EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fáltais ó choireacht a reo agus a choigistiú

Fáltais ó choireacht a reo agus a choigistiú

ACHOIMRE AR:

Threoir 2014/42/AE maidir le hionstraimeachtaí agus le fáltais ó choireacht san AE a reo agus a choigistiú

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Féachtar leis an treoir coigistiú agus aisghabháil fáltas* agus ionstraimeachtaí* ó choireacht a éascú do na húdaráis náisiúnta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach sa treoir íosrialacha maidir le fáltais agus le hionstraimeachtaí ó choireacht a reo agus maidir leo a choigistiú ina dhiaidh sin.

Is iad na cionta coiriúla atá i gceist ná na cinn i ndlíthe éagsúla AE atá liostaithe in Airteagal 3 den treoir.

De bhreis ar fháltais agus ionstraimeachtaí a choigistiú (i ndiaidh ciontaithe choiriúil), nó ar choigistiú a luacha, is féidir fáltais ó choireacht agus ionstraimeachtaí a choigistiú faoi Airteagal 4 má éiríonn an duine lena mbaineann tinn nó má éalaíonn sé/sí (ní féidir leis an duine atá faoi amhras nó an duine cúisithe freastal ar na himeachtaí coiriúla ar feadh tréimhse ama níos faide, rud a chiallaíonn nach féidir leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí faoi ghnáthchoinníollacha agus nach féidir duine a chiontú).

Leagtar amach in Airteagal 5 rialacha níos soiléire maidir le cumhachtaí breisithe coigistithe. Mar sin, bíonn sé níos éasca rudaí a choigistiú más rud é go mbíonn an breitheamh sásta go bhfuair an duine ciontaithe an mhaoin atá i gceist trí ghníomhaíochtaí coiriúla eile.

Faoi Airteagal 6 den treoir is féidir rudaí a choigistiú más rud é gur aistrigh an duine atá faoi amhras maoin chuig tríú páirtí, nó go bhfuair tríú páirtí an mhaoin sin go díreach, tríú páirtí go mba cheart a bheith ar eolas aige go raibh baint ag an maoin le coireacht.

Faoi Airteagal 10, ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) sócmhainní reoite a bhainistiú go cuí (mar shampla trí Oifigí Bainistíochta Sócmhainní a bhunú), ionas nach gcaillfidh na sócmhainní sin luach eacnamaíoch sular ndéanfar iad a choigistiú.

Tá Éire ag glacadh páirte sa treoir. Níl an Ríocht Aontaithe (1) ná an Danmhairg ag glacadh páirte inti áfach.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 19 Bealtaine 2014. Caithfidh na tíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 4 Deireadh Fómhair 2016.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Fáltais: ioncaim ó ghníomhaíochtaí coiriúla.

* Ionstraimeachtaí: na huirlisí a úsáidtear chun coireanna a dhéanamh (e.g. bád a úsáidtear chun drugaí a iompar).

GNÍOMH

Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus le fáltais ó choireacht san Aontas Eorpach a reo agus a choigistiú (IO L 127, 29.4.2014, lgh. 39-50)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 2014/42/AE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 07.01.2016



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top