Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint sonraí san earnáil cumarsáide leictreonaí

Cosaint sonraí san earnáil cumarsáide leictreonaí

ACHOIMRE

Déantar faisnéis a mhalartú trí na seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí amhail an t-idirlíon agus teileafónaíocht mhóibíleach agus líne thalún agus trí na líonraí a ghabhann leo. Teastaíonn rialacha agus cosaintí sainiúla i leith na seirbhísí agus na líonraí sin chun cearta úsáideoirí chun príobháideachais agus rúndachta a chinntiú.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leagtar amach rialacha inti chun slándáil a chinntiú sa phróiseas um shonraí pearsanta, fógra maidir le sáruithe ar shonraí pearsanta, agus rúndacht na cumarsáide. Cuirtear cosc inti ar chumarsáid gan iarraidh sa chás nár thug an t-úsáideoir a gcead.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a seirbhísí a chosaint tríd an méid seo a leanas ar a laghad:

  • a chinntiú nach mbeidh rochtain ar shonraí pearsanta ach ag daoine údaraithe amháin;
  • sonraí pearsanta a chosaint ó bheith scriosta, caillte nó athraithe trí thimpiste agus ó chineálacha neamhdhleathacha nó neamhúdaraithe próiseála ar bith eile.
  • cur i bhfeidhm beartas slándála maidir le próiseáil sonraí pearsanta a chinntiú.

Ní mór don soláthraí seirbhíse sárú ar bith ar shonraí pearsanta a chur in iúl don údarás náisiúnta laistigh de 24 uair an chloig. Má tá an seans ann go ndéanfaí dochar do shonraí pearsanta nó do phríobháideachas úsáideora, ní mór é sin a chur in iúl dóibh fosta mura ndearnadh bearta teicneolaíocha sainiúla a aithint chun na sonraí a chosaint.

Ní mór do thíortha AE rúndacht na cumarsáide a dhéantar thar líonraí poiblí a chinntiú, agus go sonrach ní mór dóibh:

  • cosc a chur ar éisteacht, ar théipeáil, ar stóráil nó ar chineál ar bith eile faireachais nó idircheaptha cumarsáide agus sonraí tráchta gan cead na n-úsáideoirí, ach amháin má bhíonn údarú dlíthiúil ag an duine agus i gcomhréir le ceanglais shainiúla;
  • a chinntiú nach gceadaítear stóráil faisnéise nó rochtain ar fhaisnéis atá stóráilte ar threalamh pearsanta úsáideora ach amháin má cuireadh an cuspóir in iúl go soiléir agus go hiomlán, i measc eile, don úsáideoir, agus gur tugadh an ceart chun é a dhiúltú dóibh.

Sa chás nach dteastaíonn sonraí tráchta a thuilleadh le haghaidh cumarsáide nó billeála, ní mór iad a ghlanadh nó an t-ainm a bhaint díobh. Mar sin féin, féadfaidh soláthraithe seirbhíse na sonraí sin a phróiseáil chun críche margaíochta ar an gcoinneáil go dtugann na húsáideoirí lena mbaineann a gcead. Féadfar an cead seo a aistarraingt ag tráth ar bith.

Teastaíonn cead an úsáideora chomh maith i roinnt cásanna eile lena n-áirítear:

  • sular féidir cumarsáid (turscar) gan iarraidh a chur chucu. Baineann sé sin le córas teachtaireachta SMA agus leictreonaí chomh maith;
  • sula ndéantar faisnéis (fianáin) a stóráil ar a ríomhairí nó ar a ngléasanna nó sula bhfaightear rochtain ar an bhfaisnéis sin. Ní mór faisnéis shoiléir agus iomlán, i measc eile, a thabhairt don úsáideoir maidir le cuspóir na stórála nó na rochtana;
  • sular féidir uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist nó seoltaí poist a chur in eolairí poiblí.

Ceanglaítear ar thíortha AE córas pionós a bheith acu lena n-áirítear smachtbhannaí dlíthiúla le haghaidh sáruithe ar an eolaire.

Ní féidir scóip na gceart agus na n-oibleagáidí a shrianadh ach le bearta reachtacha náisiúnta nuair atá srianta dá leithéidí riachtanach agus comhréireach chun sainleasanna poiblí a chosaint, amhail imscrúduithe coiriúla a cheadú nó chun an tslándáil náisiúnta, an chosaint náisiúnta nó an tslándáil phoiblí a chosaint.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Ón .

CÚLRA

Tá an treoir seo ar 1 as 5 threoir agus le chéile tá siad ina gcuid den Phacáiste Teileachumarsáide, creat reachtach lena rialaítear an earnáil cumarsáide leictreonaí. Sna treoracha eile cumhdaítear an creat ginearálta, rochtain agus idirnascadh, údarú agus ceadúnú, agus seirbhís uilíoch.

Leasaíodh an pacáiste in 2009 le 2 threoir maidir le reachtóireacht níos fearr agus cearta saoránach chomh maith le rialachán lena mbunaítear Comhlacht na rialálaithe Eorpacha um chumarsáid leictreonach.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin um Threoir um Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas: Commission Recommendation (EU) 2020/518 of 8 April 2020 on a common Union toolbox for the use of technology and data to combat and exit from the COVID-19 crisis, in particular concerning mobile applications and the use of anonymised mobility data

GNÍOMH

Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach).

nuashonrú is deireanaí

Top