This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rural development
Forbairt tuaithe
Forbairt tuaithe
Is é beartas forbartha tuaithe an dara colún de chomhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (AE). Féachtar leis an mbeartas forbartha tuaithe cuidiú le limistéir thuaithe AE dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta atá le sárú acu. Tá trí chuspóir fhadtéarmacha leis:
Tá maoiniú AE ar fáil d’fhorbairt tuaithe ar fáil ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). Is ionann buiséad an CETFT don tréimhse 2021–2027 agus EUR 95.5 billiún, lena n–áirítear instealladh de EUR 8.1 billiún ó ionstraim théarnaimh AE chun cuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19.
Cuirtear an beartas i bhfeidhm trí chláir um fhorbairt tuaithe 7 mbliana, a dhréachtaítear i gcomhpháirtíocht leis an Aontas Eorpach. Dírítear ar na sé thosaíocht seo a leanas iontu sin:
Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 na prionsabail, na rialacha agus na caighdeáin a bhaineann le cur chun feidhme an CETFT, mar atá le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta eile na hEorpa.
Tá na rialacha maidir le caiteachas ar fhorbairt tuaithe le linn 2021–2022 leagtha amach sa rialachán idirthréimhseach maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta, arna ghlacadh an . Leathnaítear leis an rialachán na rialacha atá ann cheana den chuid is mó (a cuireadh i bhfeidhm i dtosach don tréimhse 2014–2020), le roinnt gnéithe breise chun aistriú rianúil go dtí reachtaíocht CBT amach anseo, atá le tosú in 2023 a áirithiú.