This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1263
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1263 of 26 July 2021 conferring protection under Article 99 of Regulation (EU) No 1308/2013 of the European Parliament and of the Council on the name (‘Muškat momjanski/Moscato di Momiano’ (PDO))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1263 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2021 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm (“Muškat momjanski/Moscato di Momiano” (STFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1263 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2021 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm (“Muškat momjanski/Moscato di Momiano” (STFC))
C/2021/5688
IO L 277, 2.8.2021, p. 30–30
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
2.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 277/30 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1263 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Iúil 2021
lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm (“Muškat momjanski/Moscato di Momiano” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Chróit ar aghaidh an t-ainm “Muškat momjanski/Moscato di Momiano” a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm “Muškat momjanski/Moscato di Momiano” a chosaint agus a chlárú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cosnaítear leis seo an t-ainm “Muškat momjanski/Moscato di Momiano” (STFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún