This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Macroeconomic Imbalance Procedure (MIP)
Nós Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch (MIP)
Nós Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch (MIP)
Is éard is aidhm atá leis an Nós Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch (MIP) ná treochtaí a aimsiú agus aghaidh a thabhairt orthu, treochtaí a mbíonn tionchar diúltach acu ar fheidhmiú an gheilleagair de thír an Aontais Eorpaigh (AE), de limistéar an euro nó den Aontas Eorpach ina iomlán. Is príomheilimint é de chreat athchóirithe rialachais eacnamaíoch AE a cuireadh ar bun i ndiaidh na géarchéime airgeadais in 2008.
Ceapadh é chun:
Sa sásra foláirimh baintear úsáid as 14 tháscaire (e.g. treochtaí i scaireanna margaidh onnmhairithe, glaninfheistíocht idirnáisiúnta, costais saothair agus fiachas earnála príobháidí agus poiblí) chun rioscaí féideartha a aithint.
D’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach a mholadh don Chomhairle moltaí a eisiúint do na tíortha a aithníodh go bhfuil míchothromaíochtaí acu. D’fheadfaí próiseas feabhsaithe monatóireachta sainiúla a chur i bhfeidhm maidir leis na tíortha a bhfuil míchothromaíochtaí iomarcacha acu nó d’fhéadfadh na tíortha sin dul isteach sa Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha (EIP). An toradh a d’fhéadfadh a bheith ar EIP faoi dheireadh ná smachtbhannaí le haghaidh tíortha de limistéar an euro (má theipeann ar na tíortha sin a n-oibleagáidí a chomhlíonadh arís agus arís eile).