EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Seirbhísí íocaíochta in AE

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Rialacha leasaithe le haghaidh seirbhísí íocaíochta in AE' for an updated information about the subject.

Seirbhísí íocaíochta in AE

ACHOIMRE AR:

Treoir 2007/64/CE maidir le seirbhísí íocaíochta i margadh inmheánach AE

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar síos na rialacha um sheirbhísí íocaíochta* amhail aistrithe creidmheasa, dochair dhíreacha agus íocaíochtaí cárta inti.
  • Áirítear leis na rialacha sin riachtanais faisnéise maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta, chomh maith leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le húsáid seirbhísí íocaíochta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Údarú

Ní mór d’institiúid ina dtairgtear seirbhísí íocaíochta údarú a fháil chun a gníomhaíochtaí íocaíochta a dhéanamh ar fud AE. Tá comhlacht náisiúnta ag gach tír AE atá freagrach as údaruithe a dheonú. Níl an institiúid údaraithe ach amháin má tá socruithe rialachais láidre i bhfeidhm dá gnó agus má tá méid áirithe caipitil ina sealbh.

Riachtanais faisnéise

Ní mór do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta raon faisnéise atá soiléir a chur ar fáil d’úsáideoirí a seirbhísí.

Roimh sheirbhís íocaíochta, ní mór dóibh faisnéis a chur in iúl maidir le

  • táillí,
  • nósanna imeachta gearán agus
  • gach muirear iníoctha ar bhealach a thuigfear go héasca.

I ndiaidh idirbheart íocaíochta a dhéanamh, ní mór dóibh faisnéis a chur ar fáil don íocóir. Áirítear air sin:

  • tagairt don idirbheart íocaíochta agus don íocaí;
  • méid na híocaíochta;
  • na táillí agus na coimisiúin a bhaineann leis an idirbheart.

Ní mór dóibh faisnéis a chur in iúl don íocaí a luaithe is a dhéantar an t-idirbheart.

Leagtar rialacha sainiúla síos sa dlí chomh maith maidir leis an bhfaisnéis nach mór do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a chur ar fáil nuair atá idirbhearta cumhdaithe faoi chonradh lena rialaítear cur i gcrích na n-idirbheart íocaíochta leantach amach anseo.

Cearta agus oibleagáidí

Cuirtear idirbheart íocaíochta in euro nó in airgeadra thír AE lasmuigh de limistéar an euro i gcrích laistigh de 1 lá oibre.

Tá soláthraithe seirbhísí íocaíochta go hiomlán faoi dhliteanas d’íocóirí na hidirbhearta íocaíochta a chur i gcrích mar is ceart. Nuair nach gcuirtear idirbheart i gcrích nó má bhíonn sé lochtach, ní mór do sholáthraí seirbhís íocaíochta an íocóra é a cheartú nó an tsuim ábhartha a aisíoc leis an íocóir. I gcás go mbaineann duine seachas an t-íocóir mí-úsáid as ionstraim íocaíochta, amhail cárta creidmheasa, ní mór don íocóir na caillteanais suas le suim EUR 150 ar a mhéad a íoc.

Leagtar rialacha síos sa dlí chomh maith maidir le haisíocaíochtaí nuair a rinneadh idirbhearta íocaíochta a údarú go mícheart ag soláthraí seirbhíse íocaíochta.

Aisghairm

Rinneadh Treoir 2007/64/CE a aisghairm le Treoir (AE) 2015/2366 le héifeacht ón 13 Eanáir 2018.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh i bhfeidhm an Treoir an 25 Nollaig 2007. Bhí sí le hionchorprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Samhain 2009.

CÚLRA

Is maith le tomhaltóirí a bheith cinnte go bhfuil na híocaíochtaí a dhéanann siad ar fud AE éasca, éifeachtach agus sábháilte. Chun an cuspóir seo a bhaint amach, bhunaigh AE comhchreat maidir le seirbhísí íocaíochta atá curtha in ionad rialacha náisiúnta thíortha AE.

PRÍOMHTHÉARMA

* Is éard is seirbhísí íocaíochta ann gníomhaíochtaí gnó:

  • lenar féidir le daoine airgead tirim a chur ar chuntas íocaíochta nó a aistarraingt de, agus an cuntas sin a oibriú;
  • a chuireann idirbhearta íocaíochta i gcrích (e.g., buanorduithe, dochair dhíreacha, srl.) ar chuntais íocaíochta nó trí mhodh leictreonach araon;
  • a eisíonn agus/nó a fhaigheann treoracha íocaíochta;
  • íocaíocht airgid.

GNÍOMH

Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lgh. 1-36).

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Threoir 2007/63/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, aistriú cuntais íocaíochta agus rochtain ar chuntais íocaíochta lena bhfuil gnéithe bunúsacha (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 214–246)

Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hÉireann agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lgh. 35-127)

Nuashonraithe 24.05.2016

Top