Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
ACHOIMRE AR:
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
CAD IS AIDHM LEIS AN GCAIRT?
Le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an chairt) cosnaítear na cearta bunúsacha atá ag daoine san Aontas Eorpach (AE). Is ionstraim chuimsitheach nua–aimseartha dhlí AE í lena ndéantar cearta agus saoirsí daoine a chosaint agus a chur chun cinn i bhfianaise na n–athruithe ar an tsochaí, an dul chun cinn sóisialta agus forbairtí eolaíochta agus teicneolaíocha.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ábhar
Athdhearbhaítear leis an gcairt – agus aird chuí á tabhairt d’inniúlachtaí agus do chúraimí AE agus do phrionsabal na coimhdeachta – na cearta a bunaíodh bunaithe ar na traidisiúin bhunreachtúla agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta is coiteann do Bhallstáit AE, lena n–áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, na cairteacha sóisialta arna nglacadh ag AE agus ag an gComhairle Eorpach, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaigh um Chearta an Duine. Trí chearta bunúsacha a dhéanamh níos soiléire agus níos infheicthe, cruthaítear cinnteacht dhlíthiúil laistigh de AE.
Cuimsítear réamhrá agus 54 airteagal sa chaibidil, atá grúpáilte i seacht gcaibidil:
- Caibidil I: dínit (dínit an duine, an ceart chun na beatha, an ceart chun sláine an duine, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar sclábhaíocht agus ar obair éigeantais).
- Caibidil II: saoirsí (an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, an ceart chun pósadh agus teaghlach a bhunú, saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, saoirse cainte agus saoirse faisnéise, saoirse comhthionóil agus comhlachais, saoirse na n–ealaíon agus na n–eolaíochtaí, an ceart chun oideachais, saor–rogha gairme agus an ceart chun gabháil i mbun oibre, saoirse chun gnó a dhéanamh, an ceart chun maoine, an ceart chun tearmainn, cosaint i gcás aistriú, ionnarbadh nó eiseachadadh).
- Caibidil III: comhionannas (comhionannas faoin dlí, neamh–idirdhealú, éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teangacha, comhionannas idir fir agus mná, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, imeascadh daoine faoi mhíchumas).
- Caibidil IV: dlúthpháirtíocht (ceart na n–oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle laistigh den ghnóthas, ceart chun cómhargála agus chun caingne, ceart rochtana ar sheirbhísí socrúcháin, cosaint i gcás dífhostú gan údar maith, dálaí oibre cothrom agus cóir, cosc ar fhostú páistí agus cosaint do dhaoine óga ag an obair, saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil, slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta, cúram sláinte, rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, caomhnú an chomhshaoil, cosaint tomhaltóirí).
- Caibidil V: cearta saoránach (an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin doPharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin chathracha, an ceart chun dea–riaracháin, ceart rochtana ar dhoiciméid, an tOmbudsman Eorpach, ceart achainí, saoirse gluaiseachta agus cónaithe, cosaint taidhleoireachta agus chonsalach).
- Caibidil VI: ceartas (an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosanta, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionós, an ceart gan a bheith curtha ar triail ná pionósaithe faoi dhó in imeachtaí coiriúla as an gcion coiriúil céanna).
- Caibidil VII: forálacha ginearálta.
Raon feidhme
Baineann an chairt le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE i ngach ceann dá ngníomh. Ní leathnófar léi na cumhachtaí agus cúraimí atá tugtha dóibh sna conarthaí. Baineann an chairt le Ballstáit chomh maith nuair a chuireann siad dlí AE chun feidhme.
Tá feidhm ag an gcairt i gcomhar le córais náisiúnta agus idirnáisiúnta um chosaint ceart, lena n–áirítear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Tuarascálacha bliantúla
Gach bliain ó 2010 i leith, foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil bhliantúil ina ndéantar monatóireacht ar chur chun feidhme na cairte. Ó 2021 ar aghaidh, i ndiaidh na straitéise chun feidhmíocht na cairte in AE a neartú (féach an achoimre), i dtuarascáil na cairte dírítear gach bliain ar réimse téamúil éagsúil atá ábhartha go straitéiseach agus faoi rialú dhlí AE.
CÚLRA
- In 1999, chinn an Chomhairle Eorpach gur cheart na cearta bunúsacha is infheidhme ar leibhéal AE a chomhdhlúthú i gcairt chun iad a dhéanamh níos infheicthe.
- Rinne Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún an Chairt a fhógairt go foirmiúil i Nice i mí na Nollag 2000.
- Tá ceangailteacht dhlíthiúil ag an gcairt ó tháinig Conradh Liospóin (féach an achoimre) i bhfeidhm, i mí na Nollag 2009 agus tá an stádas dlíthiúil céanna léi anois agus atá le conarthaí AE.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialacha Nósanna Imeachta Chúirt Iniúchóirí an Aontais Eorpaigh (IO L 202, 7.6.2016, lgh. 389–405).
Nuashonraithe 14.01.2022
Top