Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1295

Cinneadh (CBES) 2022/1295 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 19 Iúil 2022 maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/3/2022)

ST/10950/2022/INIT

IO L 196, 25.7.2022, p. 125–125 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/11/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1295/oj

25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/125


CINNEADH (CBES) 2022/1295 ÓN GCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 19 Iúil 2022

maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/3/2022)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) don tréimhse go dtí an 31 Márta 2021.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 8(3) de Chinneadh (CBES) 2020/472 go bhfuil, d’ainneoin na tréimhse sin, údarú na hoibríochta le hathdhearbhú gach 4 mhí agus go bhfuil an oibríocht le fadú ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála mura bhfuil éifeacht tarraingthe ag imscaradh shócmhainní muirí na hoibríochta ar imirce ar bhonn fianaise chuí-réasúnaithe arna bailiú de réir na gcritéar a leagtar amach sa Phlean Oibríochta.

(3)

An 26 Márta 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/542 (2), lenar cuireadh síneadh leis an oibríocht go dtí an 31 Márta 2023, faoi réir an nós imeachta athdhearbhúcháin chéanna.

(4)

Chuir an Ceannasaí Oibríochta tuarascálacha míosúla ar fáil maidir le tosca tarraingthe.

(5)

Ba cheart údarú na hoibríochta a athdhearbhú don ochtú fothréimhse 4 mhí dá sainordú agus ba cheart an oibríocht a fhadú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athdhearbhaítear leis seo údarú EUNAVFOR MED IRINI agus déantar an oibríocht a fhadú don tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 30 Samhain 2022.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2022.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 101, 1.4.2020, lch. 4.

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/542 ón gComhairle an 26 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (IO L 108, 29.3.2021, lch. 57).


Top