Atlasiet eksperimentālās funkcijas, kuras vēlaties izmēģināt!

Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.

Dokuments EESC-2023-03253-AS

Faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánach (FASTER)

EESC-2023-03253-AS

GA

ECO/627

Faoiseamh níos tapúla agus níos sábháilte ó fharasbarr cánach (FASTER)

TUAIRIM

An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Faoiseamh Níos Tapúla agus Níos Sábháilte ó Fharasbarr Cánacha Siarchoinneálacha

[COM(2023) 324 final – 2023/0187 (CNS)]

Teagmháil

eco@eesc.europa.eu

Riarthóir

Jüri SOOSAAR

Dáta an doiciméid

23/11/2023

Rapóirtéir: Benjamin RIZZO

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 28/07/2023

Bunús dlí

Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

15/11/2023

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

30/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

DD/MM/YYYY

Seisiún iomlánach Uimh.

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

…/…/…



1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tacaíonn CESE le cuspóir an Choimisiúin cánachas dúbailte agus nósanna imeachta casta a sheachaint le haghaidh rátaí laghdaithe atá chun dochair d’infheisteoirí a bhfuil urrúis ina seilbh acu i gcomhthéacs trasnáisiúnta. Le nósanna imeachta níos tapúla agus níos éifeachtúla, tacófar le hinfheistíochtaí trasteorann ar mhaithe leis an margadh inmheánach.

1.2Is mór ag CESE an breisluach a d’fhéadfadh a bheith sa togra ón gCoimisiún chun tacú le hinfheistíochtaí trasteorann ar fud an Aontais, go háirithe le hinfheisteoirí miondíola, rud a d’fhéadfadh tarlú ach simpliú mór a chur ar an nós imeachta. Dá bhrí sin, is rud é an togra atá i gcomhréir leis an gcuspóir maidir le haontas margaí caipitil a bhunú agus iomaíochas foriomlán an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

1.3Is mór ag CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis an gcalaois agus leis an mí-úsáid chánach maidir le scéimeanna aiséilimh cánach siarchoinneála (Calaois Cum/Ex agus Cum/Cum), as a dtiocfaidh córas cánachais níos cothroime ar fud na mBallstát agus bailiú feabhsaithe ioncaim cánach, chomh maith le comhar níos fearr a spreagadh idir na húdaráis chánach.

1.4Tugann CESE dá aire go bhfuil an togra ón gCoimisiún i gcomhréir leis na moltaí a rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ina Thuarascáil chríochnaitheach maidir le Cum/Ex, Cum/Cum agus scéimeanna aiséilimh cánach siarchoinneálaí, inar áitíodh gníomhaíocht shonrach ar leibhéal an Aontais chun calaois agus mí-úsáid a chomhrac.

1.5Is díol sásaimh do CESE deimhniú leictreonach aonfhoirmeach uile-Aontais ar chónaí cánach a bheith ann (eTRC), doiciméad a chuirfidh feabhas ar uainiú na n-aisíocaíochtaí agus a rachaidh chun tairbhe d’infheisteoirí trasnáisiúnta dá réir. Molann CESE go bhféadfaí leas a bhaint as ríomh-DCC chun saincheisteanna a shimpliú sa bhreis orthu sin a chumhdaítear sa togra cheana.

1.6Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil an Coimisiún ag súil go ndéanfar coigilteas suntasach leis an togra i gcomparáid leis an status quo agus molann sé don Choimisiún a fhíorú go tráthrialta an bhfuil coigilteas den sórt sin bainte amach.

1.7Ní mór d’institiúidí airgeadais clárú le gach Ballstát, agus, dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag súil le méadú ar chostais chomhlíonta sa ghearrthéarma, rud ba cheart a laghdú le himeacht ama as a dtiocfaidh buntáistí suntasacha san fhadtéarma. I ndáil leis sin, molann CESE go ndéanfar iarrachtaí spriocdhírithe chun na costais chomhlíonta a choimeád chomh híseal agus is féidir sa chéad chéim de chur chun feidhme na rialacha nua.

1.8Aontaíonn CESE le rogha an Choimisiúin tairseach de minimis a bhunú, arb é is toradh di nach n-iarrtar ar infheisteoirí a bhfuil íocaíochtaí díbhinne acu atá faoi bhun thairseach EUR 1 000 faisnéis a chur ar fáil faoi shocruithe airgeadais nó tréimhsí íosta sealbhaíochta. Dealraíonn sé go mbaintear cothromaíocht amach leis an rogha sin idir éifeachtacht na rialacha nua ar mhaithe leis an margadh inmheánach agus le hinfheisteoirí, agus an gá atá le simpliú trí dhleachtanna ró-throm ar mhéideanna beaga urrús arna sealbhú a sheachaint.

1.9Molann CESE do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla maidir le staitisticí a chur ar fáil don Choimisiún go pras, le linn na tréimhse cur chun feidhme, maidir le líon na n-éileamh iomarcach (WHT) a aisíoctar/a bhaintear amach laistigh den tréimhse ama agus ina dhiaidh chun a áirithiú go ndéanfar na héilimh a aisíoc/a lamháil de réir a chéile laistigh den tréimhse uaillmhianach nach faide ná na 25 lá a leagtar síos sa togra ón gCoimisiún.

1.10Tugann CESE dá aire go ndéantar na pionóis a d’fhéadfadh a bheith ann i gcoinne idirghabhálaithe airgeadais agus a shonraítear in Airteagal 17 den togra a tharmligean chuig na Ballstáit. Ba cheart na pionóis a bheith éifeachtach agus athchomhairleach, comhréireach agus réasúnach chun cur chun feidhme tapa na rialacha nua a chomhcheangal leis an ngá atá ann d’idirghabhálaithe airgeadais oiriúnú don chur chuige nua rialála atá glactha ag an gCoimisiún.

2.An togra ón gCoimisiún

2.1Faoi láthair, tá cánachas dúbailte ar infheisteoirí maidir le díbhinní agus ús a eascraíonn, faoi seach, as sealúchais cothromais agus bannaí mar thoradh ar urrúis a shealbhú i gcomhthéacs trasteorann. Go deimhin, is féidir cánacha a ghearradh, sa chéad áit i dtír eisiúna na n-urrús (tír thionscnaimh) trí cháin arna siarchoinneáil ón ollioncam ó urrúis, (cáin shiarchoinneálach (CSC)), agus sa dara háit i dtír chónaithe an infheisteora (tír chónaithe), toisc go ngearrfar cáin ar an ioncam sin.

2.2Chun cánachas dúbailte den chineál sin a sheachaint, cuireadh comhaontuithe um chánachas dúbailte (CCDanna) chun feidhme chun gur féidir cearta cánachais a roinnt idir na tíortha foinseacha agus tíortha cónaithe. Dá bhrí sin, féadfaidh infheisteoirí neamhchónaitheacha a bheith i dteideal ráta níos ísle de cháin shiarchoinneálach nó i dteideal díolúine sa tír fhoinseach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh reachtaíocht intíre i roinnt tíortha foinseacha foráil a dhéanamh do ráta cánach laghdaithe nó do dhíolúine. D’fhéadfaí an cháin laghdaithe nó an díolúine seo a chur i bhfeidhm go díreach nuair a íoctar an díbhinn/an t-ús (faoiseamh ag an bhfoinse), nó tríd an gcáin bhreise arna siarchoinneáil a aisíoc ar bhonn athéilimh ón infheisteoir (nós imeachta aisíocaíochta).

2.3Mar sin féin, is minic a bhíonn tromualach ag baint le nósanna imeachta CSC atá bunaithe ar chonarthaí cánach nó ar shochair intíre is infheidhme maidir le hinfheisteoirí neamhchónaitheacha, agus go dtógann siad tamall fada toisc go bhfuil éagsúlacht mhór ag baint leo ar fud na mBallstát, a bhfuil leibhéil éagsúla digitithe acu agus a bhfuil doiciméid éagsúla ag teastáil ina leith i ngach dlínse. Ina theannta sin, tá an baol ann go bhfágfaidh nósanna imeachta CSC calaois agus mí-úsáid chánach, rud as a leanann caillteanais ioncaim do na Ballstáit, mar a thaispeántar le scannail le déanaí, (na cásanna Cum/Cum agus Cum/Ex). Bhain cásanna den sórt sin le haisíocaíochtaí iomarcacha a fuarthas gan teidlíochtaí.

2.4Leis an staid a thuairiscítear, díspreagtar infheistíochtaí trasteorann ar fud an Aontais, go háirithe na hinfheisteoirí miondíola, mar gheall ar nósanna imeachta fadálacha agus costasacha atá ag teacht salach ar na cuspóirí maidir le haontas margaí caipitil a bhunú agus maidir le hiomaíochas foriomlán an mhargaidh inmheánaigh. Forlíontar na haisíocaíochtaí sin leis an mbaol calaoise agus mí-úsáide a luaitear, rud a imríonn tionchar diúltach ar ioncam cánach na mBallstát.

2.5Sa mheasúnú tionchair a rinne an Coimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar réitigh reachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann, tugadh aird ar thrí rogha beartais inmharthana: i) deimhniú digiteach coiteann um chónaí cánach (ríomh-DCC) agus tuairisciú coiteann a bhunú; ii) córas faoisimh ag foinse a chur chun feidhme; iii) córas aisíocaíochta tapa a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama socraithe agus/nó faoiseamh ag an bhfoinse. Meastar gurb í an tríú rogha an rogha is éifeachtaí maidir le héifeachtacht (luas, simplíocht agus digitiú na nósanna imeachta) agus maidir le hindéantacht pholaitiúil.

2.6Is é is aidhm don togra reachtach ón gCoimisiún an comhthéacs nós imeachta a fheabhsú, cuspóir dúbailte a shaothrú maidir le tacú le dea-fheidhmiú Aontas na Margaí Caipitil trí infheistíocht trasteorann a éascú ar thaobh amháin, agus cánachas cothrom a áirithiú trí chalaois agus mí-úsáid chánach a laghdú ar an taobh eile. De réir mheastacháin an Choimisiúin, thart ar EUR 5.17 billiún in aghaidh na bliana a bheidh i gcoigilteas d’infheisteoirí a spreagfaidh cur chun feidhme an togra nua.

2.7Déantar an togra a struchtúrú ina dhá phríomhchuid (Caibidil 2 agus Caibidil 3). Déantar foráil i gCaibidil 2 maidir le deimhniú digiteach um chónaí cánach a chruthú ar fud an Aontais, agus dírítear i gCaibidil 3 ar na nósanna imeachta faoisimh CSC. Áirítear ann freisin an nós imeachta chun Cláir Náisiúnta a bhunú d’idirghabhálaithe airgeadais sonracha (Idirghabhálaí Airgeadais Deimhnithe — IAD), oibleagáid tuairiscithe chaighdeánaithe maidir leis an IAD sin, agus an oibleagáid atá ar na Ballstáit córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse nó córas tapa aisíocaíochta nó meascán den dá cheann a bhunú

2.8Tá an ríomh-DCC coiteann le tabhairt isteach ag gach Ballstát agus soláthrófar leis próiseas riaracháin tapa agus slán chun cónaí cánach cháiníocóirí an Aontais a dhearbhú. De réirAirteagal 4, beidh ábhar coiteann ann don ríomh-DCC, gan beann ar an mBallstát eisiúna, i.e. an Ballstát cónaithe. Thairis sin, chun an t-ualach riaracháin a laghdú, tá sé beartaithe ríomh-DCC a sholáthar lena chumdófar bliain féilire i gcás ina ndéanfar an iarraidh i mbliain leanúnach don bhliain chánach sin.

2.9Ceanglófar ar na Ballstáit ríomh-DCC a eisiúint laistigh de lá amháin, fad a bheidh tacar sonrach faisnéise curtha ar fáil dóibh agus ar choinníoll nach dtarlóidh aon imthoisc eisceachtúil a mbíonn moill mar thoradh uirthi. I gcásanna nach gcomhlíonfar an eisiúint aon lae, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don pháirtí iarrtha. Chun an ceanglas maidir le heisiúint aon lae a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit córas lán‑uathoibríoch a fhorbairt chun ríomh-DCC a eisiúint.

2.10Chun tairbhe a bhaint as na nósanna imeachta um fhaoiseamh ó CSC atá i gcroílár na Treorach, beidh ar infheisteoirí a bheith in ann dul i mbun déileála le hidirghabhálaithe airgeadais atá deimhnithe chun na seirbhísí sin a sholáthar. Is ann do dhá fhoras le bheith deimhnithe mar IAD agus rochtain a fháil ar nósanna imeachta na Treorach seo i) ar bhonn éigeantach i gcás institiúidí móra; ii) ar bhonn deonach i gcás gach eintitis eile.

2.11Maidir leo siúd a cheanglaítear orthu a thuairisciú, eascraíonn na hoibleagáidí tuairiscithe ón gclárú i gceann de na Cláir Náisiúnta. Tá gach IAD atá san áireamh i gceann amháin nó níos mó de na Cláir Náisiúnta faoi réir tuairisciú don údarás a choinníonn an clár ar bun, agus i gcás inarb infheidhme don ghníomhaire cánach siarchoinneálaí, gan beann ar a dtír chónaithe (bíodh sí san Aontas nó lasmuigh den Aontas nó i mBallstát a bhfuil Clár Náisiúnta féin i bhfeidhm aige nó nach bhfuil).

2.12Maidir le hábhar an tuairiscithe, leagtar síos leis an Treoir tacar coiteann de ghnéithe tuairiscithe (Iarscríbhinn II). Ní thabharfaidh gach IAD tuairisc ach ar an gcuid sin den idirbheart atá infheicthe dó, is é sin le rá, an t-idirbheart óna bhfuil an díbhinn/ús á fháil aige agus cé leis a bhfuil an díbhinn/ús á íoc aige. Dá réir sin, beidh an fhaisnéis riachtanach uile chun slabhra airgeadais an idirbhirt ón infheisteoir go heisitheoir na n-urrús a athchruthú ag an té a fhaigheann an tuairisciú iomlán, is cuma riarachán cánach foinse nó gníomhaire CSC arna ainmniú thar a cheann a bheith ann.

2.13Cuirfidh an fhaisnéis a thuairiscítear chuig an riarachán cánach ar a chumas dó sainaitheantas an infheisteora deiridh agus a dteidlíocht ionchasach i leith ráta laghdaithe CSC a shuí. Maolaítear riosca na n-aisíocaíochtaí dúbailte dá bhrí sin agus feabhsaítear cumas na riarachán cánach cleachtais mhaslacha agus chalaoiseacha eile a shainaithint agus a chomhrac.

2.14Maidir leis an gcaoi a n-oibreoidh an tuairisciú, déanfar é trí scéim chaighdeánaithe i bhformáid XML a leagfar amach i ngníomh cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin. Déanfar an bealach uathoibrithe chun an fhaisnéis a sheachadadh ó na hoibreoirí eacnamaíocha chuig an riarachán cánach comhfhreagrach nó chuig gníomhaire CSC a ghníomhaíonn thar a cheann a chaighdeánú agus a leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme seo.

2.15Is é an t-amlíne chun an fhaisnéis atá a thuairisciú ná 25 lá ar a dhéanaí ón dáta taifid. Ba cheart tuairisciú a dhéanamh a luaithe is féidir tar an dáta taifid, ach amháin má thugtar treoir socraíochta maidir le haon chuid d’idirbheart a bheidh ag feitheamh ar an dáta taifid, agus sa chás sin déanfar an tuairisciú maidir leis an idirbheart sin a luaithe is féidir tar éis na socraíochta.

2.16Déantar foráil sa togra freisin maidir leis an méid seo a leanas: i) córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse; agus ii) córas tapa aisíocaíochta. Faoi chóras um fhaoiseamh ag an bhfoinse, cuireann gníomhaire CSC an méid cánach i bhfeidhm tráth na híocaíochta díbhinne/úis (Airteagal 12). Faoi chóras tapa aisíocaíochta, coinnítear siar an cháin ag an ráta níos airde a chuirtear i bhfeidhm sa tír fhoinseach ach tugtar an farasbarr cánach ar ais ansin laistigh de thréimhse ama socraithe 25 lá ar a mhéad ó dháta an iarratais nó ón dáta a dhéantar an tuairisciú is gá a chomhlíonadh, cibé acu is déanaí.

2.17Ar mhaithe le simpliú, tugadh isteach riail de minimis le haghaidh na n-oibleagáidí tuairiscithe agus nósanna imeachta um dhícheall chuí, sa chaoi nach n-iarrtar ar infheisteoirí a bhfuil íocaíochtaí díbhinne acu atá faoi bhun thairseach EUR 1000 faisnéis a sholáthar faoi shocruithe airgeadais nó íostréimhsí sealbhaíochta.

2.18D’fhonn a áirithiú go n‑aisíocfar aiséilimh CSC nó go dtabharfar faoiseamh ina leith laistigh den fhráma ama sonraithe (tráth nach faide ná 25 lá), ceanglófar ar na Ballstáit staidreamh a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir leis an líon aiséileamh ar fharasbarr CSC a aisíocadh nó ar tugadh faoiseamh ina leith laistigh den thréimhse ama agus ina dhiaidh.

2.19Ar deireadh, de réir Airteagal 17 den togra, ‘Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.’

3.Barúlacha ginearálta agus barúlacha sonracha

3.1Is díol sásaimh do CESE an aidhm atá leis an togra ón gCoimisiún cánachas dúbailte agus nósanna imeachta atá róchasta le haghaidh rátaí laghdaithe a sheachaint, rud a dhéanann dochar d’infheisteoirí a shealbhaíonn urrúis i gcomhthéacs trasnáisiúnta. Le nósanna imeachta CSC níos tapúla agus níos éifeachtúla, tacófar le hinfheistíochtaí trasteorann, agus seachnófar na míbhuntáistí atá ann faoi láthair ar mhaithe le leas iomlán aontas na margaí caipitil mar chuid lárnach de mhargadh aonair an Aontais.

3.2Is mór ag CESE freisin an iarracht atá á déanamh ag an gCoimisiún calaois agus mí-úsáid chánach a chosc nó a laghdú ar a laghad, rud as a dtiocfaidh córas cánachais níos cothroime ar fud na mBallstát agus bailiú méadaithe ioncaim chánach ag na Ballstáit. Go deimhin, d’fhéadfaí an t-ioncam breise a úsáid chun fás agus seirbhísí poiblí a chothú laistigh de na Ballstáit agus chun rannchuidiú leis an dá aistriú idir ghlas agus digiteach, i gcomhréir le cuspóirí an Aontais.

3.3Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach ríomh-DCC, deimhniú leictreonach uile-Aontais um chónaí cánach lena bhfeabhsófar uainiú na n-aisíocaíochtaí agus, ar an gcaoi sin, a rachaidh chun tairbhe infheisteoirí a bhfuil infheistíochtaí iomchuí acu. Molann CESE go bhféadfaí leas a bhaint as ríomh-DCC chun saincheisteanna a shimpliú sa bhreis orthu sin a chumhdaítear sa togra cheana. Ba cheart an fhaisnéis maidir le ríomh-DCC a bheith ar fáil in iliomad teangacha más gá, rud a chuirfeadh feabhas ar éifeachtúlacht na n-aisíocaíochtaí.

3.4Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhfuil an riosca calaoise nó mí-úsáide seasta ag tógáil acmhainní suntasacha d’údaráis chánach, ar acmhainní iad a d’fhéadfaí a infheistiú chun dul i ngleic le tosaíochtaí eile tar éis córas atá digitithe agus éifeachtach go cuí a chur chun feidhme chun aisíocaíochtaí tapa a cheadú laistigh de thréimhse ama socraithe, agus/nó má chuirtear córas um fhaoiseamh ag an bhfoinse i bhfeidhm ón tús.

3.5Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún go bhfuil tionscnamh reachtach Eorpach níos oiriúnaí ná gníomhaíochtaí aonair na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le cánachas ar urrúis atá á sealbhú i gcomhthéacs trasnáisiúnta. B’fhearr go saothrófaí cothrom iomaíochta d’infheisteoirí náisiúnta agus eachtracha agus d’idirghabhálaithe intíre agus neamhchónaitheacha araon le treoir ón Aontas Eorpach. Go deimhin, d’fhéadfadh tionscnaimh náisiúnta a bheith ina gcúis le neamhréireachtaí agus costais chomhlíonta, agus dealraíonn sé, má táthar chun cuspóirí an Choimisiúin a bhaint amach, go mbeadh sé níos iomchuí dul i muinín treoir arna bunú ar Airteagal 115 CFAE chun dlíthe náisiúnta a dhéanann difear d’fheidhmiú an mhargaidh aonair a chomhfhogasú.

3.6Is mór ag CESE tacaíocht fhoriomlán na mBallstát don togra ón gCoimisiún. Ag an am céanna, is fiú a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh nósanna imeachta aisíocaíochta, ná gá lena leithéid, ag roinnt Ballstát ina bhfuil an ráta intíre d’infheisteoirí neamhchónaitheacha níos ísle ná an ráta faoin gcomhaontú cánach nó mar an gcéanna leis. Ar an taobh eile, na Ballstáit sin ina bhfuil an ráta cánach siarchoinneála inmheánach níos airde ná an comhaontú cánach is infheidhme, is cinnte gur mó an spéis atá acu i bhfeabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chaighdeánú nósanna imeachta.

3.7I ndáil leis sin, tugann an Coiste faoi deara go rachaidh an togra ón gCoimisiún chun tairbhe infheisteoirí AE agus neamh-AE a bhfuil punanna éagsúlaithe acu ar fud an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain acu ar na rátaí laghdaithe a bhfuil teideal acu chucu agus iad ag infheistiú thar theorainneacha, rud a spreagfaidh infheistíochtaí trasteorann. Moltar, dá bhrí sin, an togra a fhormheas go pras, ar mhaithe leis an margadh aonair.

3.8Tugann CESE dá aire go bhfuil an togra ón gCoimisiún i gcomhréir leis an reachtaíocht a bhí ann roimhe seo agus, go háirithe, leis an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach, leis an Treoir maidir le Comhar Riaracháin agus leis an Treoir chun comhrac in aghaidh mí‑úsáid eintiteas caoch a bhfuil tuairimí tacaíochta forleathna foilsithe ag CESE ina leith. Ní hamháin go bhfuil an tionscnamh lena ndéileáiltear le cleachtais chánach éagóracha maidir le nósanna imeachta CSC nár cumhdaíodh roimhe seo comhsheasmhach leis an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, ach comhlánaíonn sé é freisin.

3.9Is mór ag CESE go bhfreagraíonn an togra ón gCoimisiún do na moltaí a rinne ESMA sa ‘Tuarascáil chríochnaitheach maidir le Cum/Ex, Cum/Cum agus scéimeanna aiséilimh cánach siarchoinneálaí’ ina n-éilítear gníomhaíocht shonrach maidir le cánachas ar leibhéal an Aontais chun calaois agus mí-úsáid a chomhrac go héifeachtach.

3.10Creideann CESE go ndearnadh an próiseas níos trédhearcaí agus níos daonlathaí de bharr an chomhairliúcháin a rinne an Coimisiún, ar ghlac iliomad geallsealbhóirí páirt ann (1682 fhreagra), d’ainneoin nádúr thar a bheith teicniúil an ábhair. Bhí na Ballstáit, infheisteoirí, institiúidí airgeadais agus údaráis chánach rannpháirteach go cuí. Thug an próiseas iomlán chun suntais go bhfuil comhthoil leathan ann maidir leis na fadhbanna atá ag éirí as na nósanna imeachta CSC difriúla ar fud na mBallstát agus maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic leis an gcás deighilte agus neamhéifeachtúil.

3.11Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil an Coimisiún ag súil le coigilteas suntasach ó fhorghníomhú an togra i gcomparáid leis an status quo, agus molann sé don Choimisiún a fhíorú go tráthrialta an bhfuil coigilteas den sórt sin bainte amach nuair a thagann sé i bhfeidhm. Maidir le hinstitiúidí airgeadais, tá an Coimisiún ag súil le méadú ar chostais chomhlíonta sa ghearrthéarma, rud ba cheart a laghdú le himeacht ama, rud as a dtiocfaidh buntáistí suntasacha san fhadtéarma. Molann CESE iarrachtaí spriocdhírithe chun costais chomhlíonta a choinneáil chomh híseal agus is féidir sa chéad chéim de chur chun feidhme na rialacha nua.

3.12Aontaíonn CESE le rogha an Choimisiúin tairseach de minimis a bhunú arb é atá ann gan faisnéis faoi shocruithe airgeadais ná íostréimhse sealbhaíochta a iarraidh ar infheisteoirí a bhfuil íocaíochtaí díbhinne acu faoi bhun thairseach EUR 1 000. Dealraíonn sé go mbaintear cothromaíocht amach leis an rogha sin idir éifeachtacht na rialacha nua (chun tairbhe an mhargaidh inmheánaigh agus infheisteoirí) ar thaobh amháin, agus an gá atá le dualgais róthroma a shimpliú i ndáil le méideanna beaga urrús arna sealbhú ar an taobh eile.

3.13Tugann CESE dá aire go ndéantar na pionóis a d’fhéadfadh a bheith ann i gcoinne idirghabhálaithe airgeadais agus a shonraítear in Airteagal 17 den togra a tharmligean chuig na Ballstáit. Ba cheart na pionóis a bheith éifeachtach agus athchomhairleach, comhréireach agus réasúnta chun cothromaíocht a bhaint amach idir cur chun feidhme tapa an chórais nua agus an gá atá ann d’idirghabhálaithe airgeadais dul in oiriúint don chur chuige rialála nua atá glactha ag an gCoimisiún.

3.14Molann CESE leibhéal leordhóthanach comhair i measc na n-údarás cánach náisiúnta agus idir na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún Eorpach, go háirithe sa chéad tréimhse cur chun feidhme, d’fhonn an córas nua a bhunú go daingean laistigh de thréimhse réasúnta ama, lena n-áiritheofar go ndéanfar éilimh WHT a aisíoc/a lamháil laistigh den tréimhse 25 lá atá sonraithe.

3.15Tá CESE á thabhairt le fios go bpróiseálfar sonraí pearsanta chun a fhíorú go gcuirtear ráta ceart CSC i bhfeidhm ar an gcáiníocóir, agus béim á leagan aige ar an ngá atá le teorainn a chur leis an méid sonraí pearsanta atá le próiseáil agus an méid is gá a tharchur chun tearcthuairisciú, neamhthuairisciú nó calaois chánach nó mí-úsáid cánach a bhrath, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus leis an bprionsabal maidir le íoslaghdú sonraí, ina luaitear nach mór sonraí pearsanta a bheith ‘leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na gcríoch ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil’.

An Bhruiséil, 15 Samhain 2023

Ioannis VARDAKASTANIS

Cathaoirleach na Rannóige um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

_____________

Augša