Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'An Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach' for an updated information about the subject.

An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus córas rialaithe iascaigh

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Bunaítear le EFCA, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach ar a dtugtaí, roimh 2012, an Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach.

Tá sé d’aidhm ag EFCA:

  • comhordú oibriúcháin ghníomhaíochtaí rialaithe agus iniúchta um iascaigh thíortha AE a eagrú;
  • cuidiú leo rialacha an chomhbheartais iascaigh a chur i bhfeidhm.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas misin agus cúraimí EFCA.

  • Iad seo a leanas a chomhordú:
  • Chun cuidiú le tíortha AE:
    • faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta agus gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta a thuairisciú don Choimisiún Eorpach agus do pháirtithe leasmhara eile;
    • a ndualgas a chomhlíonadh faoi rialacha an bheartais iascaigh.
  • Chun cuidiú le tíortha AE agus leis an gCoimisiún:
    • cur i bhfeidhm an bheartais iascaigh a chomhchuibhiú ar fud AE;
    • le caidreamh le tíortha neamh-AE maidir le comhaontuithe iascaigh.
  • Chun cur le:
    • taighde ar theicníochtaí rialaithe agus cigireachta agus iad a fhorbairt;
    • oiliúint a chur ar chigirí agus malairt taithí idir tíortha AE.

Eagraíocht

Tá EFCA, atá lonnaithe in Vigo, an Spáinn, comhdhéanta de:

Déanann an bord riaracháin meastóireacht sheachtrach neamhspleách ar éifeachtúlacht de chuid EFCA a choimisiúnú gach 5 bliana chomh maith.

Comhordú oibríochtúil

Comhordaíonn EFCA gníomhaíochtaí ar an talamh agus in uiscí AE agus idirnáisiúnta araon. Déantar é sin trí leas a bhaint as comhphleananna um imscaradh, a dhréachtaíonn EFCA i ndiaidh dó dul i gcomhairle le tíortha AE.

Seolann an stiúrthóir feidhmiúcháin an dréachtphlean um imscaradh chuig an tír AE lena mbaineann agus chuig an gCoimisiún. Mura gcuirtear i gcoinne an phlean laistigh de 15 lá oibre (sa chás go gcuirfear é chuig an gCoimisiún chun na hathruithe is gá a dhéanamh air), glactar an plean.

As sin, leis na pleananna um imscaradh:

  • cuirtear na tagarmharcanna agus na nósanna imeachta rialaithe agus cigireachta i bhfeidhm;
  • eagraítear imscaradh acmhainní náisiúnta; agus
  • leagtar amach na coinníollacha faoina bhféadfaidh tír AE dul isteach in uiscí thír AE eile.

Déantar éifeachtúlacht gach plean um imscaradh a mheasúnú gach bliain.

Soláthraíonn ionad comhordaithe an EFCA uirlisí monatóireachta, faireachais agus cumarsáide.

Príomhphointí breise

  • Féadfaidh an EFCA an trealamh a theastaíonn do chur i bhfeidhm na gcomhphleananna um imscaradh agus na gclár rialaithe agus cigireachta a cheannach, a fháil ar cíos nó a chairtfhostú.
  • Chomh maith leis na hacmhainní daonna a sholáthraíonn tíortha AE do chlár rialaithe agus cigireachta, féadfar foireann EFCA a shannadh mar chigirí AE in uiscí idirnáisiúnta.
  • Féadfaidh an EFCA aonad éigeandála a bhunú chun faisnéis a bhailiú agus a mheasúnú agus roghanna a shainaithint chun tacú leis an gComhbheartas Iascaigh má bhíonn riosca tromchúiseach le sárú aige nach féidir a chosc leis na hacmhainní reatha.
  • Cuireann an EFCA le cur i bhfeidhm bheartas muirí comhtháite AE.
  • Maoinítear EFCA ó thrí fhoinse:
    • buiséad AE,
    • íocaíocht as seirbhísí a sholáthraítear do thíortha AE, agus
    • ioncam ó fhoilseacháin, ó oiliúint agus ó sheirbhísí eile a sholáthraíonn sé.
  • Tá EFCA rannpháirteach i dtionscadail éagsúla um thaighde agus um fhorbairt Fhís 2020 sna réimsí maidir le faireachas muirí agus teicníochtaí um fhaire na Cruinne.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 10 Meitheamh 2005.

CÚLRA

I bhfianaise an leasaithe ar an gComhbheartas Iascaigh in 2002, tá coinníollacha comhchuibhithe maidir leis na rialacha a chur chun feidhme ina bpríomhghné den bheartas. Measadh go raibh sé riachtanach buanstruchtúr a chruthú chun comhordú gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta san earnáil iascaigh a chinntiú. Bhí an Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach (EFCA ina dhiaidh sin) mar thoradh ar an riachtanas sin.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 lena mbunaítear an córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lgh. 1-14)

Rinneadh leasuithe leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 14.01.2016

Top