EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta

Ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 — lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN

  • Cruthaítear leis ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta maidir le héilimh neamhchonspóidithe ag an gcosantóir. Leis sin simplítear, brostaítear agus laghdaítear na costais dlíthíochta i gcásanna ina bhfuil níos mó ná tír AE amháin i gceist.
  • Ceadaítear leis freisin saorchúrsaíocht orduithe Eorpacha i gcomhair íocaíochta atá aitheanta agus forfheidhmithe i ngach tír AE.
  • Tá feidhm leis i gcás gach tír AE cé is moite den Danmhairg.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm leis an ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (EOP) i dtaca le gach cás sibhialta agus tráchtála i gcásanna ina bhfuil cónaí ar dhuine amháin de na páirtithe ar a laghad i dtír AE atá éagsúil ón gceann ina ndéantar an t-iarratas ar ordú.

Níl feidhm leis an nós imeachta i gcás saincheisteanna áirithe:

  • cúrsaí ioncaim, custaim nó riaracháin;
  • dliteanas an stáit as gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás stáit;
  • réimis maoine pósta;
  • féimheacht, imeachtaí a bhaineann le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneachta nó daoine dlítheanacha, agus comhshocraíochtaí breithiúnacha;
  • slándáil shóisialta;
  • éilimh a eascraíonn as oibleagáidí neamhchonarthacha, mura raibh comhaontú idir na páirtithe nó admháil fiachais; nó go mbaineann siad le fiachais leachtaithe a eascraíonn as comhúinéireacht maoine.

An próiseas iarratais

  • Áirítear leis an rialachán foirm chaighdeánach chun iarratas a dhéanamh le cúirt le haghaidh EOP.
  • Ní mór an t-éileamh a bheith le haghaidh méid sonrach atá dlite ag an tráth a ndéantar an t-iarratas.
  • Cinntear dlínse cúirteanna leis na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012.
  • Breithníonn an chúirt ina ndearnadh iarratas cibé ar comhlíonadh na coinníollacha éagsúla nó nár comhlíonadh (cás de chineál trasteorann i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála, dlínse na cúirte, etc.) chomh luath agus is féidir, chomh maith le cibé an ndealraíonn sé go bhfuil bunús maith leis an éileamh nó nach bhfuil.
  • Ní mór don chúirt an t-iarratasóir a chur ar an eolas maidir lena cuid cúiseanna éileamh a dhiúltú. Sa chás sin, níl aon cheart achomhairc, ach féadfaidh an t-éilitheoir iarratas nua a dhéanamh ar EOP nó nós imeachta eile a úsáid atá ar fáil faoi dhlí thír AE.

EOP a eisiúint

  • Má chomhlíontar na coinníollacha, eisíonn an chúirt an EOP chomh luath agus is féidir agus de ghnáth laistigh de 30 lá ó chuirtear an t-iarratas isteach.
  • Eisítear EOP d’aon toisc ar bhunús na faisnéise arna soláthar ag an éilitheoir má dhealraítear go bhfuil an t-éileamh dea-bhunaithe.
  • Mura gcuireann an cosantóir ráiteas freasúra isteach leis an gcúirt a eisíonn é, aithnítear agus forfheidhmítear go huathoibríoch é i dtíortha AE eile gan aon fhéidearthacht eile cur i gcoinne an aitheantais sin.
  • Rialaítear nósanna imeachta forghníomhaithe de réir dhlí náisiúnta na tíre AE ina n-iarrtar forghníomhú an EOP.

EOP a sheirbheáil ar chosantóir

Seirbheáiltear EOP ar chosantóir de réir dhlí náisiúnta na tíre ina seirbheáiltear é. Tá na modhanna féideartha maidir leis an EOP a sheirbheáil, cibé le hadmháil ón gcosantóir nó dá uireasa, leagtha síos sa rialachán.

Ag cur i gcoinne EOP

  • Féadfaidh an cosantóir ráiteas freasúra a chur isteach chuig an gcúirt a d’eisigh an t-ordú íocaíochta. Ní mór é sin a sheoladh laistigh de 30 lá ó sheirbheáiltear an EOP.
  • Nuair a thaisceann cosantóir ráiteas freasúra, leantar de ghnáth-nósanna imeachta sibhialta os comhair cúirteanna inniúla na tíre AE inar eisíodh an EOP, sin mura mian leis an éilitheoir leanúint d’imeachtaí.

Féadfaidh an cosantóir iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar an EOP os comhair na cúirte inniúla tar éis don teorainn ama 30 lá chun ráiteas freasúra a thaisceadh a bheith imithe in éag, má:

  • seirbheáladh an t-ordú íocaíochta gan aon admháil ón gcosantóir agus gan dóthain ama tugtha chun cosaint a ullmhú;
  • cuireadh cosc ar an gcosantóir agóid a dhéanamh in aghaidh an éilimh trí force majeure nó mar gheall ar thosca urghnácha;
  • más léir gur heisíodh an t-ordú íocaíochta go mícheart.

Má dhiúltaíonn an chúirt d’iarratas an chosantóra, bíonn feidhm fós leis an EOP. Má tharlaíonn sé, ar an lámh eile, go gcinneann an chúirt go bhfuil bonn cirt leis an athbhreithniú, tiocfaidh an EOP chun bheith ar neamhní.

CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 12 Nollaig 2008.

CÚLRA

Ordú maidir le nósanna imeachta íocaíochta

European Payment Order forms (European e-Justice Portal)

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (IO L 399, 30.12.2006, lgh. 1-32)

Ionchorpraíodh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh doiciméadúcháin amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear Ordú Eorpach maidir le Nós Imeachta Íocaíochta (COM(2015) 495 final an 13.10.2015)

Nuashonraithe 25.01.2016

Top