EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Idirghabháil árachais: cosaint níos fearr do thomhaltóirí

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Dáileadh árachais — rialacha úra ó 2018 i leith' for an updated information about the subject.

Idirghabháil árachais: cosaint níos fearr do thomhaltóirí

 

ACHOIMRE AR:

Threoir 2002/92/CE — idirghabháil árachais

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Déantar cleachtais díolacháin na ngníomhairí agus na mbróicéirí, a bhaineann le táirgí árachais, a rialú leis an treoir maidir le hidirghabháil árachais.
  • Pléitear sa treoir le táirgí ginearálta árachais, amhail árachas gluaisteán, a rialú, agus le polasaithe árachas saoil a rialú freisin, lena n-áirítear polasaithe a bhfuil eilimintí infheistíochta acu, amhail táirgí árachas saoil aonadnasctha*.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Gach duine aonair nó cuideachta a bhfuil idirghabháil árachais nó athárachais* ar siúl acu, ní mór dóibh a bheith cláraithe ina dtír baile den Aontas Eorpach (AE) bunaithe ar roinnt íosriachtanas sonrach, lena n-áirítear:
    • eolas agus cumas cuí a bheith acu mar atá leagtha amach sna dlíthe ábhartha ina dtír AE féin;
    • a bheith dea-chlúiteach;
    • árachas slánaíochta gairmiúla a bheith acu, nó aon ráthaíocht inchomparáide eile i gcoinne dliteanas a eascraíonn as faillí ghairmiúil;
    • cumas leordhóthanach airgeadais a bheith acu chun custaiméirí a chosaint má theipeann ar an idirghabhálaí préimheanna custaiméirí a aistriú chuig cuideachtaí árachais nó aon airgead a thabhairt do chustaiméirí atá faighte acu trí éilimh a rinneadh faoina bpolasaithe.
  • Is féidir le tíortha AE rialacha níos doichte a chur i bhfeidhm, ach ní féidir é sin a dhéanamh ach le haghaidh gníomhairí agus bróicéirí atá cláraithe ina gcríoch féin.
  • Más rud é go bhfuil siad cláraithe ina dtír baile, beidh idirghabhálaithe árachais nó athárachais ábalta dul i mbun gnó i dtíortha AE eile.
  • Ní mór d’idirghabhálaithe árachais míniúcháin shoiléire a thabhairt do chustaiméirí maidir leis an gcomhairle a thugann siad dóibh faoi na táirgí ar cheart dóibh a cheannach. Ní mór dóibh a shonrú go cruinn soiléir i scríbhinn don chustaiméir cén fáth go bhfuil na táirgí sin molta acu bunaithe ar riachtanais aonair an chustaiméara.
  • Ní mór do thíortha AE rochtain éasca a chur ar fáil don phobal, trí phointe aonair faisnéise, ar na rudaí seo a leanas:mionsonraí na n-idirghabhálaithe cláraithe árachais agus athárachais , údaráis ábhartha na tíre AE lena bhfuil siad cláraithe agus na tíortha AE inar féidir leo dul i mbun gnó.
  • Spreagtar tíortha AE sa treoir chun nósanna imeachta cuí éifeachtacha um malairt modhanna chun díospóidí a réiteach a chur ar bun, rud a dhéantar chun a chur ar chumas custaiméirí míshásta cúiteamh a fháil lasmuigh den chúirt, go háirithe trí líonra FIN-NET.

An 20 Eanáir 2016, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an Treoir maidir le dáileadh árachais (Treoir (AE) 2016/97), treoir lena ndéantar an treoir maidir le hidirghabháil árachais a nuashonrú agus a chuirtear i bhfeidhm ina hionad. Cumhdófar slabhra iomlán an dáileacháin sa treoir nua, lena n-áirítear árachóirí a dhíolann go díreach le custaiméirí (fáth an ainm nua). Chomh maith leis sin, cuirfidh an treoir feabhas breise ar an mbealach a dhíoltar táirgí árachais, lena n-áirítear trédhearcacht níos fearr ó thaobh praghsanna de agus faisnéis níos fearr do thomhaltóirí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

  • Cuireadh Treoir 2002/92/CE i bhfeidhm an 15 Eanáir 2003. Bhí ar na tíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 14 Eanáir 2005.
  • Cuireadh Treoir (AE) 2016/97 maidir le dáileadh árachais (athmhúnlú) i bhfeidhm an 22 Feabhra 2016. Beidh ar na tíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 23 Feabhra 2018.

CÚLRA

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le himghabháil árachais.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Táirgí árachas saoil aonadnasctha: tugann na táirgí seo deis do shealbhóirí polasaithe árachas saoil a gcuid airgid a chomhcheangal le hairgead na sealbhóirí polasaí eile i gciste aonadnasctha. Cuireann sé sin ar a gcumas infheistiú i raon níos leithne infheistíochtaí (amhail stoic agus bannaí) ná a d’fhéadfaidís a dhéanamh ina n-aonar.

Athárachas: nuair a aistríonn árachóirí codanna den phunann rioscaí atá acu chuig árachóirí eile ionas gur féidir leo an riosca a scaipeadh gan a bheith orthu íoc as méideanna móra airgid i gcás éilimh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Nollaig 2002 maidir le hIdirghabháil Árachais (IO L 9, 15.1.2003, lgh. 3-10)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 2002/92/CE. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (athmhúnlú) (IO L 26, 2.2.2016, lgh. 19-59)

Nuashonraithe 24.10.2016

Top