Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cóipcheart agus cearta gaolmhara: téarma cosanta

Cóipcheart agus cearta gaolmhara: téarma cosanta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/116/CE maidir leis an téarma cosanta cóipchirt agus ceart gaolmhar áirithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Féachtar ann leis an téarma cosanta cóipchirt* agus cearta gaolmhara* áirithe a chomhchuibhiú.

Códaítear agus aisghairtear leis Treoir 93/98/CEE lena gcomhchuibhítear an téarma cosanta cóipchirt agus cearta gaolmhara áirithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an téarma cosanta cóipchirt le haghaidh saothar liteartha nó ealaíonta socraithe ag 70 bliain:

  • ó bhás údar an tsaothair, nó bás an údair is déanaí a mhairfidh i gcás saothar comhúinéireachta;
  • ón dáta ar cuireadh an saothar ar fáil go dleathach don phobal má bhíonn sé gan ainm nó má soláthraíodh é faoi ainm bréige.

Tá an téarma cosanta le haghaidh scannáin nó saothar closamhairc socraithe ag 70 bliain i ndiaidh bhás an te is faide a mhairfidh i measc iad siúd a leanas:

  • an príomhstiúrthóir;
  • údar na scripte scannáin;
  • údar na dialóige; agus
  • cumadóir ceoil a cruthaíodh go sonrach lena úsáid sa scannáin nó sa saothar closamhairc.

Leasaíodh an treoir le Treoir 2011/77/AE lenar síneadh fad na cosanta maidir le taifeadáin cheoil. Rinneadh amhlaidh toisc go dtosaíonn taibheoirí a ngairmeacha go luath de ghnáth, agus ní raibh a dtaibhithe á gcosaint le haghaidh achar iomlán a saolré leis an téarma 50 bliain le haghaidh fosúcháin taibheoirí, amhail taifeadáin. Dá réir sin síntear léi cearta taibheoirí agus táirgeoirí fónagraim ar thaifeadáin cheoil ó 50 bliain go 70 bliain.

Comhchuibhítear le Treoir 2011/77/AE chomh maith an dóigh leis an téarma cosanta le haghaidh amhrán, agus píosaí eile ceoil ina bhfuil focail, a chruthaigh roinnt údar, a ríomh. Rachaidh an téarma cosanta in éag 70 bliain i ndiaidh bhás an duine is déanaí a mhairfidh (i.e. údar na liricí nó cumadóir an cheoil).

Cearta gaolmhara

Is ionann 50 bliain agus an téarma cosanta maidir le cearta gaolmhara (táirgeoirí scannán agus eagraíochtaí craolacháin). Ríomhtar é sin de réir an cháis ó dháta an taibhithe, an fhoilseacháin nó chur in iúl a fhosúcháin. Síneadh an téarma cosanta le haghaidh taibhithe agus táirgeoirí fónagraim go dtí 70 bliain le Treoir 2011/77/AE.

Téarmaí a ríomh

Cuirtear tús leis an téarma cosanta ag an am céanna i ngach tír AE. Ríomhtar é ón 1 Eanáir an bhliain i ndiaidh na heachtra ba chúis leis.

Cosaint saothar a thionscnaíonn i dtíortha neamh-AE

Má thionscnaíonn an saothar i dtír neamh-AE agus nach náisiúnach AE é nó í an t–údar, críochnóidh an chosaint a thugtar in AE ag dáta deiridh na cosanta sa tír thionscnaimh, ach ní bheidh sé níos faide ná an téarma a socraíodh in AE.

Fógra

Ní mór do thíortha AE pleananna ar bith le haghaidh cearta gaolmhara úra a chur in iúl láithreach don Choimisiún Eorpach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis ón 16 Eanáir 2007.

Le Treoir 2006/116/AE rinneadh Treoir 93/98/CCE ón gComhairle a chódú agus cuireadh an treoir sin ina hionad, agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoi 1995.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cóipcheart: cosnaítear leis leasanna cruthaitheoirí trí chearta maoine a thabhairt dóibh maidir lena gcruthúcháin agus lena saothair.
Cearta gaolmhara: cosnaítear leo sin leasanna dlíthiúla daoine nó comhlachtaí lena mbaineann an méid seo a leanas:
  • cuireann siad le saothair a chur ar fáil don phobal; nó
  • táirgeann siad ábhar lena gcuirtear in iúl, cé nach gcáilíonn sé mar “shaothair” faoi chórais chóipchirt na dtíortha ar fad, cruthaitheacht nó scil theicniúil agus eagraíochtúil ar leor é chun údar a thabhairt le ceart maoine atá cosúil le cóipcheart a aithint.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/116/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le téarma cosanta cóipchirt agus ceart gaolmhar (leagan códaithe) (IO L 372, 27.12.2006, lgh. 12-18)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2006/116/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 11.01.2019

Top