EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ullmhú agus margú ábhar íocleasaithe beathúcháin d’ainmhithe

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Bia íocleasaithe ainmhithe — monarú, cur ar an margadh agus úsáid' for an updated information about the subject.

Ullmhú agus margú ábhar íocleasaithe beathúcháin d’ainmhithe

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 90/167/CEE lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear ullmhú, cur ar an margadh agus úsáid ábhar íocleasaithe beathúcháin

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos ann na rialacha a leanas:

  • an tsláinte phoiblí a chosaint ó chontúirtí a eascraíonn as ábhair íocleasaithe bheathúcháin a riar d’ainmhithe atá beartaithe le haghaidh táirgeadh bia; agus
  • cosc a chur ar shaobhadh iomaíochta maidir le hainmhithe feirme a choinneáil agus a thógáil.

Le Rialachán (AE) 2019/4 aisghairtear Treoir 90/167/CEE, le héifeacht ón 28 Eanáir 2022.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglaítear an méid a leanas leis an treoir:

  • ní úsáidfear ach réamh-mheascáin íocleasaithe údaraithe amháin chun ábhair íocleasaithe bheathúcháin a mhonarú; agus
  • ní mór treoracha beachta a thabhairt chun ábhair bheathúcháin dá leithéid a úsáid.

Ní mór do thíortha AE a áirithiú nach ndéanfar ábhair íocleasaithe bheathúcháin a mhonarú ach amháin faoi choinníollacha áirithe:

  • tá áitreabh na dtáirgeoirí faofa cheana féin ag an údarás náisiúnta inniúil, mar aon lena dtrealamh teicniúil, a saoráidí stórála agus cigireachta;
  • comhlíonann áitreabh, foireann agus trealamh táirgeoirí rialacha agus prionsabail sláinteachais déantúsaíochta náisiúnta;
  • tá leibhéil leordhóthanacha eolais agus cáilíochtaí ag foireann táirgeoirí i dteicneolaíocht mheasctha;
  • cloíonn an próiseas monaraíochta leis na rialacha maidir le dea-chleachtas monaraíochta.

Freagrachtaí na monaróirí

Ní mór do thíortha AE iallach a chur ar tháirgeoirí a bheith freagrach as an méid a leanas a áirithiú:

  • nach n–úsáidtear ach ábhair bheathúcháin nó teaglamaí díobh a chomhlíonann rialacha AE maidir le hábhair bheathúcháin;
  • go dtáirgeann an t–ábhar beathúcháin a úsáidtear meascán aonchineálach agus cobhsaí leis réamh-mheascán íocleasaithe údaraithe;
  • go n–úsáidtear an réamh-mheascán íocleasaithe údaraithe le linn an phróisis monaraíochta i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos nuair a tugadh údarú um chur ar an margadh (mar shampla, gan aon fhéidearthacht aon idirghníomhaíocht neamh-inmhianaithe idir táirgí íocshláinte tréidliachta, breiseáin agus ábhair bheathúcháin);
  • go bhfuil dáileog laethúil an táirge íocshláinte i gcainníocht d’ábhar beathúcháin a chomhfhreagraíonn do leathchuid ar a laghad de chandam beatha laethúil na n–ainmhithe cóireáilte nó, i gcás athchogantach (mar shampla, eallach agus caoirigh), a chomhfhreagraíonn do leath an riachtanais laethúil ar a laghad d’ábhair bheathúcháin fhorlíontacha neamh-mhianracha.

Táirgí a chur ar an margadh

Tá táirgeoirí freagrach freisin as caighdeán na dtáirgí a chuirtear ar an margadh.

Maidir leis na hábhair íocleasaithe bheathúcháin:

  • féadfar iad a chur ar an margadh i bpacáistíocht shéalaithe amháin atá lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm;
  • ní sholáthraítear iad d’fheirmeoirí stoic ach amháin nuair a thugtar oideas ó thréidlia faoi réir coinníollacha sonracha áirithe.

Riar ábhar íocleasaithe beathúcháin

  • Nuair a thugtar ábhair beathúcháin bheathúcháin d’ainmhithe atá ceaptha lena hithe ag an duine, níor cheart ainmhithe cóireáilte a mharú roimh dheireadh na tréimhse tarraingthe siar atá leagtha síos go dlíthiúil.
  • Chun rialuithe éifeachtacha a cheadú, ní mór dóibh siúd atá i gceist clár a choinneáil, nó doiciméid a choinneáil ar feadh tréimhse áirithe.

Seiceálacha tréidliachta

Tá feidhm ag na bearta cosanta a leagtar síos le Treoir 89/662/CEE agus na rialacha maidir le seiceálacha tréidliachta a leagtar síos leis an treoir sin maidir le trádáil i réamh-mheascáin íocleasaithe.

Aisghairm

Aisghairfear Treoir 90/167/CEE le Rialachán (AE) 2019/4 (féach an achoimre ar bheatha íocleasaithe ainmhithe — monarú, margaíocht agus úsáid) ón 28 Eanáir 2022 i leith.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sé i bhfeidhm ón 6 Aibreán 1990 agus b’éigean dlí a dhéanamh di si dtíortha AE faoin 1 Deireadh Fómhair 1991, ach amháin maidir leis na ceanglais in Airteagal 11(2) i ndáil le Treoir 89/662/CEE arbh é an 31 Nollaig 1992 an spriocdháta.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 90/167/CE ón gComhairle an 26 Márta 1990 lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear ullmhú, cur ar an margadh agus úsáid ábhar íocleasaithe beathúcháin sa Chomhphobal (IO L 92, 7.4.1990, lgh. 42-48)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Treoir (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 90/167/CEE ón gComhairle (IO L 4, 7.1.2019, lgh. 1-23)

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/625 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lgh. 1-66)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 91/412/CEE ón gCoimisiún an 23 Iúil 1991 lena leagtar síos na prionsabail agus na treoirlínte le haghaidh dea-chleachtas monaraíochta táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 228, 17.8.1991, lgh. 70-73)

Treoir 89/662/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1989 maidir le seiceálacha tréidliachta i dtrádáil laistigh den Chomhphobal d’fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (IO L 395, 30.12.1989, lgh. 13-22)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 25.04.2019

Top