Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint in aghaidh bacainní trádála

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Rialacha trádála idirnáisiúnta: conas is féidir leis an Aontas Eorpach a chearta a fheidhmiú' for an updated information about the subject.

Cosaint in aghaidh bacainní trádála

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 – nósanna imeachta lena chinntítear feidhmiú chearta AE faoi na rialacha idirnáisiunta trádála, go háirithe iad siud a bhunaítear faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

  • Bunaítear nós imeachta leis a chuireann ar chumas gnóthas agus thíortha AE a iarraidh ar institiúidí AE scrúdú a dhéanamh ar na bacainní trádála* atá curtha i bhfeidhm ag gcuideachtaí i dtíortha na tíortha AE iad chun leasanna chuideachtaí agus oibrithe AE a chosaint.
  • Féachtar leis gortú* nó éifeachtaí díobhálacha trádála*, a leanann as bacainní trádála den chineál sin, a dhíchur, i gcomhréir le rialacha trádála idirnáisiúnta.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Féadfar gearáin faoin rialachán seo a thaisceadh thar ceann thionscal amháin AE, thar ceann chuideachta amháin AE, nó níos mó, nó ag tír amháin AE ag díriú ar bhacainn trádála. Ní mór dóthain fianaise a bheith sa ghearán maidir leis na bacainní trádála atá ann agus an gortú nó na héifeachtaí díobhálacha trádála a d’fhéadfadh teacht astu.
  • Ní mór gearáin a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i scríbhinn. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach cinneadh taobh istigh de 45 lá maidir le hinghlacthacht an ghearáin. Féadfaidh an gearánach a iarraidh go ndéanfaí an tréimhse seo a chur ar fionraí chun breis faisnéise a chur leis an ngearán.
  • Cuirtear faisnéis ar fáil do na tíortha sin ag coiste comhairleach a bhfuil ionadaithe ó gach tír AE ann agus atá faoi chathaoirleach an Choimisiúin Eorpaigh i gceannas air. Fóram atá ann freisin inar féidir leis na tíortha a dtuairimí a nochtadh.
  • Má mheastar gur gearán inghlactha atá ann, cuirtear tús le scrúdú agus déantar é seo a fhógairt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO). Sonraítear san fhógra seo an táirge nó an tseirbhís agus na tíortha i dtrácht. Ansin bailíonn an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis ábhartha go léir ó na páirtithe atá i gceist.

Má chinneann AE beart a dhéanamh, bunaithe ar nós imeachta an scrúdaithe seo, féadfar bearta beartais tráchtála a thógáil atá comhoiriúnach le hoibleagáidí agus le nósanna imeachta idirnáisiúnta atá ann cheana. Go háirithe, féadfaidh sé:

  • 1.

    Lamháltais* taraifí a chur ar fionraí agus dleachtanna custaim nua nó méadaithe a fhorchur;

  • 2.

    srianta cainníochtúla ar allmhairí nó ar onnmhairí earraí a thabhairt isteach nó a mhéadú;

  • 3.

    lamháltais a chur ar fionraí maidir le hearraí, le seirbhísí nó le soláthraithe san earnáil soláthair phoiblí.

Ní mór don Chomhairle a rialú, taobh istigh de 30 lá, ar thogra an Choimisiúin chun ceann amháin nó níos mó de na bearta thuas a dhéanamh.

Sa bhliain 2014, leasaíodh an Rialachán (Rialachán (AE) Uimh. 654/2014) ag AE ag cur rialacha agus nósanna imeachta nua leis. Cinntíonn siad seo gur féidir leis an Aontas Eorpach a chearta a fheidhmiú chun lamháltais nó oibleagáidí eile faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar ar bhonn níos éifeachtaí agus níos tapa.

Féadfaidh an Coimisiúin glacadh le gníomhartha a dhéanann beart in aghaidh tíortha nach tíortha AE iad i gcásanna riachtanais phráinnigh. Bíonn feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme seo láithreach agus ní úsáidtear an nós imeachta seo ach amháin i gcásanna atá dlisteanaithe go cuí. Cuirtear na trí bheart, atá luaite thuas, san áireamh sna bearta ar féidir iad a achtú le gníomh cur chun feidhme.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO?

Tá Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 i bhfeidhm ón 1 Eanáir 1995. Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ón 17 Iúil 2014.

CÚLRA

Imscrúduithe ar bhacainní trádála

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Bacainn trádála: aon chleachtas trádála arna ghlacadh ag tír nach tír AE í, ach atá toirmiscthe ag rialacha trádála idirnáisiúnta, a thugann don pháirtí, a gcuireann an cleachtas isteach air, an ceart a iarraidh ar éifeacht an chleachtais sin a dhíchur. Go bunúsach, baineann na rialacha trádála idirnáisiúnta seo leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO) agus na rialacha a leagtar amach i gcomhaontuithe déthaobhacha le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a bhfuil AE ina pháirtí iontu.

*Gortú: díobháil ábhartha ar bith do thionscal AE ar mhargadh AE, á bagairt ag bacainn trádála.

*Éifeachtaí díobhálacha trádála: na héifeachtaí, a bhfuil bacainn trádála ina cúis leo, nó í ag bagairt a leithéid, maidir le táirge nó seirbhís, a chuireann isteach ar ghnóthais AE maidir leis an margadh i dtír ar bith nach tír AE í.

*Lamháltais nó oibleagáidí eile: lamháltais taraifí nó aon sochair eile a bhfuil AE tiomanta iad a chur i bhfeidhm le linn trádála le tíortha nach tíortha AE iad de bhua comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a bhfuil sé ina pháirtí iontu

ACHT

Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 lena leagtar síos nósanna imeachta an Chomhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála chun feidhmiú chearta an Chomhphobail a chinntiú faoi rialacha trádála idirnáisiúnta, go háirithe na cinn a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (OJ L 349, 31.12.1994, pp. 71–78)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

Nuashonraithe 30.11.2015

Top