Comhaontuithe aersheirbhíse idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 847/2004 — comhaontuithe aersheirbhíse a chaibidil agus a chur chun feidhme idir tíortha AE agus tíortha neamh-AE
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
-
Bunaítear ann nós imeachta chun fógra agus údarú a thabhairt i dtaobh caibidlíochtaí arna ndéanamh ag tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) le tíortha neamh-AE ar chomhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí (ASAnna).
-
Tá sé d’aidhm leis a chinntiú go gcomhlíonann na comhaontuithe reatha dlí AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Inniúlacht AE
-
In mí na Samhna 2002, dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart eisiach AE maidir le ASAnna idirnáisiúnta le tíortha neamh-AE a chaibidliú, a shíniú agus a chur i gcrích agus iad ag déileáil le cúrsaí laistigh d’inniúlacht eisiach AE.
-
Ag tráth rialú na Cúirte, bhí líon mór ASAanna ann nach raibh dlí AE á chomhlíonadh acu. Ó shin i leith, tugadh a lán díobh sin i gcomhréir le dlí AE.
Cuspóir
Ní mór na ASAanna nach gcomhlíonann dlí AE a leasú chun:
-
cinnteacht dhlíthiúil i gcomhaontuithe dá leithéid a chinntiú don dá pháirtí;
-
ceart bunaíochta laistigh de AE a ráthú do gach aerlíne AE, lena n-áirítear rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh ar bhealaí idir na tíortha AE agus na tíortha neamh-AE ar fad ina raibh ASAnna.
ASA a leasú
Tá dhá bhealach ann chun ASA a leasú:
-
Comhaontuithe cothrománacha — agus é ag gníomhú thar ceann na dtíortha AE lena mbaineann a bhfuil ASAanna déthaobhacha acu le tír neamh-AE, déanann an Coimisiún Eorpach comhaontú aonair a chaibidliú leis an tír neamh-AE sin.
-
Caibidlíochtaí déthaobhacha — déantar ASAnna a leasú nó ASA úr ina n-ionad leo.
Rialacha agus nós imeachta maidir le caibidlíochtaí déthaobhacha
-
Féadfaidh tír AE dul isteach i gcaibidlíochtaí déthaobhacha chun ASA a thagann faoi inniúlacht AE i bpáirt a leasú nó ASA úr a chur ina ionad má chloíonn sé leis na rialacha agus an nós imeachta atá leagtha amach sa rialachán:
-
cuirtear clásail chaighdeánaithe ábhartha ar bith, arna bhforbairt i bpáirt idir tíortha AE agus an Coimisiún, san áireamh sna caibidlíochtaí sin agus comhlíontar an nós imeachta um fhógra;
-
tugann sé fógra don Choimisiún maidir lena rún i scríbhinn.
-
Má chinneann an Coimisiún laistigh de 15 lá oibre ón bhfógra a fháil gur dhóchúil leis na caibidlíochtaí sin go mbainfí an bonn de chuspóirí caibidlíochtaí AE atá ar siúl cheana leis an tír neamh-AE agus/nó go mbeadh comhaontú mar thoradh orthu atá neamh-chomhoiriúnach le dlí AE, ní mór dó é sin a chur in iúl don tír AE dá réir sin.
-
Ní fhéadfaidh tír AE dul isteach i gcomhaontú úr ar bith le tír neamh-AE ina laghdaítear an líon iompróirí AE a bhfuil cead acu seirbhísí a sholáthar idir a críoch agus an tír sin.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tháinig sé i bhfeidhm an 30 Bealtaine 2004.
CÚLRA
Beartas Seachtrach Eitlíochta — Comhaontuithe Cothrománacha
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 847/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhaontuithe aersheirbhíse a chaibidil agus a chur chun feidhme idir na Ballstáit agus tríú tíortha (IO L 157, 30.4.2004, lgh. 7–17)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 ón gComhairle an 23 Iúil 1992 maidir le rochtain aeriompróirí Comhphobail ar aerbhealaí laistigh den Chomhphobal (IO L 240, 24.8.1992, lgh. 8–14)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 13.10.2016
Top