EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta daoine faoi mhíchumas luaineachta — aerthaisteal

Cearta daoine faoi mhíchumas luaineachta — aerthaisteal

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 — cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal ar eitleán

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?

  • Sa rialachán, cuirtear cosc ar aeriompróirí diúltú d’áirithint phaisinéirí nó diúltú do phaisinéirí dul ar bord toisc gur phaisinéirí faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta atá ann*.
  • Cinntítear leis an rialachán freisin go bhfaigheann na paisinéirí sin cúnamh saor in aisce, rud a chuireann ar a gcumas bheith ar chomhchéim le paisinéirí eile maidir le haeriompar a úsáid.

PRÍOMHPHOINTÍ

Eisceachtaí agus coinníollacha speisialta

Faoi chúinsí áirithe, is féidir le haeriompróir, lena ghníomhaire nó le tionscnóir turas diúltú d’áirithint phaisinéara nó diúltú do phaisinéir dul ar bord, atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta:

  • chun riachtanais sábháilteachta infheidhme a chomhlíonadh arna leagadh amach faoin dlí (is féidir leis an iompróir a iarraidh freisin go rachaidh duine éigin eile in éineacht leis an duine sin chun cúnamh a sholáthar, ionas go gcomhlíonfar na riachtanais sábháilteachta sin);
  • sa chás nach féidir leis an duine dul ar bord nó nach féidir é/í a iompar toisc mhéid an aerárthaigh nó dhoirse an aerárthaigh.

Sna cásanna sin, ní mór na cúiseanna a chur in iúl ar an bpointe don duine atá i gceist. Ní mór iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chun rogha shásúil eile a chur ar fáil don duine sin. Má dhiúltaítear do dhuine dul ar bord mar gheall ar na cúiseanna sin, tá an ceart aige/aici aisíocaíocht nó athródú a fháil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 261/2004.

Cúnamh aerfoirt

Tá de cheart ag daoine faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta cúnamh atá leagtha amach sa rialachán a fháil saor in aisce:

  • in aerfoirt (ag imeacht, ag teacht isteach nó ag taisteal tríothu); agus
  • ar bord aerárthaigh (mar shampla, trealamh luaineachta nó madraí treoracha do na daill a iompar).

Is féidir le comhlachtaí bainistíochta aerfort muirear ar leith a ghearradh ar úsáideoirí aerfoirt chun na seirbhísí sin a mhaoiniú.

Sáruithe agus pionóis

Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) agus do thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa pionóis a leagadh amach maidir le sáruithe rialacháin agus comhlachtaí neamhspleácha a chur ar bun chun déileáil le gearáin.

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, cuirtear rialacha ar bun ar fud AE maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás go ndiúltaítear dóibh dul ar bord nó má dhéantar eitilt a chur ar ceal nó a mhoilliú ar feadh tréimhse fada.

Treoirlínte

In 2012, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoirlínte maidir le léirmhíniú an rialacháin. Pléadh sna treoirlínte sin le fadhbanna praiticiúla agus le héiginnteachtaí atá ann go fóill d’aeriompróirí agus do phaisinéirí faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 15 Lúnasa 2006.

PRÍOMHTHÉARMA

* Duine faoi mhíchumasduine faoi mhíchumas luaineachta: aon duine a laghdaítear a luaineacht le linn taistil de bharr míchumais choirp (míchumas céadfach nó míchumas a chuireann isteach ar luaineacht, go sealadach nó go buan), míchumais nó lagaithe intleachta, nó aon chúise eile le míchumas, nó aoise, aon duine nach mór aire chuí a thabhairt dó/di nó nach mór an tseirbhís a chuirtear ar fáil do phaisinéirí a oiriúnú dá riachtanais áirithe féin.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal ar eitleán (IO L 204, 26.7.2006, lgh. 1-9)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMH GAOLMHAR

Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus le cúnamh paisinéirí sa chás go ndiúltaítear dóibh dul ar bord nó nuair a dhéantar eitiltí a chur ar ceal nó a mhoilliú ar feadh tréimhse fada, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lgh. 1-8)

Nuashonraithe 15.02.2016

Top