MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Leis an Treoir maidir le Trealamh Raidió 2014/53/AE (an RED, anseo feasta) bunaítear creat rialála maidir le trealamh raidió a chur ar an Margadh Aonair. Is é an t‑ábhar lena mbaineann an creat sin coinníollacha éigeantacha maidir le rochtain ar an margadh le haghaidh trealamh raidió. Clúdaíonn an RED trealamh leictreach agus leictreonach ar féidir leis an speictream raidió a úsáid chun críocha cumarsáide agus/nó chun críoch rad-aimsithe. Déanfaidh na Ballstáit, trína n‑údaráis faireachais margaidh náisiúnta, bearta ceartaitheacha maidir le trealamh raidió neamhchomhlíontach.
Leagtar amach in Airteagal 3 den RED na ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonfaidh trealamh raidió a chuirtear ar mhargadh an Aontais. In Airteagal 3(1)(a) leagtar amach ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le sláinte agus sábháilteacht, leagtar amach in Airteagal 3(1)(b) ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach agus leagtar amach in Airteagal 3(2) ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil an speictrim raidió. Ina theannta sin, in Airteagal 3(3) déantar foráil maidir le buncheanglais bhreise, ceanglais a mbeadh feidhm acu maidir leis na catagóirí nó na haicmí sin de threalamh raidió a shonrófaí i ngníomh nó i ngníomhartha tarmligthe gaolmhara ón gCoimisiún.
Maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha an RED atá leagtha amach in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (d), (e) agus (f), ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30. Glacadh an Rialachán Tarmligthe sin an 29 Deireadh Fómhair 2021, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2022 agus beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2024.
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 5637, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar an gCoiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) chun caighdeáin chomhchuibhithe nua a dhréachtú chun tacú le hAirteagal 3(3), an dara fomhír, pointí (d), (e) agus (f), de RED, le haghaidh na n‑aicmí agus na gcatagóirí raidió a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30.
Is é cuspóir an rialacháin tharmligthe seo cur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a chur siar chun go bhféadfaidh na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú am leordhóthanach a bheith acu chun aghaidh a thabhairt i gceart ar na hábhair chasta agus ar na fadhbanna a bhíonn le sárú maidir le hullmhú na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha.
Ina theannta sin, ceartófar earráid a aithníodh, in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, in ionad na habairte ‘sonraí tráchta agus sonraí suímh’, cuirfear ‘sonraí tráchta nó sonraí suímh’..
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Chuathas i gcomhairle leis an ngrúpa saineolaithe ar threalamh raidió (E03587) an 30 Aibreán 2023. Chuathas i gcomhairle le saineolaithe na mBallstát an 30 Bealtaine 2023 freisin. D’fhormhuinigh saineolaithe na mBallstát an dréacht-Ghníomh d’aon toil.
Seoladh foilseachán foirmiúil 4 seachtaine le haghaidh aiseolais. Is comhairliúchán é a bhí oscailte do gach saoránach agus gach páirtí leasmhar, gan aon srian. 45 aighneacht a fuarthas sa deireadh. Seo a leanas an phróifíl maidir leis na tíortha arb as do na freagróirí:
Laistigh den Aontas Eorpach: tháinig an líon ba mhó freagraí ón nGearmáin (15) agus ón mBeilg (13); tháinig an chuid eile de na freagraí ón bhFrainc (4), ón Danmhairg (2), ón Iodáil (2), ón Spáinn (1), ón tSlóvaic (1), ón Ungáir (1), ó Éirinn (1), ón bhFionlainn (1) agus ón nGréig (1).
Lasmuigh den Aontas Eorpach: Seoladh 4 ranníocaíocht ó chríocha lasmuigh den Aontas Eorpach (1 ón Eilvéis, 1 ón tSeapáin, 1 ón Téaváin agus 1 ón Ríocht Aontaithe).
Seo a leanas an phróifíl maidir le cineáil na bhfreagróirí:
Tionscal (tromlach na ranníocaíochtaí): 36 ranníocaíocht.
saoránaigh den Aontas Eorpach: 4 ranníocaíocht.
Comhlachais tomhaltóirí: 2 ranníocaíocht.
Mar dhuine nach saoránach den Aontas Eorpach é: 1 aiseolas.
Eintitis eile: 2 ranníocaíocht.
Tar éis measúnú a dhéanamh ar na haighneachtaí sin ar fad, thángthas ar an gconclúid nach gá an dréacht-ghníomh a mhodhnú, ar na cúiseanna a mhínítear thíos:
Tá imní ar roinnt freagróirí faoin easpa slándála atá ag feistí gan sreang san Aontas Eorpach sa lá atá inniu ann agus an gá atá ann iallach a chur ar na monaróirí bearta cibearshlándála a chur i bhfeidhm go práinneach. I ndáil leis sin, fágann easpa caighdeán comhchuibhithe ábhartha comhlíonadh cheanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/53/AE maidir le cibearshlándáil an-deacair. Má bhíonn caighdeáin chomhchuibhithe den sórt sin ann, beidh monaróirí in ann féinmheasúnú a dhéanamh agus féadfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra, má bhíonn baint acu leis, iad a ghlacadh mar thagarmharc.
Mhol roinnt freagróirí eile go nglacfaí le moill níos mó. Freagraíonn an síneadh sa rialachán tarmligthe seo, áfach, don iarratas ó CEN agus ó CENELEC agus níl aon chúis ann a bhfuil údar léi tuilleadh a dhéanamh. Chinn an Coimisiún cothromaíocht a aimsiú chun feidhmíocht rianúil mhargadh an Aontais Eorpaigh a áirithiú, dá bhrí sin tá an síneadh curtha in oiriúint sa chaoi is go mbeidh na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ar fáil roimh infheidhmeacht na gceanglas sár-riachtanacha comhfhreagrach.
Ar an ábhar go bhfuil saotharlanna áirithe ullmhaithe cheana féin, dar leo, níl sé ag luí leis an síneadh seo toisc nach gcuireann sé bac ar mhonaróirí na ceanglais a chomhlíonadh roimh ré.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Is é is cuspóir don rialachán tarmligthe seo Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a leasú, chun cur i bhfeidhm a fhorálacha a chur siar, agus earráid a cheartú.
Níl aon impleacht ag an rialachán tarmligthe ó thaobh bhuiséad an Aontais de.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 20.7.2023
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas sár-riachtanacha maidir le trealamh raidió agus lena gceartaítear an Rialachán sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/5/CE, agus go háirithe Airteagal 3(3), an dara fomhír, i gcomhar le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointí (d), (e) agus (f) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Bunaítear le Treoir 2014/53/AE creat rialúála chun trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus a chur i seirbhís san Aontas. Tá na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le trealamh den sórt sin leagtha síos in Airteagal 3 den Treoir sin.
(2)Maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/53/AE a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(3), pointe (d), (e) agus (f) a chur i bhfeidhm, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, lena sonraítear na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió a bhaineann le gach ceann de na ceanglais fhíor-riachtanacha sin, agus beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2024.
(3)Le Cinneadh Cur Chun FeidhmeC(2022)5637, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar an gCoiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) chun caighdeáin chomhchuibhithe nua a dhréachtú chun tacú le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (d), (e) agus (f), de Threoir 2014/53/AE, faoin 30 Meán Fómhair 2023 maidir le catagóirí agus aicmí an trealaimh raidió a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30.
(4)Na hábhair ar gá aghaidh a thabhairt orthu leis na caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhaítear chun tacú leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a bheidh feidhm leo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, tá siad an-chasta. Baineann siad le cibearshlándáil, mar atá cosaint líonra, sonraí pearsanta agus príobháideacht agus cosaint ar chalaois, chun tacú le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (d), (e) agus (f), de Threoir 2014/53/AE. Ina theannta sin, is é seo an chéad uair a bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe á bhforbairt maidir le cosaint líonra, sonraí pearsanta agus príobháideachas agus cosaint ar chalaois agus maidir le catagóirí agus aicmí an trealaimh raidió a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30. D'iarr CEN agus CENELEC go ndéanfaí an tréimhse a shonraítear san iarraidh a shíneadh, go ceann naoi mí ar a laghad, chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna casta agus ar na fadhbanna a tháinig chun solais maidir le hullmhú na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha agus chun caighdeáin chomhchuibhithe a sholáthar ar ardchaighdeán.
(5)Cé nach bhfuil sé éigeantach caighdeáin chomhchuibhithe a úsáid faoi na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Threoir 2014/53/AE, fágann easpa caighdeán comhchuibhithe go bhfuil comhlíonadh cheanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/53/AE an-liopasta. Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an tréimhse chun ceanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/53/AE a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(3), pointe (d), (e) agus (f) a chur i bhfeidhm, ionas gur féidir am leodhóthanach a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun caighdeáin ardcháilíochta a fhorbairt.
(6)Braitheadh earráid in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, maidir leis an gcur síos ar shonraí nach mór don trealamh raidió a bheith in ann iad a phróiseáil. Ba cheart an earráid sin a cheartú.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a leasú agus a cheartú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30
In Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre:
‘Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2025.’
Airteagal 2
Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30
In Airteagal 1(2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘2. An buncheanglas a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (e) de Threoir 2014/53/AE, beidh feidhm aige maidir le haon chineál trealaimh raidió díobh seo a leanas, i gcás inarb acmhainn don trealamh sin próiseáil a dhéanamh, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2016/679, i leith sonraí pearsanta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679, nó i leith sonraí tráchta agus sonraí suímh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (b) agus (c), de Threoir 2002/58/CE:’.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20.7.2023
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN