EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhordú na gcóras slándála sóisialta

Comhordú na gcóras slándála sóisialta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar síos ann rialacha comhchoiteanna chun cearta slándála sóisialta a chosaint agus iad ag bogadh laistigh den Aontas Eorpach (AE), agus san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis.
  • Aithníonn sí go ndéanann Ballstáit an Aontais cinneadh maidir le gnéithe amhail tairbhithe a gcóras slándála sóisialta, leibhéil na sochar agus coinníollacha incháilitheachta.
  • Ní chuirtear córas Eorpach aonair in aonad córas náisiúnta leis an rialachán seo maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Cumhdaítear leis an rialachán brainsí traidisiúnta uile na slándála sóisialta, eadhon:
    • breoiteacht,
    • máithreachas agus atharthacht,
    • pinsin seanaoise,
    • pinsin réamhscoir agus pinsin easláine,
    • sochair mharthanóra agus deontais bháis,
    • dífhostaíocht,
    • sochair teaghlaigh,
    • timpistí ag an obair agus galar ceirde.
  • Ráthaítear do thairbhithe go n-íocfar a sochair, go gcumhdófar iad le haghaidh cúram sláinte agus go bhfaighidh siad sochair theaghlaigh fiú má bhogann siad go Ballstát eile.

Tairbhithe

  • Is féidir le gach náisiúnach den Aontas (agus a dteaghlaigh) atá cumhdaithe ag reachtaíocht slándála sóisialta Ballstáit tairbhe a bhaint as na rialacha comhordaithe sin. Cuirtear na rialacha i bhfeidhm freisin maidir le daoine dífhostaithe, le daoine nach bhfuil ag obair go fóill agus le daoine nach bhfuil ag obair a thuilleadh.
  • Tá feidhm ag na rialacha freisin maidir le náisiúnaigh neamh-AE agus a mbaill teaghlaigh a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu san Aontas.

Bunphrionsabail

Maidir le tairbhithe:

  • tá siad cumhdaithe ag reachtaíocht tíre aonair agus íocann siad préimheanna sa tír sin — is iad na heagraíochtaí a bhainistíonn slándáil shóisialta a chinneann an dlínse dhlíthiúil lena mbaineann siad (prionsabal an dlí aonair is infheidhme);
  • Tá na cearta céanna agus na hoibleagáidí céanna orthu agus atá ar náisiúnaigh na tíre ina bhfuil siad cumhdaithe (prionsabal na córa comhionainne nó an neamh-idirdhealaithe);
  • ráthaítear go gcuirfear tréimhsí árachais, oibre nó cónaithe roimhe sin i dtíortha eile san áireamh, agus a gcuid sochar á ríomh (an prionsabal um chomhiomlánú tréimhsí);
  • féadfaidh siad, má tá siad i dteideal sochar airgid i mBallstát, an sochar sin a bhailiú mura bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin (prionsabal in-onnmhairitheacht na sochar chuig gach Ballstát ina bhfuil cónaí ar an tairbhí nó ar na baill teaghlaigh).

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC)

  • Ceadaíonn an EHIC (atá saor in aisce) do dhaoine atá ag fanacht i mBallstát eile seachas a dtír chónaithe, lena n-áirítear ar saoire, rochtain a bheith acu ar shochair leighis le linn a bhfanachta ar na téarmaí céanna agus ar an gcostas céanna le daoine atá árachaithe sa tír sin.
  • Ansin, íocann/aisíocann córas slándála sóisialta a dtíre tionscnaimh na costais leighis. Eisítear an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte ag na seirbhísí árachais sláinte i dtír an árachaí.

Ionstraimí comhordaithe na gcóras slándála sóisialta

  • Ní mór d’institiúidí freagra a thabhairt ar gach iarraidh laistigh de thréimhse réasúnta ama agus ní mór dóibh aon fhaisnéis a éilíonn na daoine lena mbaineann chun a gcearta a dhearbhú faoin rialachán a chur in iúl.
  • Ní mór dóibh freisin oibriú go dlúth le chéile agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile ar mhaithe le saoránaigh.

An Coimisiún Riaracháin agus an tÚdarás Eorpach Saothair

  • Tá an Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta, a ghabhann leis an gCoimisiún Eorpach, comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit agus faigheann sé cúnamh, i gcás inar gá, ó chomhairleoirí saineolaithe. Pléann sé le saincheisteanna riaracháin agus le ceisteanna léirmhínithe maidir leis na rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta. Spreagann sé na Ballstáit freisin oibriú le chéile ar shaincheisteanna a bhaineann le comhordú na slándála sóisialta.
  • I gcomhaontú comhair idir an tÚdarás Eorpach Saothair, arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2019/1149, agus an Coimisiún Riaracháin, leagtar amach na rialacha maidir le comhar idir an dá eintiteas chun a ngníomhaíochtaí a chomhordú agus chun dúbláil a sheachaint i gcásanna idirghabhála idir na Ballstáit, ar cásanna iad a bhaineann le saincheisteanna slándála sóisialta agus dlí an tsaothair araon.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis an rialachán ón 01 Bealtaine 2010. Ar an dáta sin, go deimhin, tháinig Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme i bhfeidhm.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lgh. 1-123). Téacs arna athfhoilsiú i gceartúchán (IO L 200, 7.6.2004, lgh. 1-49).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lgh. 1-42).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 12.12.2022

Top