EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tosaíocht an dlí Eorpaigh

Tosaíocht an dlí Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Breithiúnas na Cúirte an 15 Iúil 1964 — Flaminio Costa i leith ENEL

CÉN FÁTH A BHFUIL COSTA I LEITH ENEL INA BHREITHIÚNAS SUNTASACH?

  • Ina breithiúnas, dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa (Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE anois) tosaíocht dhlí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) (an tAontas Eorpach (AE) anois) ar dhlíthe náisiúnta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
  • Leagadh síos leis an mbreithiúnas sin prionsabal ginearálta* de dhlí an Chomhphobail (AE anois): tosaíocht (dá ngairtear “príomhaíocht” nó “ardcheannas” freisin) dhlí AE, lena ráthaítear a shármhaitheas ar dhlíthe náisiúnta na mBallstát.
  • Áirítear le prionsabal na tosaíochta go dtugtar cosaint aonfhoirmeach do shaoránaigh ar fud an AE le dlí AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

I réamhrialú* maidir le Conradh CEE (an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh anois), shoiléirigh an Chúirt an méid seo a leanas.

  • I gcodarsnacht le gnáthchonarthaí idirnáisiúnta, cruthaíodh le Conradh CEE córas dlí Eorpach atá ina chuid lárnach de chórais dlí na mBallstát agus atá ina cheangal orthu.
  • Le cruthú an CEE, d’aistrigh na Ballstáit na cearta agus na hoibleagáidí a tháinig as an gconradh óna gcóras dlí náisiúnta go dtí córas dlí CEE, chuir siad srian ar a gceannasacht agus chruthaigh siad corpas dlí a gcaithfidh a náisiúnaigh agus iad féin cloí leis.
  • Dá réir sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit dlíthe náisiúnta a ghlacadh lena sáraítear dlí AE gan amhras a chaitheamh ar bhunús dlí an Aontais Eorpaigh féin. Má dhéanann siad amhlaidh in ainnneoin sin, ba cheart go mbeadh tosaíocht ag dlí AE ar dhlíthe náisiúnta (i.e. iad a shárú) i gcúirteanna baile na tíre lena mbaineann.

Forbairtí roimh an mbreithiúnas agus ina dhiaidh

I gcás suntasach eile, in 1963, bhí prionsabal ginearálta comhlántach um dhlí AE atá chomh tábhachtach céanna bunaithe ag an gCúirt Bhreithiúnais cheana féin: prionsabal na héifeachta dírí.

Shoiléirigh an Chúirt níos déanaí raon feidhme phrionsabal na tosaíochta ina cásdlí*.

I ndearbhú maidir le tosaíocht, atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir–Rialtasaí inar glacadh an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, rinneadh an méid seo a leanas sa chomhdháil:

  • tugadh chun cuimhne prionsabal na tosaíochta atá ag dlí AE ar an dlí náisiúnta;
  • leagadh béim air gur bonnchloch de dlí AE é beag beann ar nach bhfuil sé cuimsithe sa chonradh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Prionsabail ghinearálta. Tugtar “dlí forlíontach” orthu chomh maith, agus is é an CBAE a fhorbraíonn iad go príomha agus is ceann de na foinsí neamhscríofa de dhlí AE iad, seachas an dlí príomhúil agus an dlí tánaisteach.
Réamhrialú. Rialú a dhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar fhreagra ar cheist ó chúirt náisiúnta maidir le léirmhíniú bhailíocht dhlí AE, rud a chuireann, dá réir sin, le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an dlí sin.
Cásdlí. An dlí arna bhunú de réir toradh cásanna roimhe sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Breithiúnas na Cúirte an 15 Iúil 1964, Flaminio Costa i leith ENEL, Cás 6–64 (Eagrán speisialta Béarla 1964 00585).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

An comhdháil inar glacadh Conradh Liospóin, a síníodh ar an 13 Nollaig 2007 — A. Dearbhuithe maidir le forálacha na gConarthaí — 17. Dearbhú maidir le tosaíocht (IO C 115, 9.5.2008, lch. 344).

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an 13 Nollaig 2007 — leagan comhdhlúite (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 47–360).

Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 12 Aibreán 1984, Wünsche Handelsgesellschaft GmbH & Co. i leith Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Tagairtí maidir le réamhrialú: Verwaltungsgericht Frankfurt am Main — an Ghearmáin. Muisiriúin leasaithe — Bearta cosanta. Cás 345/82 (Tuarascálacha na Cúirte Eorpaí 1984 01995).

Breithiúnas na Cúirte an 9 Márta 1978, Amministrazione delle Finanze dello Stato i leith Simmenthal SpA. Tagairtí maidir le réamhrialú: Pretura di Susa — an Iodáil. Dlí a thagann salach ar dhlí an Chomhphobail arna gcaitheamh amach ag an gcúirt náisiúnta. Cás 106/77 (Tuarascálacha na Cúirte Eorpaí 1978 00629).

Breithiúnas na Cúirte an 17 Nollaig 1970, Internationale Handelsgesellschaft mbH i leith Einfuhr- und Vorratsstelle für Getreide und Futtermittel. Tagairtí maidir le réamhrialú: Verwaltungsgericht Frankfurt am Main — an Ghearmáin. Cás 11/-70 (Tuarascálacha na Cúirte Eorpaí 1970 01125).

Nuashonraithe 22.10.2021

Top