EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dlínse agus an dlí is infheidhme in ábhair chomharbais agus Deimhniú Eorpach Comharbais

Dlínse agus an dlí is infheidhme in ábhair chomharbais agus Deimhniú Eorpach Comharbais

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 maidir le hábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

  • Soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil do thairbhithe comharbas idirnáisiúnta, seachnaítear easaontacht cinntí agus déantar imeachtaí a shimpliú ann. Déantar níos éasca é dá bhrí sin do thairbhithe i dtír AE eile leas a bhaint as na cearta a tugadh dóibh nó a aistríodh chucu trí chomharbas.
  • Bunaítear rialacha AE ann maidir le dlínse agus maidir leis an dlí is infheidhme lena rialaítear ábhair chomharbais in AE, chomh maith le rialacha maidir le haithint agus forfheidhmiú cinntí a tugadh i dtír AE agus maidir le glacadh agus forfheidhmiú doiciméad dlíthiúil foirmiúil arna n-eisiúint i dtír AE.
  • Tugtar isteach leis chomh maith Deimhniú Eorpach Comharbais a úsáidfidh oidhrí, leagáidithe, seiceadóirí uachtanna nó riarthóirí an stáit lena stádas a léiriú agus/nó lena gcearta nó lena gcumhachtaí a fheidhmiú i dtír AE eile.
  • Tá feidhm aige maidir le gach tír AE, seachas an Ríocht Aontaithe (1), Éire agus an Danmhairg a leanfaidh lena ndlí náisiúnta féin a chur i bhfeidhm maidir le comharbais idirnáisiúnta. Cuirfidh na tíortha AE eile a rialacha náisiúnta i bhfeidhm maidir le haithint agus forfheidhmiú na gcinntí a thugtar sna trí thír sin.
  • Baineann sé le básanna ar an 17 Lúnasa 2015 nó ina dhiaidh sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le gach gné shibhialta den chomharbas ar eastáit daoine éagtha.

Níl feidhm aige maidir le:

  • cúrsaí ioncaim (mar shampla, cúrsaí cánach);
  • cúrsaí custaim;
  • nó cúrsaí riaracháin.

Ní chumhdaítear sa rialachán réimsí an dlí shibhialta seachas comharbas, amhail socruithe maidir le maoin phósta, bronntanais agus pleananna pinsin.

Dlínse agus an dlí is infheidhme

  • Beidh dlínse ag cúirteanna na tíre AE ina raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha tráth a bháis maidir le rialú a thabhairt ar an gcomharbas ina iomláine.
  • Mar riail, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir leis an gcomharbas dlí na tíre ina raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha tráth a bháis. D’fhéadfadh dlí thír AE nó thír neamh-AE a bheith i gceist leis.
  • Féadfaidh duine, sula bhfaigheann sé bás, áfach, a roghnú ina áit sin gurb é an dlí ba cheart a bheith infheidhme dlí a dtíre náisiúntachta. Más náisiúnach thír AE an duine seo, féadfaidh na páirtithe a bhaineann leis an gcomharbas a aontú gur cheart do chúirteanna na tíre AE sin déileáil leis an gcomharbas seachas an ceann ina raibh gnáthchónaí ar an duine éagtha.
  • Baineann an dlí céanna leis an gcomharbas ina iomláine, beag beann ar chineál na sócmhainní (sochorraithe nó dochorraithe) lena mbaineann nó ar an tír ina bhfuil siad lonnaithe.

Rialóidh an dlí is infheidhme, mar shampla:

  • cinneadh na dtairbhithe agus a sciartha faoi seach;
  • inniúlacht teacht in oidhreachta ar rud;
  • cumhachtaí na n-oidhrí, seiceadóirí uachtanna agus riarthóirí an eastáit;
  • an dliteanas i leith na bhfiach faoin gcomharbas;
  • comhroinnt an eastáit.

Aithint agus forfheidhmiú

Seachnaítear imeachtaí comhthreomhara, lena bhféadfadh easaontacht cinntí breithiúnacha a bheith i gceist, má chuireann údarás aonair dlí aonair i bhfeidhm maidir leis an gcomharbas idirnáisiúnta. Cinntítear leis chomh maith go n-aithnítearcinntí a thugtar i dtír AE ar fud AE gan gá a bheith le nós imeachta speisialta ar bith. Tá cinntí atá in-fheidhmithe sa tír AE inar tugadh iad in-fheidhmithe i dtír AE eile nuair, ar iarratas ó pháirtí leasmhara, a dhearbhaíonn an chúirt áitiúil go bhfuil siad in-fheidhmithe ansin.

Deimhniú Eorpach Comharbais

  • Is éard is Deimhniú Eorpach Comharbais ann (DEC) doiciméad roghnach arna eisiúint ag an údarás atá ag déileáil leis an gcomharbas.
  • Is lena úsáid atá sé ag oidhrí, leagáidithe, seiceadóirí uachtanna nó riarthóirí an stáit, nach mór dóibh, i dtír AE eile, a stádas a léiriú agus/nó a gcearta a fheidhmiú mar oidhrí nó leagáidithe nó a gcumhachtaí mar sheiceadóirí uachtanna nó mar riarthóirí an stáit a fheidhmiú .
  • Nuair a bheidh sé eisithe, aithneofar Deimhniú Eorpach Comharbais i ngach tír AE gan gá a bheith le nós imeachta speisialta ar bith.
  • I gcodarsnacht le deimhniúcháin náisiúnta chomharbais, lena bhfuil éifeachtaí difriúla ag brath ar an tír AE eisiúna, beidh na héifeachtaí céanna ag an Deimhniú Eorpach Comharbais, arna leagan amach sa rialachán, sna tíortha AE uile.
  • Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 1329/2014 na foirmeacha atá le húsáid le gabháil leis an Rialachán seo, go háirithe an Deimhniú Eorpach Comharbais.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 5 Iúil 2012.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach anTairseach don r-Cheartas

Translation Missing (European e-Justice Portal)

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh.650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO L 201, 27.7.2012, lgh. 107-134)

Rinneadh leasuithe leantacha ar Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh.1329/2014 ón gCoimisiún ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2014 lena mbunaítear na Foirmeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO L 359, 16.12.2014, lgh. 30-84). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 25.01.2016



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top