Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Creat–chomhaontú Idir–réigiúnach Comhair idir an tAontas Eorpach agus Mercosur

An Creat–chomhaontú Idir–réigiúnach Comhair idir an tAontas Eorpach agus Mercosur

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 1999/279/CE ón gComhairle — lena dtugtar i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an creat–chomhaontú idir–réigiúnach comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha

An Creat–chomhaontú Idir–réigiúnach Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

  • Cuirtear an comhaontú i gcrích leis an gcinneadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).
  • Féachtar leis an gcomhaontú, atá bunaithe ar phrionsabail dhaonlathacha agus ar chearta bunúsacha, leis an gcaidreamh idir na páirtithe a neartú agus chun an bhunchloch a leagan le haghaidh Comhlachas Idir-réigiúnach idir AE agus an Cómhargadh Theas (Mercosur).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Chomh maith le sraith comhaontuithe déthaobhacha, thug AE an Creat-chomhaontú Idir-réigiúnach le Mercosur i gcrích.
  • Cuimsítear in Mercosur an Airgintín, an Bhrasaíl, Paragua agus Uragua.
  • Clúdaítear sa chomhaontú cúrsaí trádála agus eacnamaíocha, comhar agus réimsí eile comhleasa.
  • Maidir le trádáil, tá idirphlé rialta maidir le cúrsaí trádála agus eacnamaíocha ceaptha chun ullmhú le haghaidh léirscaoileadh cómhalartach trádála de réir a chéile, agus áirítear iad seo a leanas leis na príomhréimsí comhair:
    • rochtain ar an margadh, léirscaoileadh trádála agus disciplíní trádála;
    • comhoiriúnacht na trádála le rialacha EDT;
    • aithint táirgí íogaire agus tosaíochta;
    • comhar agus malartuithe faisnéise maidir le seirbhísí.
  • Cé nach bhfágtar earnáil ar bith as an gcomhar eacnamaíoch, clúdaítear an méid seo a leanas go sonrach sa chomhaontú:
    • fuinneamh;
    • iompar;
    • teileachumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise;
    • cosaint an chomhshaoil;
    • eolaíocht agus teicneolaíocht;
    • comhar gnó; agus
    • infheistíocht a chur chun cinn.
  • Áirítear ar réimsí eile comhair:
    • oiliúint agus oideachas;
    • cumarsáid, faisnéis agus cultúr, i gcás gurb é an aidhm comhthuiscint a chur chun cinn agus ceangail chultúrtha a neartú;
    • gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac.

Maoiniú

  • Comhaontaíonn na páirtithe go soláthróidh siad na hacmhainní a theastaíonn agus spreagann siad an Banc Eorpach Infheistíochta le níos mó cabhrach a thabhairt do Mercosur chun cuspóirí an chomhaontaithe a bhaint amach.

Tacaíocht institiúideach

  • Tagann Comhairle Comhair a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme an chomhaontaithe le chéile go rialta ar leibhéal na n–airí.

Comhlachas Idir-réigiúnach

  • Cuirtear ar bun leis an gcomhaontú plé polaitiúil rialta chun cur leis an dul chun cinn i dtreo Comhlachas Idir-réigiúnach.
  • I mí an Mheithimh 2019, thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le Comhaontú Comhlachais idir na páirtithe.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar an 1 Iúil 1999 agus tá tréimhse bhailí éiginnte leis.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 1999/279/CE ón gComhairle an 22 Márta 1999 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an chreat–chomhaontaithe idir–réigiúnaigh comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha, den pháirt eile (IO L 112, 29.4.1999, lgh. 65-84)

Creat–chomhaontú Idir–réigiúnach Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha, den pháirt eile — Dearbhú Comhpháirteach maidir le hidirphlé polaitiúil idir an tAontas Eorpach agus Mercosur (IO L 69, 19.3.1996, lgh. 4-22)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Faisnéis maidir le dáta theacht i bhfeidhm an Creat–chomhaontaithe Idir–réigiúnaigh Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cómhargadh Theas agus a Stáit Chomhpháirteacha, den pháirt eile (IO L 175, 10.7.1999, lch. 62)

Nuashonraithe 06.03.2020

Top