EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN)

An Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN)

 

ACHOIMRE AR:

Fógra maidir le comhar laistigh den Ghréasán Údarás Iomaíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN BHFÓGRA?

  • Leagtar amach go mion ann an dóigh a bhfeidhmíonn an Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN) arna chruthú le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (féach an achoimre) i ngníomh chun deighilt éifeachtach oibre agus chur i bhfeidhm éifeachtach seasmhach rialacha iomaíochta AE a áirithiú.
  • Cuimsítear sa ghréasán an Coimisiún Eorpach agus údaráis náisiúnta iomaíochta a oibríonn le chéile ar chásanna a bhaineann le hAirteagal 101 (féach an achoimre) agus le hAirteagal 102, (Airteagal 81 agus Airteagal 82 roimhe seo) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh (CFAE).
  • Le hAirteagal 101 cuirtear cosc ar chairtéil agus ar iompar lena ndéantar iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh. Le hAirteagal 102 cuirtear cosc ar aon mhí-úsáid as ceannasacht ag cuideachtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaítear leis an rialachán córas cumhachtaí comhthráthacha trínar féidir le gach údarás iomaíochta Airteagal 101 agus Airteagal 102 a chur i bhfeidhm. Láimhseálann an t-údarás a fhaigheann gearán nó a thosaíonn nós imeachta ex-officio* na cásanna. Ní dhéanfaí athdháileadh cáis a bheartú ach ag tosach nós imeachta i gcás gur cheap an t-údarás nach raibh sé ar a chumas gníomhú nó i gcás gur cheap údaráis eile go raibh sé ar a gcumas gníomhú. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil sé ar chumas údaráis déileáil le cás má chomhlíontar na 3 choinníoll carntha seo a leanas:

  • cuirtear an t-iompar neamhdhleathach líomhnaithe chun feidhme ina dhlínse nó tionscnaíonn sé ina dhlínse;
  • féadfar leis deireadh a chur leis an gcleachtas;
  • féadfar leis, le cuidiú ó údaráis eile b’fhéidir, an fhianaise is gá chun an éagóir a chruthú a bhailiú.

Dá réir sin tá sé ar chumas na n-údarás seo a leanas cás a láimhseáil:

  • údarás náisiúnta aonair nuair a dhearbhaítear leis na coinníollacha seo a leanas go bhfuil nasc ábhartha idir an éagóir agus a chríoch;
  • 2 nó 3 údarás náisiúnta agus iad ag comhoibriú agus ag obair i gcomhthráth i gcás go bhfuil éifeachtaí suntasacha ag an iompar atá á imscrúdú ar iomaíocht ar a gcríocha faoi seach;
  • an Coimisiún i gcás go dtéann an cás i bhfeidhm ar iomaíocht i níos mó ná 3 thír AE nó go bhfuil sé nasctha le rialacha eile AE faoi fhreagracht an Choimisiúin nó má chaithfear cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh ar mhaithe le leas AE chun beartas iomaíochta AE a fhorbairt nuair a thiocfaidh ceist úr iomaíochta chun cinn nó chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú.

Is é seo a leanas atá i gceist le comhar maidir le leithdháileadh agus cúnamh cásanna laistigh den ghréasán:

  • cásanna a leithdháileadh go gasta agus go héifeachtach;
  • faisnéis a mhalartú ag tús an nós imeachta maidir leis na cásanna uile atá ar feitheamh os comhair údaráis éagsúla iomaíochta lena shocrú cén údarás is fearr a bheidh ábalta an t-imscrúdú a láimhseáil.
  • cás a athdháileadh, faoi cheann 2 sheachtain de ghnáth, más gá.

Féadfaidh údarás náisiúnta:

  • a imeachtaí a chur ar fionraí nó a dhúnadh, cé nach bhfuil sé faoi oibleagáid ar bith, agus féadfaidh sé a chinneadh amhlaidh a dhéanamh nuair atá údarás eile ag déileáil, nó nuair a dhéileáil údarás eile, leis an gcás.
  • cúnamh a iarraidh ar údarás náisiúnta eile maidir le faisnéis a bhailiú nó fíricí a aimsiú;
  • cigireacht a dhéanamh don Choimisiún má iarrtar air.

Féadfaidh gach údarás iomaíochta faisnéis rúnda a mhalartú agus a úsáid a bhailigh siad agus na cosaintí seo a leanas á gcur i bhfeidhm acu do chuideachtaí agus do dhaoine aonair:

  • meas ar rúndacht ghairmiúil mura bhfuil gá le nochtadh chun iompar frithiomaíochta a chruthú;
  • úsáid a bhaint as an bhfaisnéis mhalartaithe chun críocha iomaíochta amháin;
  • comhlíonadh an chirt chun cosanta do dhaoine aonair, go háirithe i gcás go bhféadfaí smachtbhannaí a fhorchuireadh.

Tá an ceart ag gearánaithe a ardaíonn mí-úsáid líomhnaithe leis an gCoimisiún fios a bheith acu cad chuige ar diúltaíodh a ngearán, má dhiúltaítear é.

Ba cheart do chuideachtaí a bheidh ag lorg cóireáil fhabhrach i gcásanna cairtéil faoi chlár náisiúnta trócaire*an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a n-iarratas ar thrócaire a chur isteach chuig na húdaráis iomaíochta ar fad a bhaineann leis an gcás;
  • ní mór dóibh a dtoiliú a thabhairt, agus gan é a aistarraingt níos déanaí, sula dtabharfar faisnéis ar bith a chuir siad ar fáil go deonach nó ar chuidigh siad lena fáil do bhaill eile den ghréasán, ach amháin sna cásanna seo a leanas maidir leis an údarás a gheobhaidh an fhaisnéis:
    • fuair sé iarratas ar thrócaire ón gcuideachta chomh maith;
    • soláthróidh sé gealltanas i scríbhinn nach mbainfidh sé úsáid as an bhfaisnéis chun smachtbhannaí a fhorchur ar an iarratasóir ar thrócaire, nó ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha ar bith eile, nó ar fhostaithe reatha nó ar iarfhostaithe atá clúdaithe sna bearta um chóireáil fhabhrach.

Maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha iomaíochta AE:

  • ní mór do na húdaráis náisiúnta:
    • gan imeacht ó na cinntí a rinne an Coimisiún cheana agus a rialú féin maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais á ndéanamh acu;
    • achoimre a chur chuig an gCoimisiún maidir leis an gcás tráth nach déanaí ná 30 sula nglacfar le cinneadh maidir leis an iompar frithiomaíochta;
  • féadfaidh na húdaráis náisiúnta cinneadh a dhéanamh i ndiaidh an 30 lá leis, ar na gcoinníoll nár chuir an Coimisiún tús le himeachtaí, cé go bhféadfadh sé breithnithe i scríbhinn a dhéanamh ar an gcás;
  • tugtar an deis leis do na húdaráis náisiúnta an Coimisiún agus an gréasán a chur ar an eolas faoi chásanna ar bith eile a bhaineann le dlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Coimisiún tús a chur le himeachtaí Airteagal 101 agus Airteagal 102 dá chuid féin, toisc gurb é an chéad údarás iomaíochta a rinne amhlaidh nó (más i ndiaidh leithdháileadh tosaigh an cháis é, agus an chúis leis a mhíniú do na húdaráis náisiúnta) mar gheall air an méid seo a leanas:

  • go mbeartaíonn baill den ghréasán cinntí a thiocfaidh salach ar a chéile sa chás nó rialú nach bhfuil i gcomhréir le cásdlí AE, nach gcuireann ina choinne nó a bhfuil na himeachtaí á bhfadú go míchuí acu;
  • go bhfuil gá ann le cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh chun beartas iomaíochta an Aontais Eorpaigh a fhorbairt.

Ní fhéadfaidh údaráis náisiúnta, nuair a bheidh imeachtaí tosaithe ag an gCoimisiún, gníomhú ar an mbonn dlíthiúil céanna i gcoinne an chomhaontaithe (na gcomhaontuithe) nó an chleachtais (na gcleachtas) chéanna ag an gcuideachta chéanna maidir leis an margadh ábhartha agus geografach céanna.

Maidir leis an bhfógra:

  • déanann na húdaráis náisiúnta agus an Coimisiún é a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil;
  • cuirtear in ionad an fhógra ón gCoimisiún é maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta iomaíochta agus an Coimisiún agus cásanna á láimhseáil acu a thagann laistigh de raon feidhme Airteagal 81 agus Airteagal 82 (Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE anois) den Chonradh a foilsíodh in 1997.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN FHÓGRA?

Tá sé i bhfeidhm ón 27 Aibreán 2004.

CÚLRA

  • In 2019, ghlac an tAontas Eorpach Treoir (AE) 2019/1 maidir leis na húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí (féach an achoimre).
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Nós imeachta ex officio: trí bhua oifige nó poist; “trí cheart oifige” i gcúrsaí Státchabrach, baintear úsáid as chun tagairt a dhéanamh d’imscrúduithe féintionscnaimh, i gcás go gcuireann Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta sa Choimisiún chuici go ndéanfaidh sí scrúdú agus/nó go gcinnfidh sí imscrúdú ar chabhair neamhdhleathach líomhnaithe a sheoladh.
Clár trócaire: clár trína dtairgtear deis do chuideachtaí atá páirteach i gcairtéal teacht chun tosaigh agus fianaise a thabhairt d’údaráis iomaíochtaí mar mhalairt ar dhíolúine iomlán nó ar thrócaire.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Fógra ón gCoimisiún maidir leis an gcomhar laistigh den Ghréasán Eorpach Iomaíochta (IO C 101, 27.4.2004, lgh. 43-53)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (IO L 11, 14.1.2019, lgh. 3-33)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (sean-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 102 (sean-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 89)

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 15.05.2020

Top