Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tromlach cáilithe

Tromlach cáilithe

Is tromlach cáilithe (TC) ann ná líon na vótaí atá ag teastáil sa Chomhairle chun cinneadh a ghlacadh, agus saincheisteanna á bplé bunaithe ar Airteagal 16 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar Airteagal 238 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, gníomhaíonn an Chomhairle de réir TC, i gcomhchinneadh le Parlaimint na hEorpa.

An , cuireadh nós imeachta nua um vótáil TC i bhfeidhm, ar a dtugtar riail an “tromlaigh dhúbailte”. Sa chás seo, nuair a chaitheann an Chomhairle vóta maidir le togra an Choimisiúin nó Ardionadaí an AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, baintear TC amach nuair a chomhlíontar dhá choinníoll:

  • caitheann 55 % de Bhallstáit AE vóta ar son an togra - .i. 16 as 28 mBallstát;
  • tacaítear leis an togra ag tíortha a sheasann do 65 % ar a laghad den daonra iomlán AE.

Nuair a chaitheann an Chomhairle vóta maidir le togra nach togra de chuid an Choimisiúin ná an Ardionadaí é, glactar le cinneadh:

  • má chaitheann 72 % de Bhallstáit AE vóta ar son an togra; agus
  • má sheasann siad do 65 % ar a laghad den daonra AE.

Go dtí an , féadfaidh Ballstát AE ar bith iarraidh ar chinneadh a ghlacadh de réir na rialacha a bhí i bhfeidhm roimh an (.i. de réir na rialacha mar atá sainithe i gConradh Nice).

FÉACH FOSTA

Top