EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1344

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1344 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice úsáid TCF agus ríomhthráchtáil le haghaidh na bliana tagartha 2023, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5373

OJ L 202, 2.8.2022, p. 18–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1344/oj

2.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 202/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1344 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Lúnasa 2022

lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice úsáid TCF agus ríomhthráchtáil le haghaidh na bliana tagartha 2023, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagail 7(1) agus 17(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ionas go bhféadfar sonraí de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152 maidir le húsáid TFC agus ríomhthráchtáil a chur ar fáil, sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, bunaithe ar shonraí inchomparáide agus comhchuibhithe, agus chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit úsáid agus ríomhthráchtáil an ábhair TFC chun feidhme i gceart, sonróidh an Coimisiún na hathróga, na haonaid tomhais, an daonra staidrimh, na haicmithe agus na miondealuithe, chomh maith le spriocdhátaí do tharchur sonraí na sonraí sin.

(2)

De bhun Airteagal 17(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2152, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascálacha cáilíochta agus meiteashonraí a sholáthar le haghaidh na sonraí a tharchuirtear faoin Rialachán sin. Dá bhrí sin, is gá spriocdhátaí a leagan síos maidir leis na tuarascálacha sin a chur isteach.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an topaic Úsáid TCF agus an ríomhthráchtáil dá dtagraítear i in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) na sonraí le haghaidh na bliana tagartha 2023 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   Déanfar tuarascáil bhliantúil mheiteashonraí na bliana tagartha 2023 le haghaidh úsáid na topaice TFC agus ríomhthráchtáil a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 31 Bealtaine 2023.

2.   An tuarascáil cháilíochta bhliantúil ar an topaic úsáid TCF agus ríomhthráchtáil le haghaidh bhliain tagartha 2023, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 5 Samhain 2023.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 17.12.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh ceanglas i ndáil le sonraí maidir leis an topaic úsáid TCF agus ríomhthráchtáil

Sainordaitheach/roghnach

Raon feidhme (scagaire)

Athróg

Athróga sainordaitheacha

(i)

i gcás gach fiontair:

(1)

príomhghníomhaíocht eacnamaíoch an fhiontair le linn na bliana féilire roimhe sin

(2)

an meánlíon fostaithe agus daoine féinfhostaithe le linn na bliana féilire roimhe sin

(3)

luach iomlán an láimhdeachais (i dtéarmaí airgeadaíochta gan CBL a áireamh) le linn na bliana féilire roimhe sin

(4)

an líon fostaithe nó daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó

(ii)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(5)

úsáid ceangal seasta leis an idirlíon d’aon chineál

(6)

suíomh gréasáin a bheith acu

(7)

fiontair a bhfuil aip shoghluaiste acu do chliaint (mar shampla do chlár dílseachta, r-thráchtáil, tacaíocht do chustaiméirí)

(8)

úsáid líonraí sóisialta

(9)

úsáid bhlaganna nó micreabhlaganna an fhiontair

(10)

úsáid suíomhanna gréasáin nó aipeanna chun inneachar ilmheán a chomhroinnt

(11)

díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó trí fheidhmchláir (lena n-áirítear eislíonta) an fhiontair le linn na bliana féilire roimhe sin

(12)

díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil le linn na bliana féilire roimhe sin

(13)

díolacháin earraí nó seirbhísí ar díolacháin de chineál Idirmhalartaithe Leictreonaigh Sonraí (EDI) iad (orduithe a fháil trí theachtaireachtaí EDI) le linn na bliana féilire roimhe sin

(14)

úsáid bogearraí Pleanála Acmhainní Fiontraíochta (ERP) chun acmhainní a bhainistiú trí fhaisnéis a roinnt idir réimsí feidhme éagsúla, mar shampla an chuntasaíocht, an phleanáil, an táirgeadh, an mhargaíocht

(15)

úsáid bogearraí Bainistíochta Caidrimh Chustaiméirí (CRM) chun faisnéis faoi chustaiméirí, mar shampla caidreamh nó idirbhearta, a bhainistiú

(16)

úsáid bogearraí Faisnéise Gnó (BI) chun sonraí a rochtain agus a anailísiú, torthaí anailíseacha a chur i láthair chun léargais mhionsonraithe a thabhairt ar mhaithe le cinnteoireacht agus pleanáil straitéiseach a dhéanamh

(17)

sonraí a chomhroinnt go leictreonach le soláthraithe nó le custaiméirí laistigh den slabhra soláthair, mar shampla trí shuíomhanna gréasáin nó aipeanna, córais EDI, braiteoirí fíor-ama nó rianú

(18)

anailísíocht sonraí (ó fhoinsí sonraí inmheánacha agus seachtracha) a dhéanamh ag fostaithe an fhiontair féin

(19)

anailísíocht sonraí a bheith déanta ag fiontar seachtrach nó ag eagraíocht sheachtrach thar ceann an fhiontair (lena n-áirítear anailísíocht sonraí bunaithe ar shonraí ó fhoinsí inmheánacha agus seachtracha)

(20)

seirbhísí néalríomhaireachta a úsáidtear ar an idirlíon a cheannach

(21)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga a dhéanann anailís ar an dteanga scríofa (amhail mianadóireacht téacsanna)

(22)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga lena ndéantar an teanga labhartha a thiontú ina formáid inléite ag meaisín (aithint cainte)

(23)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga lena ngintear an teanga scríofa nó labhartha (giniúint teanga nádúrtha, sintéis chainte)

(24)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga lena sainaithnítear nithe nó daoine bunaithe ar íomhánna nó ar fhíseáin (aithint íomhánna, próiseáil íomhánna)

(25)

úsáid meaisínfhoghlaim (amhail an domhainfhoghlaim) chun anailís a dhéanamh ar shonraí

(26)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga lena ndéantar sreafaí oibre éagsúla a uathoibriú nó lena dtugtar cúnamh leis an gcinnteoireacht (amhail uathoibriú róbatach próiseas le bogearraí atá bunaithe ar an Intleacht Shaorga)

(27)

úsáid theicneolaíochtaí na hintleachta saorga lena gcumasaítear gluaiseacht fhisiceach meaisíní trí chinntí uathrialacha bunaithe ar bhreathnóireacht ar an timpeallacht (róbait uathoibríocha, feithicil gan tiománaí, ladrainn uathrialaitheacha)

(28)

sonraisc a sheoltar i bhfoirm leictreonach, i struchtúr caighdeánach atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe (ríomhshonraisc), seachas tarchur comhad PDF sa bhliain féilire roimhe sin

(29)

sonraisc a seoltar i bhfoirm leictreonach nach bhfuil oiriúnach don phróiseáil uathoibrithe, lena n-áirítear tarchur comhad PDF, sa bhliain féilire roimhe sin

(30)

sonraisc a seoltar i bhfoirm páipéir, sa bhliain féilire roimhe sin

(iii)

i gcás fiontair a úsáideann ceangal seasta idirlín d’aon chineál:

(31)

luas íoslódála uasta conraithe an cheangail seasta idirlín seasta is tapúla sna raonta seo: [0 Mbit/s, < 30 Mbit/s], [30 Mbit/s, < 100 Mbit/s], [100 Mbit/s, < 500 Mbit/s], [500 Mbit/s, < 1 Gbit/s], [≥ 1 Gbit/s]

(iv)

i gcás fiontair a bhfuil suíomh gréasáin acu:

(32)

tá cur síos ar shuíomh gréasáin an fhiontair ar earraí nó ar sheirbhísí, faisnéis faoi phraghsanna

(33)

tá ordú ar líne nó cur in áirithe ar líne nó áirithint (amhail cairt siopadóireachta) ar fáil ar shuíomh gréasáin an fhiontair

(34)

is féidir le cuairteoirí earraí nó seirbhísí ar líne a shaincheapadh nó a dhearadh ar shuíomh gréasáin an fhiontair

(35)

tá rianú nó stádas na n-orduithe a cuireadh ar fáil ar shuíomh gréasáin an fhiontair

(36)

tá ábhar pearsantaithe ar shuíomh gréasáin an fhiontair do chuairteoirí rialta/athfhillteacha

(37)

tá seirbhís comhrá le haghaidh tacaíocht custaiméara (comhrá, gníomhaire fíorúil nó duine a fhreagraíonn do chustaiméirí)

(38)

tá fógraíocht ar shuíomh gréasáin an fhiontair maidir le poist oscailte nó iarratais ar líne ar phost

(39)

tá ábhar ar fáil ar shuíomh gréasáin an fhiontair in dhá theanga ar a laghad

(v)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(40)

luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán, le linn na bliana féilire roimhe sin

(41)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le tomhaltóirí príobháideacha (Gnó le Tomhaltóirí: B2C), le linn na bliana féilire roimhe sin

(42)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le fiontair eile (Gnó le Gnó: B2B) agus leis an earnáil phoiblí (Gnó le Rialtas: B2G), le linn na bliana féilire roimhe sin

(vi)

i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(43)

an céatadán de luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán arna ghiniúint ag díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair, le linn na bliana féilire roimhe sin

(44)

an céatadán de luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán arna ghiniúint ag díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin

(vii)

i gcás fiontair a raibh díolacháin de chineál EDI acu, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(45)

luach na ndíolachán earraí nó seirbhísí de chineál EDI, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán arna ghiniúint ag díolacháin earraí nó seirbhísí de chineál EDI, le linn na bliana féilire roimhe sin

(viii)

i gcás fiontair a mbíonn anailísíocht sonraí (ó fhoinsí sonraí inmheánacha agus seachtracha) á déanamh ag fostaithe an fhiontair féin:

(46)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí ó thaifid idirbheart amhail sonraí maidir le díolacháin, taifid íocaíochtaí (mar shampla ó ERP, siopa gréasáin an fhiontair)

(47)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí faoi chustaiméirí amhail eolas maidir le ceannacháin chustaiméirí, suíomh, roghanna, léirmheasanna custaiméirí, cuardaigh (mar shampla ó chóras CRM nó ó shuíomh gréasáin an fhiontair)

(48)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí ó na meáin shóisialta, lena n-áirítear sonraí ó phróifílí meán sóisialta an fhiontair féin (amhail faisnéis phearsanta, barúlacha, físeáin, comhaid fuaime agus comhaid íomhá)

(49)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí gréasáin (amhail treochtaí innill cuardaigh, sonraí maidir le cnuaschóipeáil ón ngréasán)

(50)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí suímh ó úsáid ghléasanna iniompartha nó ó fheithiclí (amhail gléasanna iniompartha a bhaineann úsáid as líonraí teileafón soghluaiste, naisc gan sreang nó GPS)

(51)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí ó ghléasanna cliste nó ó bhraiteoirí (amhail cumarsáid meaisín le meaisín (M2M), braiteoirí atá suiteáilte in innealra, braiteoirí monaraíochta, méadair chliste, clibeanna sainaitheanta radaimhinicíochta (clib RFID))

(52)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí oscailte na n-údarás rialtais (amhail taifid phoiblí fiontair, dálaí aimsir, dálaí topagrafacha, sonraí iompair, sonraí tithíochta, sonraí maidir le foirgnimh)

(53)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí satailíte (amhail íomhánna satailíte, comharthaí loingseoireachta, comharthaí suímh), lena n-áirítear sonraí arna bhfáil ó bhonneagar an fhiontair féin nó ó sheirbhís arna soláthar go seachtrach (mar shampla Stáisiún Talún AWS) agus gan sonraí suímh ó úsáid gléasanna iniompartha nó feithiclí a úsáideann GPS a chur san áireamh)

(ix)

i gcás fiontair a cheannaíonn seirbhísí néalríomhaireachta a úsáidtear ar an idirlíon:

(54)

ríomhphost a cheannach mar sheirbhís néalríomhaireachta

(55)

bogearraí oifige (amhail próiseálaithe focal nó scarbhileoga) a cheannach mar sheirbhís néalríomhaireachta

(56)

feidhmchláir bogearraí airgeadais nó cuntasaíochta a cheannach mar sheirbhís néalríomhaireachta

(57)

feidhmchláir bogearraí Pleanáil Acmhainní Fiontraíochta (ERP) a cheannach mar sheirbhís néalríomhaireachta

(58)

feidhmchláir bogearraí Bainistíochta Caidrimh Chustaiméirí (CRM) a cheannach mar sheirbhís néalríomhaireachta

(59)

feidhmchláir bogearraí slándála (amhail clár frithvíreas, rialú rochtana líonra) a cheannach mar sheirbhís néalríomhaireachta

(60)

bhunachar sonraí agus bunachair sonraí an fhiontair a óstáil mar sheirbhís néalríomhaireachta

(61)

stóráil comhad a cheannach mar sheirbhís néalríomhaireachta

(62)

cumhacht ríomhaireachta a cheannach chun bogearraí an fhiontair féin a reáchtáil mar sheirbhís néalríomhaireachta

(63)

ardán ríomhaireachta a cheannach ina n-óstaítear timpeallacht le haghaidh feidhmchláir a fhorbairt, a thástáil nó a imlonnú (amhail modúil bogearraí in-athúsáidte, comhéadain feidhmchláir (API)) mar sheirbhís néalríomhaireachta

(x)

i gcás fiontar a úsáideann teicneolaíochtaí na hintleachta saorga, ag tagairt go sonrach d’athróga éigeantacha (21) go (27), cuspóir úsáide:

(64)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga le haghaidh margaíocht nó díolacháin (amhail próifíliú custaiméirí, barrfheabhsú praghsanna, tairiscintí margaíochta pearsantaithe, anailís mhargaidh bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, bota comhrá bunaithe ar phróiseáil teanga nádúrtha do thacaíocht do chustaiméirí, róbait uathrialaitheacha chun orduithe a phróiseáil)

(65)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga le haghaidh próisis táirgthe nó próisis seirbhíse (amhail cothabháil réamhfháistineach nó optamú próisis bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, uirlisí chun táirgí a aicmiú nó lochtanna a aimsiú i dtáirgí bunaithe ar radharc ríomhaireachta, ladrainn uathrialaitheacha le haghaidh faireachais ar tháirgeadh, slándála nó cigireachta, oibreacha cóimeála a dhéanann róbait fhéinrialaithe)

(66)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga chun próisis riaracháin ghnó nó bainistiú gnó a eagrú (amhail cúntóirí fíorúla gnó bunaithe ar mheaisínfhoghlaim agus/nó próiseáil teanga nádúrtha (mar shampla doiciméid a dhréachtú), anailís sonraí nó cinnteoireacht straitéiseach bunaithe ar mheaisínfhoghlaim (mar shampla measúnú riosca), pleanáil nó réamhaisnéis ghnó bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, bainistiú acmhainní daonna bunaithe ar mheaisínfhoghlaim nó ar phróiseáil teanga nádúrtha (mar shampla scagthástáil réamhroghnúcháin ar iarrthóirí, próifíliú fostaithe nó anailís ar fheidhmíocht)

(67)

úsáid theicneolaíochtaí na hintleachta saorga le haghaidh lóistíochta (amhail róbait uathrialaitheacha le haghaidh réitigh phioc agus phacáiste i dtrádstórais le haghaidh seachadadh beartán, rianú, dáileadh nó sórtáil, optamú bealaí bunaithe ar mheaisínfhoghlaim)

(68)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga le haghaidh slándáil TFC (amhail aitheantas aghaidh a thabhairt ar fhís ríomhaireachta chun úsáideoirí TFC a fhíordheimhniú, cibear-ionsaithe bunaithe ar mheaisínfhoghlaim a bhrath agus a chosc)

(69)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga chun cuntasaíocht, rialú nó maoiniú a bhainistiú (amhail meaisínfhoghlaim chun anailís a dhéanamh ar shonraí a chabhraíonn le cinntí airgeadais a dhéanamh, próiseáil sonrasc bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, meaisínfhoghlaim nó próiseáil teanga nádúrtha do dhoiciméid leabharchoimeádta)

(70)

úsáid theicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga le haghaidh taighde agus forbartha (T&F) nó le haghaidh gníomhaíocht nuálaíochta, seachas taighde ar an Intleacht Shaorga (amhail anailís ar shonraí chun taighde a dhéanamh, fadhbanna taighde a réiteach, táirge/seirbhís nua nó feabhsaithe atá bunaithe ar mheaisínfhoghlaim a fhorbairt)

Athróga roghnacha

(i)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(1)

íoc chun fógraíocht a dhéanamh ar an idirlíon (ar nós fógraí ar innill chuardaigh, ar na meáin shóisialta, ar shuíomhanna gréasáin nó ar aipeanna eile)

(2)

sonraí ar bith de chuid an fhiontair féin (amhail sonraí faoi roghanna custaiméirí an fhiontair, sonraí ó ghléasanna cliste nó ó bhraiteoirí an fhiontair) a dhíol (rochtain ar na sonraí sin) sa bhliain féilire roimhe sin

(3)

aon sonraí (rochtain ar an shonraí) a cheannach (amhail sonraí faoi roghanna custaiméirí fiontair eile, sonraí ó ghléasanna cliste nó ó bhraiteoirí de chuid fiontair eile), sa bhliain féilire roimhe sin

(ii)

i gcás fiontair a úsáideann líonraí sóisialta nó blaganna nó micreabhlaganna nó suíomhanna gréasáin nó feidhmchláir comhroinnte inneachair ilmheán:

(4)

úsáid na meán sóisialta chun íomhá nó táirgí margaidh an fhiontair a fhorbairt (amhail fógraíocht nó táirgí a lainseáil)

(5)

úsáid na meán sóisialta a chun tuairimí, léirmheasanna, ceisteanna ó chustaiméirí a fháil nó chun freagra a thabhairt orthu

(6)

úsáid na meán sóisialta chun páirt a thabhairt do chustaiméirí i bhforbairt nó i nuálaíocht earraí nó seirbhísí

(7)

úsáid na meán sóisialta chun dul i gcomhar le comhpháirtithe gnó (amhail soláthraithe) nó le heagraíochtaí eile (amhail údaráis phoiblí, eagraíochtaí neamhrialtasacha)

(8)

úsáid na meán sóisialta chun fostaithe a earcú

(9)

úsáid na meán sóisialta chun tuairimí, barúlacha nó eolas a mhalartú laistigh den fhiontar

(iii)

i gcás fiontair a íocann chun fógraíocht a dhéanamh ar an idirlíon:

(10)

úsáid fógraíochta spriocdhírithe atá bunaithe ar ábhar nó eochairfhocail arna cuardach ag úsáideoirí idirlín

(11)

úsáid fógraíochta spriocdhírithe atá bunaithe ar rianú ghníomhaíochtaí nó san am a chuaigh thart nó ar phróifíl úsáideoirí idirlín

(12)

úsáid fógraíochta spriocdhírithe bunaithe ar gheoshuíomh úsáideoirí idirlín

(13)

úsáid aon mhodh eile fógraíochta spriocdhírithe ar an idirlíon seachas na modhanna a shonraítear in athróga roghnacha (10), (11) nó (12)

(iv)

i gcás fiontair a úsáideann teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga, ag tagairt go sonrach d’athróga éigeantacha (21) go (27), cuspóir úsáide:

(14)

arna bhforbairt ag fostaithe dílse (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe)

(15)

go ndearna fostaithe dá chuid féin bogearraí nó córais tráchtála a mhodhnú (lena n-áirítear na bogearraí nó na córais a bhí fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe)

(16)

rinne fostaithe na cuideachta féin (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe) bogearraí nó córais foinse oscailte a mhodhnú

(17)

ceannaíodh bogearraí nó córais tráchtála atá réidh le húsáid (lena n-áirítear samplaí inar ionchorpraíodh cheana féin iad in ítim nó i gcóras a ceannaíodh)

(18)

tugadh conradh do sholáthraithe seachtracha iad a fhorbairt nó a mhodhnú

(v)

i gcás fiontar nár bhain úsáid as aon teicneolaíochtaí Intleachta Saorga, ag tagairt go sonrach d’athróga éigeantacha (21) go (27):

(19)

meabhrú a dhéanamh ar úsáid aon teicneolaíocht Intleachta Saorga, ag tagairt go sonrach d’athróga éigeantacha (21) go (27)

(vi)

i gcás fiontar nár bhain úsáid as aon teicneolaíocht Intleachta Saorga ach a smaoinigh ar a húsáid, ag tagairt go sonrach d’athróga éigeantacha (21) go (27):

(20)

Teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga nár úsáideadh toisc go raibh cuma ar na costais go raibh siad ró-ard

(21)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh mar go raibh easpa saineolais ábhartha san fhiontar

(22)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh mar gheall ar neamh-chomhoiriúnacht leis an trealamh, leis na bogearraí nó leis na córais atá ann cheana

(23)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh mar gheall ar dheacrachtaí maidir le hinfhaighteacht nó cáilíocht na sonraí riachtanacha

(24)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh de bharr imní maidir le sárú ar chosaint sonraí agus ar phríobháideachas

(25)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh de bharr easpa soiléireachta i dtaobh na n-iarmhairtí dlíthiúla (amhail dliteanas i gcás damáiste a tharlaíonn de bharr úsáid na hintleachta saorga)

(26)

Teicneolaíochtaí na hintleachta saorga nár úsáideadh de bharr cúinsí eiticiúla

(27)

Teicneolaíochtaí intleachta saorga nár úsáideadh toisc nach bhfuil siad úsáideach don fhiontar

(vii)

i gás fiontair a sheol sonraisc i bhfoirm leictreonach, i struchtúr caighdeánach oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe (ríomhshonraisc), seachas tarchur comhad PDF sa bhliain féilire roimhe sin:

(28)

céatadán de r-shonraisc as gach sonrasc a sheoltar, nó céatadán de r-shonraisc as gach sonrasc a sheoltar sna raonta seo a leanas: [0,<10], [10,<25], [25,<50], [50,<75], [>=75], sa bhliain féilire roimhe sin


Aonad tomhais

Dearbhfhigiúirí, seachas gnéithe a bhaineann le láimhdeachas san airgeadra náisiúnta (mílte) nó an céatadán den láimhdeachas (iomlán)

An pobal staidrimh

Cumhdach na ngníomhaíochtaí:

Ranna NACE C go J, L go N agus grúpa 95.1

Cumhdach na haicme méide:

Fiontair a bhfuil deichniúr d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe nó níos mó iontu. Maidir le fiontair a bhfuil níos lú ná deichniúr d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe iontu, féadfar iad a chuimsiú go roghnach

Miondealuithe

Miondealú ar ghníomhaíochtaí

chun comhiomláin náisiúnta a ríomh:

comhiomláin ranna NACE agus grúpaí C+D+E+F+G+H+I+J+L+M+N+95.1, D+E

rannáin NACE: C, F, G, H, I, J, L, M, N

rannáin NACE: 47, 55

comhiomláin rannáin NACE: 10+ 11+ 12+ 13+ 14+ 15+ 16+ 17+ 18, 19+ 20+ 21+ 22+ 23, 24+ 25, 26+ 27+ 28+ 29+ 30+ 31+ 32+ 33

comhiomlán na rannán agus na ngrúpaí: 26.1, +26.2, +26.3, +26.4, +26.8, +46.5, +58.2, +61, +62, +63.1, +95.1

le bheith mar chuid de na hiomláin Eorpacha amháin

rannáin NACE: D, E

rannáin NACE: 19, 20, 21, 26, 27, 28, 45, 46, 61, 72, 79

grúpa NACE: 95.1

comhiomláin rannáin NACE: 10+11+12, 13+14+15, 16+17+18, 22+23, 29+30, 31+32+33, 58+59+60, 62+63, 69+70+71, 73+74+75, 77+78+80+81+82

Aicme mhéide an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe: 10 +, 10-49, 50-249, 250 +; roghnach: 0-9, 0-1, 2-9

An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur

5 Deireadh Fómhair 2023


Top