EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú leis an tSín maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí custaim

Comhaontú leis an tSín maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí custaim

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2004/889/CE lena dtugtar chun críche comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an tSín maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an tSín maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis riaracháin na bpáirtithe atá freagrach as reachtaíocht chustaim* a chur i bhfeidhm.

Cuirtear an comhaontú i gcrích leis an gcinneadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).

PRÍOMHPHOINTÍ

Bíonn gníomhaíocht le dul i ngleic le hoibríochtaí lena sáraítear an reachtaíocht chustaim níos éifeachtaí má bhíonn sí tacaithe ag cúnamh frithpháirteach idir tíortha i gcúrsaí custaim. Is iad na hoibríochtaí atá i gceist na cinn lena ndéantar dochar do leasanna eacnamaíocha, fioscacha agus tráchtála na bpáirtithe: tá sé tábhachtach do stát ar bith measúnú cruinn ar dhleachtanna custaim nó ar chánacha eile a áirithiú.

Comhar custaim a fhorbairt

Aontaíonn na páirtithe go bhforbróidh siad comhar, go sonrach trí:

  • bhealaí cumarsáide a bhunú;
  • chomhordú éifeachtach a éascú idir na húdaráis riaracháin;
  • sholáthar a dhéanamh i leith gníomhaíocht chomhpháirteach ar chúrsaí riaracháin;
  • ghluaiseacht dhleathach earraí a éascú;
  • fhaisnéis agus saineolas maidir le nósanna imeachta custaim a mhalartú;
  • chúnamh teicniúil a chur ar fáil dá chéile, e.g. malartuithe foirne, oiliúint agus comhroinnt sonraí;
  • sheasamh comhordaithe a lorg nuair a phléitear topaicí ar chustam in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Cúnamh riaracháin frithpháirteach

Cuidíonn údaráis chustaim lena chéile trí fhaisnéis a sholáthar chun cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta custaim a áirithiú: ní dhéantar dochar leis sin do chur i bhfeidhm rialacha reatha lena rialaítear cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí coiriúla. Ná níl feidhm aige maidir le faisnéis a fhaightear ar iarratas ó na húdaráis bhreithiúnacha.

Ní chumhdaítear na cineálacha cúnaimh seo a leanas sa chomhaontú:

  • aisghabháil dleachtanna, cánacha nó fíneálacha;
  • gabháil nó coinneáil duine ar bith;
  • urghabháil nó coinneáil réadmhaoine.

Baineann an comhaontú le cúnamh ar iarraidh agus cúnamh spontáineach.

Cúnamh ar iarraidh: ní mór don údarás iarrtha an fhaisnéis uile a thabhairt don údaráis is iarratasóir a d’fhéadfadh a chur ar a chumas a áirithiú go bhfuil an reachtaíocht chustaim curtha i bhfeidhm i gceart. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis an bhfaisnéis sin:

  • gníomhaíochtaí a bhféadfadh cionta laistigh de chríocha an pháirtí eile a bheith mar thoradh orthu, amhail dearbhuithe míchearta nó doiciméid fhalsaithe eile;
  • barántúlacht doiciméad oifigiúil arna soláthar mar thaca le dearbhú earraí;
  • dlíthiúlacht onnmhairí agus allmhairí earraí ó chríoch ceann de na páirtithe chuig críoch an pháirtí eile agus an nós imeachta custaim a cuireadh i bhfeidhm.

Ní mór don údarás iarrtha chomh maith, i gcomhthéacs a inniúlachta agus ar iarratas ón údarás is iarratasóir, na bearta is gá a dhéanamh chun faireachas speisialta a áirithiú. Baineann an faireachas le daoine lena bhfuil forais réasúnta ann ina leith a chreidiúint go ndearna siad sárú ar reachtaíocht chustaim ceann de na páirtithe. D’fhéadfaí áiteanna, stoic agus earraí a iompraíodh a bheith i gceist léi freisin, mar aon le modhanna iompair a d’fhéadfadh a bheith úsáidte faoi dhálaí calaoiseacha.

Cúnamh spontáineach: i gcásanna nach féidir iarratas foirmiúil a dhéanamh de dheasca práinn cháis lena bhféadfadh damáiste suntasach a bheith i gceist don gheilleagar, don tsláinte phoiblí, don tslándáil phoiblí nó do leas ríthábhachtach comhchosúil, féadfaidh na páirtithe cuidiú lena chéile ar a dtionscnamh féin.

Gnéithe foirmiúla agus eisceachtaí maidir leis an oibleagáid cúnamh a sholáthar

Ní foláir nó go gcloífidh na hiarratais le ceanglais áirithe maidir le foirm agus substaint i ndáil leis an méid seo a leanas:

  • formhuiniú foirmiúil an údaráis is iarratasóir;
  • an beart a iarradh;
  • an cuspóir agus an chúis leis an iarratas.

Téann an t–údarás is iarratasóir ar aghaidh amhail is dá bhfuil sé ag gníomhú ar a chuntas féin. Déileálann sé leis na hiarratais i gcomhréir leis na hionstraimí atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá infheidhme ina dhlínse féin. Ní mór an fhreagairt a bheith i scríbhinn.

Tá eisceachtaí ar an oibleagáid cúnamh a sholáthar ceadaithe. D’fhéadfaí cúnamh a dhiúltú nó d’fhéadfadh sé a bheith faoi réir riachtanais áirithe más rud é gur dócha go ndéanfaí dochar leis dóibh seo a leanas:

  • ceannas na Síne nó ceannas thír AE ar iarraidh orthu cúnamh a sholáthar;
  • an t–ord poiblí, slándáil nó leasanna riachtanacha eile;

Tá clásail rúndachta sa chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Aibreán 2005. Tá feidhm aige maidir le críoch chustaim Dhaon-Phoblacht na Síne agus maidir le críocha 28 tír AE.

CÚLRA

Shínigh an Coimisiún Eorpach agus Riarachán Ginearálta Custaim Dhaon-Phoblacht na Síne an Creat Straitéiseach maidir le Comhar Custaim 2018-2020 i mí an Mheithimh 2017. Leis sin athluaitear na príomhchuspóirí maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach idir AE agus an tSín agus baintear leas leis as an comhaontú maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim. Áirítear ar na tosaíochtaí a sainaithníodh forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, slándáil an tslabhra soláthair, an comhrac in aghaidh na calaoise (airgeadas agus comhshaol) agus staidreamh. Tugtar isteach leis an gCreat Straitéiseach úr chomh maith comhar maidir le cúrsaí ríomh-thráchtála.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Reachtaíocht chustaim: cuimsítear sa reachtaíocht chustaim forálacha dlíthiúla ar bith de chuid AE nó de chuid na Síne lena rialaítear allmhairiú, onnmhairiú agus iompar earraí nó á gcur faoi aon nós imeachta nó aon chóras custaim eile, lena n–áirítear bearta toirmisc, srianta agus rialaithe.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2004/889/CE ón gComhairle an 16 Samhain 2004 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim (IO L 375, 23.12.2004, lch. 19)

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne i ndáil le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim (IO L 375, 23.12.2004, lgh. 20-26)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Feabhas a chur ar Shlándáil agus Éascú Trádála AE-na Síne: Creat Straitéiseach maidir le Comhar Custaim 2018-2020 idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne, an 22 Bealtaine 2017 (doiciméad ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh)

Cinneadh 2014/772/AE ón gCoiste um an gComhar Custaim faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim an 16 Bealtaine 2014 i ndáil le haitheantas frithpháirteach an chláir um Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe san Aontas Eorpach agus na Bearta maidir leis an gClár um Bainistíocht Aicmithe Fiontar i nDaon-Phoblacht na Síne (IO L 315, 1.11.2014, lgh. 46-50)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim (IO L 110, 30.4.2005, lch. 80)

Nuashonraithe 08.01.2019

Top