na feiste sin nó na feithicle atá feistithe léi, nach bhfuil ann d’aon réiteach teicniúil eile chun cosc a chur ar rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall is cúis le contúirt ar leith le linn an fheithicil a thiomáint.

70

Dá bhrí sin, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé nach féidir le feiste sháraithe, lena n-áirithítear comhlíonadh na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos sa Rialachán sin laistigh den fhuinneog theochta amháin agus sna coinníollacha sin amháin, teacht faoin eisceacht ón dtoirmeasc ar úsáid feistí den sórt sin, dá bhforáiltear san fhoráil sin, de bharr go gcuireann an fheiste seo le caomhnú comhpháirteanna amhail an chomhla AGS, an malartóir AGS agus an scagaire cáithníneach díosail agus dá bharr sin amháin, ach amháin a mhéid a chruthaítear go bhfreagraíonn an fheiste sin go docht don ghá atá le seachaint na rioscaí láithreacha de dhamáiste nó de thionóiscí don inneall, a eascraíonn as mífheidhmiú comhpháirte den chóras athshruthaithe gáis sceite, atá chomh tromchúiseach go gcruthófar contúirt nithiúil agus an fheithicil atá feistithe leis an bhfeiste chéanna á tiomáint. Ar aon chuma, níl feidhm ag an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 maidir le feiste sháraithe a gcaithfí, a oibriú faoi ghnáthchoinníollacha tiomána den chuid is mó den bhliain, chun go gcosnófaí an t-inneall ar dhamáiste nó ar thionóisc agus chun oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú.

Costais

71

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór pointe 10 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5, mír 1, den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi is gur “feiste sháraithe” de réir bhrí phointe 10 d’Airteagal 3, í feiste lena n-áirithítear go gcomhlíontar na luachanna teorantacha astaíochta atá leagtha síos sa Rialachán sin ach amháin nuair atá an teocht sheachtrach idir 15 agus 33 chéim Celsius agus airde an tráchta níos lú ná 1000 méadar;

 

2.

Ní mór Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé nach féidir le feiste sháraithe, lena n-áirithítear comhlíonadh na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos sa Rialachán sin, ach amháin i gcás go bhfuil an teocht sheachtrach idir 15 agus 33 chéim Celsius agus go bhfuil airde tráchta atá níos lú ná 1000 méadar, teacht faoin eisceacht ón dtoirmeasc ar úsáid feistí den sórt sin, dá bhforáiltear san fhoráil sin, de bharr go gcuireann an fheiste seo le caomhnú comhpháirteanna amhail an chomhla athshruthaithe gáis sceite, an malartóir AGS agus an scagaire cáithníneach díosail agus dá bharr sin amháin, ach amháin a mhéid a chruthaítear go bhfreagraíonn an fheiste sin go docht don ghá atá le seachaint na rioscaí láithreacha de dhamáiste nó de thionóiscí don inneall, a eascraíonn as mífheidhmiú comhpháirte den chóras athshruthaithe gáis sceite, atá chomh tromchúiseach go gcruthófar contúirt nithiúil agus an fheithicil atá feistithe leis an bhfeiste chéanna á tiomáint. Ar aon chuma, níl feidhm ag an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 maidir le feiste sháraithe a gcaithfí a oibriú faoi ghnáthchoinníollacha tiomána den chuid is mó den bhliain, chun go gcosnófaí an t-inneall ar dhamáiste nó ar thionóisc agus chun oibriú sábháilte na feithicle a áirithiú.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

Barr