Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus um Oibríochtaí Cabhrach Daonnúla Eorpacha (ECHO)

An Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus um Oibríochtaí Cabhrach Daonnúla Eorpacha (ECHO)

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 214 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Airteagal 196 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAIL SEO AN CHONARTHA?

  • Déantar foráil in Airteagal 214 i leith an phríomhbhunúis dlí le haghaidh cabhair dhaonnúilan Aontais Eorpaigh. Tugtar údarú ann don Aontas Eorpach cúnamh, fóirithint agus cosaint a chur ar fáil d’íospartaigh tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine do dhaoine i dtíortha neamh-AE.
  • Le hAirteagal 196 tugtar an inniúlacht don Aontas Eorpach tacú le gníomhaíochtaí thíortha AE sa réimse um chosaint shibhialta agus iad a chomhlánú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus um Oibríochtaí Cabhrach Daonnúla Eorpacha (ECHO) an Choimisiúin Eorpaigh freagrach as cabhair a sholáthar d’íospartaigh géarchéimeanna agus tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.
  • Déanann ECHO bainistíocht chomh maith ar an Sásra AE um Chosaint Shibhialta.
  • Le déanaí, in 2016, tugadh an fhreagracht do ECHO as tacaíocht éigeandála a bhainistiú laistigh den Aontas Eorpach.

Cabhair dhaonnúil

Bunaithe ar phrionsabail idirnáisiúnta atá cuimsithe sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil, soláthraíonn AE cúnamh daonnúil ar bhonn riachtanas. Cuirtear an bhéim ann ar na híospartaigh is leochailí.

Maoiníonn ECHO cabhair dhaonnúil ar bhonn Rialachán 1996 maidir le Cabhair Dhaonnúil, ina ndéantar foráil i leith oibríochtaí lasmuigh den Aontas Eorpach a mhaoiniú chun cúnamh, fóirithint agus cosaint a sholáthar do dhaoine a ndéanann tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine agus éigeandálaí cosúla dochar dóibh. Déanann ECHO idirghabháil i gcomhpháirtíochtle heagraíochtaí neamhrialtasacha; cistí, cláir agus sainghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe; an Chros Dhearg agus an Corrán Dearg agus sainghníomhaireachtaí thíortha AE

Tacaíocht éigeandála laistigh den Aontas Eorpach

  • Le Rialachán (AE) 2016/369, féadfaidh AE tacaíocht éigeandála a sholáthar do thíortha AE a ndéantar dochar dóibh le tubaistí de dhéantús an duine nó tubaistí nádúrtha atá thar a bheith tromchúiseach agus a mbíonn dian-iarmhairtí fairsinge daonnúla mar thoradh orthu, amhail creathanna talún, tuilte, agus teagmhais thionsclaíocha. Ní bhainfear leas as ach amháin sa chás nach leor ionstraimí eile agus tá sé deartha chun tacú le gníomhaíochtaí na tíre AE/tíortha AE a ndéantar dochar di/dóibh agus chun iad a chomhlánú.

Cosaint shibhialta

  • Bíonn ECHO gníomhach chomh maith i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach araon tríd an sásra Aontais um chosaint shibhialta lena bhféachtar le comhar agus comhordú idir AE agus tíortha AE a neartú sa réimse um chosaint shibhialta. Féadfaidh tíortha neamh-AE áirithe páirt a ghlacadh faoi choinníollacha sonracha chomh maith.
  • Is é an príomhchuspóir leis feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras chun tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine de gach cineál laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach a chosc, ullmhú ina leith agus freagairt ina leith.
  • Tá mol 24/7 ag baint leis an sásra, an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha a chomhordaíonn oibríochtaí, chomh maith le hAcmhainn Práinnfhreagartha (“comhthiomsú deonach”) ina dtugtar le chéile raon foirne fóirithinte, saineolaithe agus trealaimh a choinnítear ar fuireachas sna tíortha AE ina bhfuil siad bunaithe.
  • Cé go ndírítear ann ar dhaoine a chosaint, cumhdaítear ann chomh maith an comhshaol agus maoin, lena n-áirítear an oidhreacht nádúrtha.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Airteagal 214 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 143)

Airteagal 196 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 135-136)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lgh. 1-6)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 924-947)

Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 maidir le tacaíocht éigeandála a sholáthar laistigh den Aontas (IO L 70, 16.3.2016, lgh. 1-6)

Nuashonraithe 22.09.2016

Top