EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An réamheolaire atá le foilsiú nuair a eisítear urrúis

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'An réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte' for an updated information about the subject.

An réamheolaire atá le foilsiú nuair a eisítear urrúis

ACHOIMRE AR:

Treoir 2003/71/CE – an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a bheidh urrúis ar díol don phobal nó nuair a lifgear isteach iad chun a dtrádála

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Is é an cuspóir atá léi feabhas a chur ar chaighdeán na faisnéise a chuirtear ar fáil d'infheisteoirí ag cuideachtaí ar mian leo infheisteoirí seachtracha a mhealladh chun caipiteal a bhailiú in AE lena bhfás a mhaoiniú.

Féachtar leis an treoir a chinntiú go bhfuil caighdeáin leordhóthanacha agus coibhéiseacha maidir le nochtadh curtha i ngníomh i ngach tír AE sa chás go gcuirtear urrúis ar fáil d’infheisteoirí uile AE.

Leagtar síos inti rialacha maidir leis an réamheolaire* - doiciméad nach mór do chuideachtaí AE a fhoilsiú nuair a eisíonn siad urrúis chun infheistíochtaí a mhealladh. De bhua na rialacha seo, a luaithe is a cheadaítear réamheolaire i dtír AE, bíonn sé bailí ar fud AE (pas aonair le haghaidh na n-eisitheoirí).

PRÍOMHEILIMINTÍ

An oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú

Bíonn d’oibleagáid ar eisitheoirí réamheolaire a fhoilsiú maidir le tairiscintí urrúis, ach amháin sa chás go bhfuil an tairiscint:

  • dírithe ar infheisteoirí (gairmiúla) cáilithe amháin; agus/nó
  • go bhfuil sí dírithe ar níos lú ná 150 duine, seachas infheisteoirí cáilithe (m.sh. daoine aonair), in aghaidh na tíre AE; agus/nó
  • go bhfuil sí dírithe ar infheisteoirí a íocann EUR 100 000 ar an iomlán, ar a laghad, in aghaidh an infheisteora as na hurrúis; agus/nó
  • go gcuimsíonn an tairiscint urrúis (scaireanna nó bannaí) a bhfuil ainmníocht in aghaidh an aonaid orthu de EUR 100 000 ar a laghad;
  • go bhfuil luach iomlán de níos lú ná EUR 100 000 uirthi san Aontas.

Faisnéis

Ní mór doiciméad achomair a bheith ina chuid den réamheolaire, a bhfuil formáid chaighdeánach air, agus a sholáthraíonn príomhfhaisnéis faoi na nithe seo a leanas:

  • saintréithe riachtanacha eisitheoir na n-urrús (m.sh. an chuideachta eisithe), nó na ráthóirí (m.sh. an banc) más ann dóibh, agus na n-urrús a chuirtear ar fáil nó a nglactar leo lena dtrádáil ar mhargadh rialaithe, agus na príomhrioscaí a bhaineann leo;
  • téarmaí ginearálta na tairisceana, go háirithe meastachán ar na costais a luaitear sa sonrasc a sheoltar chuig an infheisteoir ag an eisitheoir.

Bíonn an t-eisitheoir faoi dhliteanas sibhialta i leith na faisnéise a chuirtear ar fáil sa réamheolaire. Ní mór don fhaisnéis sin a bheith fíor agus níor cheart aon easnamh a bheith ann.

Formheas agus foilsiú

A luaithe is a fhormheastar an réamheolaire ag údarás inniúil na tíre AE bhunaidh, ní mór é a fhoilsiú (i nuachtán náisiúnta a scaiptear go forleathan nó ar láithreán gréasáin an eisitheora mar shampla) agus ní mór cóip a chur chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA).

Bíonn réamheolaire bailí ar feadh suas le dhá mhí déag i ndiaidh a fhormheasa, ar an gcoinníoll go ndéantar é a nuashonrú agus a fhorlíonadh leis na nithe riachtanacha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Ba ghá an treoir a thrasuí i ndlí náisiúnta an 1 Iúil 2005. Tá an treoir leasaitheach, Treoir 2010/73/CE, i bhfeidhm ón 1 Iúil 2012.

I bpáipéar uaine maidir le haontas na margaí caipitil arna fhoilsiú i mí Feabhra 2015, d’fhógair an Coimisiún go ndéanfaidh sé athscrúdú ar an Treoir maidir le Réamheolaire ionas go mbeidh sé níos éasca do ghnóthais, fiontair bheaga agus mheánmhéide ach go háirithe, caipitil a aimsiú agus infheisteoirí a aimsiú thar lear.

Téigh chuig láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ina bpléitear leis an Treoir maidir le Réamheolaire chun tuilleadh faisnéise a fháil.

PRÍOMHTHÉARMA

* Réamheolaire: Is doiciméad nochta é an réamheolaire a bhfuil faisnéis ann a chuireann ar chumas infheisteoirí cinntí infheistíochta a dhéanamh agus eolas iomlán a bheith acu ar na fíricí.

ACHT

Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chuan a dtrádála agus lean n-aisghaortear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lgh. 64–89)

Rinneadh leasuithe faoi seach ar Threoir 2003/71/CE a ionchorprú sa bhuntéacs. Is do chúiseanna tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo ann.

Nuashonraithe 13.12.2015

Top