EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bia

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Lipéadú bia–ábhar' for an updated information about the subject.

Lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bia

Caithfidh earraí bia réamhphacáistithe a bheith oiriúnach do rialacha faoina lipéadú, faoina gcur i láthair agus faoina bhfógraíocht. Tá na rialacha seo comhchuibhithe ag leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) ar mhodh is go mbíonn fios a roghnaithe ag tomhaltóirí agus chun bacainní a bhaint ó shaorchúrsaíocht earraí bia agus chun deireadh a chur leis an iomaíocht leatromach.

ACHT

Directive 2000/13/EC of the European Parliament and of the Council of 20 March 2000 on the approximation of the laws of the Member States relating to the labelling, presentation and advertising of foodstuffs (Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú reachtaíocht na mBallstát faoi lipéadú agus cur i láthair na n-earraí bia agus faoina bhfógraíocht) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha]

ACHOIMRE

Baineann an Treoir le hearraí bia atá le seachadadh mar atá siad ar thomhaltóirí deiridh nó ar bhialanna, ar ospidéil, ar phroinntithe agus a leithéid. Ní bhaineann sí le táirgí atá le honnmhairiú amach as an Aontas Eorpach (AE).

Ní cead go mbíonn lipéadú, cur i láthair nó fógraíocht na n-earraí bia amhlaidh is go:

  • gcuireann siad an ceannaitheoir amú faoi thréithe, faoi cháilíochtaí ní faoi éifeachtaí an bhia;
  • gcuireann siad cumhacht choisctheach, chóireála nó leighis ar ghalar an duine i leith an bhia (seachas i gcás an uisce mianraí nádúrtha agus na n-earraí bia a bhaineann le haiste bia áirithe a bhfuil sainfhorálacha an Chomhphobail ann dóibh).

RÁITEACHAIS ÉIGEANTACHA AR NA LIPÉID

Tá ráiteachais ann ar éigeantach iad a bheith ar lipéid. Caithfidh na ráiteachais seo a bheith sothuigthe, sofheicthe soléite agus doscriosta. Caithfidh ráiteachais áirithe dá bhfuil a bheith sa réimse radhairc chéanna.

Má tá na hearraí bia réamhphacáistithe, caithfidh na ráiteachais éigeantacha a bheith ar an phacáiste nó ar lipéad greamaithe air.

Seo iad na ráiteachais éigeantacha:

  • ainm an táirge;
  • liosta na gcomhábhar in ord íslíoch de réir a meáchain agus a sainainm leo, ach amháin maoluithe áirithe atá sna hIarscríbhinní I, II, III agus IIIa. Má bhaineann comhábhar le níos mó ná catagóir amháin, cuirtear isteach é de réir a phríomhfheidhme.I gcásanna áirithe ní gá na comhábhair a scríobh, mar atá: Tá breiseáin agus einsímí áirithe nach gceaptar ina gcomhábhar iad; mar atá, iad siúd a úsáidtear mar chabhair phróiseála, nó iad siúd atá i gcomhábhar ach nach bhfuil feidhm theicniúil acu sa táirge deiridh;
  • cainníocht na gcomhábhar nó catagóirí na gcomhábhar i bhfoirm céatadáin. Tagann seo i bhfeidhm nuair is amhlaidh go bhfuil an comhábhar nó catagóir na gcomhábhar:
  • an chainníocht ghlan i bhfoirm aonad toirte más leacht atá i gceist nó i bhfoirm aonad maise i gcás táirgí eile. Mar sin féin, tá forálacha áirithe ann a bhaineann le hearraí bia a dhíoltar ina gceann agus ina gceann agus le hearraí bia soladacha a chuirtear i láthair i leacht iompartha;
  • an dáta éaga íosta. Is é an rud atá sa dáta seo ná lá, mí agus bliain, ach amháin i gcás bia a mhaireann níos lú ná trí mhí (is leor an lá agus an mhí), bia a mhaireann níos mó ná trí mhí ach níos lú ná 18 mí (is leor an mhí agus an bhliain) nó a mhaireann níos mó ná 18 mí (is leor an bhliain).Cuirtear in iúl an dáta seo tríd an ráiteachas “best before ...” nuair atá an lá ann sa dáta nó “best before end ...” i ngach cás eile.Ní gá an dáta éaga ar na táirgí seo a leanas: Más earra bia somheata atá i gceist, cuirtear dáta faoinar cheart a úsáid in ionad an dáta éaga;
  • dálaí stórála agus úsáide;
  • ainm na cuideachta agus seoladh an déantóra nó an phacáisteora nó díoltóra bunaithe taobh istigh den Chomhphobal. Maidir le him a tháirgtear i limistéar Ballstáit, is cead gan ach ainm an déantóra, an phacáisteora nó an díoltóra a chur in iúl;
  • an áit inar táirgeadh, nuair is féidir go gcuirfí an tomhaltóir amú mura raibh sí ann;
  • an modh úsáide a chaithfidh a bheith curtha in iúl chun go n-úsáidfear an bia mar is ceart;
  • an profa alcóil de réir toirte do dheochanna a bhfuil níos mó ná 1.2 % d’alcól iontu de réir toirte.

MAOLUITHE AGUS FORÁLACHA SAINIÚLA

Tá forálacha Eorpacha ann maidir le hearraí bia áirithe a thugann an t-údarás le liosta na gcomhábhar agus an dáta éaga a dhéanamh roghnach. Is féidir ráiteachais éigeantacha eile a bheith ag gabháil leis na forálacha seo, a fhad agus nach gcuireann siad sin an ceannaitheoir d’eolas.

Baineann na forálacha sainiúla le:

  • buidéil ghloine in-athúsáidte agus le pacáistíocht bheag;
  • bia réamhphacáistithe. Má mhargaítear earraí bia réamhphacáistithe ag céim roimh an díol leis an tomhaltóir deiridh nó má sheachadtar ar oll-lónadóirí le haghaidh cóireála iad, is cead gan na ráiteachais a bheith ann ach ar na cáipéisí margaithe, a fhad is go bhfuil ainm an táirge, an dáta éaga íosta agus faisnéis ar an déantóir nó ar an phacáisteoir ar phacáiste seachtrach an bhia;
  • bia a chuirtear le díol gan phacáistebia a chuirtear i bpacáiste an uair a dhíoltar é ar éileamh an cheannaitheora.

CLÁSAL COSANTA

Ní féidir cosc a chur ar mhargú na n-earraí bia atá de réir na Treorach ach amháin le forálacha náisiúnta nach bhfuil comhchuibhithe ar ábhair áirithe, mar shampla chun an tsláinte phoiblí a chosaint, chun calaois a bhacadh, nó chun maoin thionsclaíoch agus thráchtála a chosaint.

COISTÍOCHT AGUS COMHTHÉACS

Deimhníonn an Coimisiún Eorpach cur i ngníomh na Treorach, agus é cuidithe ag an Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe.

Tá an Treoir 2000/13/CE in ionad na Treorach 79/112/CEE ón Chomhairle um lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht earraí bia.

Tagairtí

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2000/13/CE

26.5.2000

IO L 109, 6.5.2000

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2001/101/CE

18.12.2001

31.12.2002

IO L 310, 28.11.2001

Treoir 2002/67/CE

8.8.2002

30.6.2003

IO L 191, 19.7.2002

Ionstraim Aontachais Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Slóivéine agus na Slóvaice

1.5.2004

2007 an seal is moille

IO L 236, 23.9.2003

Treoir 2006/107/CE

1.1.2007

1.1.2007

IO L 363, 20.12.2006

Treoir 2003/89/CE

25.11.2003

25.11.2004

IO L 308, 25.11.2003

Treoir 2006/142/CE

12.1.2007

23.12.2007

IO L 368, 23.12.2006

Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008

20.1.2009

IO L 354, 31.12.2008

Rialachán (CE) Uimh. 596/2009

7.8.2009

IO L 188, 18.7.2009

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar an Treoir 2000/13/CE. Níl ach luach doiciméadaithe ag an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR) seo.

ACHTANNA GAOLMHARA

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Eanáir 2008 maidir le faisnéis bia a sholáthar do thomhaltóirí [COM(2008) 40 críochnaitheach – Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil]

Tá an togra seo le haghaidh rialacháin ag iarraidh na Treoir 2000/13/CE agus Treoir 90/496/CEE, maidir le lipéadú beathaithe, a chur le chéile chun níos mó eolais a thabhairt do thomhaltóirí Eorpacha agus chun iad a chosaint níos fearr. Tugann an togra riachtanais nua isteach maidir leis an lipéadú. Beidh ar na ráiteachais éigeantacha gabháil go háirithe d’aitheantas na n-earraí, dá gcomhdhéanamh agus dá dtréithe beathaithe, don áit inar táirgeadh iad agus do choinníollacha a n-úsáide sábháiltí (marthanacht, minicíocht agus féidearthacht na n-éifeachtaí díobhálacha don tsláinte). Caithfidh an t-eolas seo, tugtha go hionraic, a bheith soléite sothuigthe don tomhaltóir. Caithfidh méid an chló a bheith 3 mm ar a laghad.

Caithfidh ráiteachais éigeantacha a bheith ann sa lipéadú beathaithe mar shampla an luach fuinnimh agus cainníocht cothaitheach áirithe atá sa bhia (cineálacha saille, aigéid shailleacha sháithithe, carbaihiodráití agus go háirithe siúcra agus salann).

Ina theannta sin, caithfidh eolas sásúil a bheith ag tomhaltóirí, go háirithe nuair a cheannaítear earraí bia tríd an idirlíon nó trí chineálacha eile ciandíolta.

Is féidir leis na Ballstáit glacadh le ráiteachais éigeantacha breise maidir le catagóirí sainiúla bia, chun sláinte agus sábháilteacht an phobail agus maoin thionsclaíoch agus thráchtála a chosaint. Fógraítear na ráiteachais atá i gceist mar thogra don Choimisiún, a d’fhéadfadh drochbharúil a nochtadh.

Nós imeachta na comhchinnteoireachta (2008/0028/COD)

ÚSÁID NA dTEANGACHA SA LIPÉADÚ

Interpretative Commission communication concerning the use of languages in the marketing of foodstuffs in the light of the judgment in the Peeters case [COM(93) 532 final — OJ C 345, 23.12.1993] (An 10 Samhain 1993, ghlac an Coimisiún le teachtaireacht léirmhínitheach maidir le húsáid na dteangacha chun earraí bia a mhargú i ndiaidh an rialaithe “Peeters” ón Chúirt Bhreithiúnais) Sa teachtaireacht sin, léiríonn an Coimisiún go gcaithfidh lipéadú na n-earraí bia atá le díol leis an tomhaltóir mar atá siad a bheith i dteanga sothuigthe; is ionann é sin, go ginearálta, agus a rá gur gcaithfidh sé a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na tíre ina ndíoltar iad. Mar sin féin, má tá téarma nó leagan cainte i dteanga iasachta atá sothuigthe don cheannaitheoir, ba chóir glacadh leis.

See also

  • Lipéadú agus pacáistiú táirgí

Nuashonrú is déanaí: 16.11.2010

Top