Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Uastréimhsí tiomána agus tréimhsí scíthe san earnáil iompair de bhóthar

Uastréimhsí tiomána agus tréimhsí scíthe san earnáil iompair de bhóthar

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 561/2006 maidir le huastréimhsí tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe

Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

  • Le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/1054, leagtar síos rialacha amach maidir le huastréimhsí tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe do thiománaithe leoraithe, cóistí agus busanna chun dálaí oibre agus sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú.
  • Le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/1054, leagtar síos na ceanglais maidir le tógáil, suiteáil, úsáid, tástáil agus rialú tacagraf nach mór a shuiteáil sna feithiclí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006:

  • tá feidhm aige maidir le hearraí a iompaítear de bhóthar, i bhfeithiclí de lánmhais níos nó ná 3.5 tonna agus maidir le hiompar paisinéirí de bhóthar, i bhfeithiclí atá oiriúnaithe chun níos mó ná naonúr a iompar (lena n–áirítear an tiománaí);
  • ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh, beidh feidhm aige maidir le hiompar earraí de bhóthar in iompar idirnáisiúnta nó in oibríochtaí cabatáiste i bhfeithiclí (lena n–áirítear leantóir nó leathleantóir) lena mbaineann lánmhais níos nó ná 2.5 tona;
  • is cuma cén tír ina bhfuil an fheithicil cláraithe, le hiompar de bhóthar san Aontas Eorpach (AE) agus idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, an Eilvéis agus tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch.

Aois íosta

Ní mór do mhátaí agus seoltóirí tiománaithe a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad, ach amháin i gcásanna áirithe i gcás mataí tiománaithe faoi oiliúint, a bhfuil aois íosta 16 bliana d’aois acu (féach Airteagal 5 chun tuilleadh sonraí a fháil).

Rialacha maidir le huastréimhsí tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe

Leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir leo sin in Airteagail 6, 7, 8, 8a agus 9.

  • Áirítear ar na rialacha sin:
    • uasmhéid ama tiomána laethúil 9 n-uaire an chloig, is féidir a shíneadh go 10 n-uaire an chloig ar a mhéad dhá uair sa tseachtain;
    • uastréimse tiomána seachtainiúil 56 uairs;
    • uasmhéid carnach ama tiomána de 90 uair an chloig le linn 2 sheachtain ar bith as a chéile;
    • tar éis tiomána ar feadh tréimhse 4.5 uair an chloig, nach mór don tiománaí sos gan bhriseadh nach lú ná 45 nóiméad a thógáil, mura dtógann sé tréimhse scíthe;
    • uastréimhse tiomána laethúil 11 uair an chloig, a d’fhéadfaí a mhéadú go 9 n–uair an chloig, ach nach mó ná trí huaire idir 2 thréimhse scíthe seachtainiúla ar bith;
    • tréimhse scíthe seachtainiúla rialta 45 uair an chloig ar a laghad agus tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe 24 uair an chloig ar a laghad.
  • Ní mór do chuideachtaí iompair obair tiománaithe a eagrú sa chaoi is go mbeidh siad in ann filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra ina mbíonn na tiománaithe bunaithe de ghnáth sa Bhallstát nó ar áit chónaithe na dtiománaithe agus go gcaithfidh siad tréimhse scíthe seachtainiúla rialta amháin ar a laghad (nó tréimhse scíthe seachtainiúla is faide ná 45 uair an chloig mar chúiteamh ar thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe) laistigh de gach tréimhse 4 seachtaine as a chéile.
  • Ní mór do thiománaithe a bheith ábalta a scíth sheachtainiúil 45 uair an chloig a ghlacadh i lóistín atá oiriúnach ó thaobh inscne de ina bhfuil saoráidí imleora codlata agus sláintíochta (i.e. ar shiúl ó chábán an tiománaí), agus ní mór don chuideachta iompair, mar an fostóir, an costas as sin a íoc.
  • Níor cheart cur isteach ar thréimhsí scíthe laghdaithe agus rialta tiománaithe níos mó ná dhá uair le gníomhaíochtaí eile nach faide ná 1 uair an chloig ar an iomlán, i gcás go bhfuil feithiclí leis na tiománaithe sin a iompraítear de bhád farantóireachta nó d’iarnród. Ní bhaineann sé sin ach le cás tiománaithe a bhfuil rochtain acu ar chábán codlata ar an mbád farantóireachta nó ar an traein agus, i gcás scíth sheachtainiúil rialta, ní féidir cur isteach uirthi i gcás go bhfuil fad sceidealaithe an turais 8 n–uair an chloig nó níos mó.
  • gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún Eorpach, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012, lena leagtar amach caighdeáin maidir leis an leibhéal seirbhíse i limistéir pháirceála shábháilte shlána do thiománaithe agus nósanna imeachta chun sábháilteacht agus slándáil na limistéar sin a dheimhniú.

Íoschoinníollacha maidir le cur chun feidhme an rialacháin

  • Leagtar síos le Treoir 2006/22/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2020/1057, na híoschoinníollacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) 561/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 (féach an t-alt maidir le tacagraif thíos).
  • Féachann sé le cur i bhfeidhm cuí agus léirmhíniú comhchuibhithe na rialacha sóisialta maidir le hiompar de bhóthar a áirithiú trí íoscheanglais a leagan síos maidir le seiceáil aonfhoirmeach agus éifeachtach ag na Ballstáit ar chomhlíonadh na rialacha ábhartha. Ba cheart na seiceálacha sin a úsáid chun sáruithe a laghdú agus a chosc.
  • Ceanglaítear ar na Ballstáit córas rátála riosca a thabhairt isteach do chuideachtaí iompair a bheidh bunaithe ar líon agus ar dhéine choibhneasta aon sáruithe a rinne an chuideachta aonair. Ní mór seiceáil níos dlúithe a dhéanamh ar chuideachtaí lena mbaineann ardriosca agus iad a sheiceáil ar bhonn níos minice.

Tacagraif

  • Faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 (féach an achoimre), ní mór tacagraif a shuiteáil i ngach feithicil níos troime ná 3.5 tona agus a iompraíonn earraí de bhóthar, agus i bhfeithiclí ina n–iompraítear níos mó ná naonúr (lena n–áirítear an tiománaí), le heisceachtaí áirithe. Ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh, ní mór tagagraif a shuiteáil i bhfeithiclí níos troime ná 2.5 tona a bhaineann le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar nó le hoibríochtaí cabatáiste.
  • Aistríodh an teicneolaíocht a bhaineann le tacagraif ar dtús ó analóg go digiteach agus uaidh sin ar aghaidh ó dhigiteach go hard-digiteach, i.e. cliste.
  • Tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 rialacha maidir le tacagraif chliste – glúin úr de ghléasanna ar líne chun reachtaíocht AE maidir le huastréimhsí tiomána agus tréimhsí scíthe tiománaithe a fhorfheidhmiú. Tá tacagraif chliste éigeantach i ngach feithicil úr a chlárófar i ndiaidh an 15 Meitheamh 2019. Le tacagraif chliste, cuirtear taifeadadh uathoibrithe ar fáil trí shuí satailíte ar am tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe, mar aon le tréimhsí infhaighteachta agus obair eile a dhéanann tiománaí. Ba cheart go gcuirfeadh siad le comhlíonadh agus go gcuirfeadh siad le haimsiú luath calaoise agus mí-úsáide.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ón 11 Aibreán 2007.
  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) 165/2014 ón 2 Márta 2015, lena mbaineann na heisceachtaí atá liostaithe in Airteagal 48 de.
  • Tá feidhm le Rialachán (AE) 2020/1054, lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, ón 1 Lúnasa 2020, cé go mbeidh feidhm ag Airteagal 1(15) agus Airteagal 2(12) ón 31 Nollaig 2024.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le reachtaíocht áirithe shóisialta a chomhchuibhiú a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lgh. 1-14).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lgh. 1-33).

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin a bhunú ina sonraítear leibhéal seirbhíse agus slándála na limistéar páirceála sábháilte agus slán agus maidir leis na nósanna imeachta chun iad a dheimhniú (IO L 170, 28.6.2022, lgh. 27–37).

Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le híoschoinníollacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE (IO L 102, 11.4.2006, lgh. 35-44).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 12.09.2022

Top