This document is an excerpt from the EUR-Lex website
eSignature in the EU
Síniú leictreonach san AE
Síniú leictreonach san AE
This summary has been archived and will not be updated. See 'Idirbhearta níos sláine ar an Idirlíon' for an updated information about the subject.
Síniú leictreonach san AE
Bunaítear leis an treoir seo creat dlíthiúil ag leibhéal Eorpach le haghaidh sínithe leictreonacha agus le haghaidh aitheantais maidir le soláthraithe seirbhísí deimhniúcháin. Féachtar leis an treoir:
— |
úsáid sínithe leictreonacha a éascú agus;
|
— |
a chinntiú go dtugtar aitheantas dlíthiúil dóibh laistigh de thíortha uile an AE.
|
GNÍOMH
Treoir 1999/93/CEó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha.
ACHOIMRE
Leagtar síos faoin treoir seo na critéir atá mar bhonn maidir le haitheantas dlíthiúil a thabhairt do shínithe leictreonacha. Dírítear inti freisin ar sholáthraithe seirbhísí deimhniúcháin a rialáil. Leagtar síos sa treoir:
— |
riachtanais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí deimhniúcháin chun aitheantas trasteorann a chinntiú do shínithe leictreonacha agus do dheimhnithe ar fud an Aontais Eorpaigh (AE);
|
— |
rialacha comhchoiteanna dliteanais chun muinín a neartú i measc úsáideoirí, a bhíonn ag brath ar na deimhnithe;
|
— |
meicníochtaí comhoibríocha chun aitheantas trasteorann a éascú do shínithe leictreonacha agus do dheimhnithe le tíortha nach tíortha AE iad.
|
Sainmhínítear smaointe nua leis an treoir:
— |
an síniú leictreonach, sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte le nó a bhaineann go loighciúil le sonraí leictreonacha eile agus a fhónann mar mhodh fíordheimhnithe.
|
— |
an síniú leictreonach ardleibhéil, a fhreagraíonn do na riachtanais seo a leanas:
|
— |
an deimhniú cáilithe, ar gá iad seo a leanas a chur san áireamh ann:
|
Caithfear an deimhniú a eisiúint freisin ag soláthraí seirbhíse deimhniúcháin a chomhlíonann riachtanais shonracha atá leagtha síos sa treoir.
Rochtain ar an margadh
Caithfidh tíortha AE gan an soláthar seirbhísí deimhniúcháin a chur faoi réir réamh-údaraithe de chineál ar bith.
Féadtar a scéimeanna féin a bheith ag tíortha AE chun deimhniúchán a spreagadh le gnéithe treisithe. Ní fhéadfaidh siad teorainn a chur le líon na soláthraithe seirbhísí deimhniúcháin creidiúnaithe. Ná ní fhéadfaidh siad srian a chur le soláthar seirbhísí deimhniúcháin de thionscnamh tíre eile an AE
Féadfaidh tíortha AE úsáid sínithe leictreonacha san earnáil phoiblí a chur faoi réir riachtanas ionchasach breise. Caithfidh na riachtanais sin a bheith oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.
Éifeachtaí dlíthiúla an t-sínithe leictreonaigh
Freagraítear do riachtanais dhlíthiúla sínithe le síniú leictreonach ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe maidir le sonraí i bhfoirm leictreonach, sa tslí céanna is a fhreagraíonn síniú lámhscríofa do na riachtanais sin a bhaineann le sonraí páipéar-bhunaithe. [Ar mhaithe le háisiúlacht, glaoitear “síniú leictreonach cáilithe” ar an gcineál sínithe seo. Cé go ndéantar cur síos air sa treoir, ní shainmhínítear ann é iarbhír]. Tá sé inghlactha freisin mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla.
Ní fhéadtar síniú leictreonach, mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla, a dhiúltú de réir dlí go díreach toisc:
— |
go bhfuil sé i bhfoirm leictreonach;
|
— |
nach bhfuil sé bunaithe ar dheimhniú cáilithe;
|
— |
nár cruthaíodh é ag úsáid gléas cruthaithe ríomhshínithe slán.
|
Dliteanas
Caithfidh tíortha an AE a chinntiú go nglactar freagrachtaí áirithe ag soláthraí seirbhíse deimhniúcháin, a eisíonn deimhniú cáilithe. Cuirtear san áireamh dliteanas i leith damáistí maidir le duine nó eintiteas ar bith a bhíonn ag brath go réasúnta ar an deimhniú:
— |
le haghaidh bheachtas na faisnéise go léir san deimhniú cáilithe ag am eisiúna dó;
|
— |
ó tharla go bhfuil san deimhniú na mionsonraí forordaithe go léir le haghaidh deimhnithe cháiliúil ag am eisiúna dó, agus gur eisíodh an deimhniú don duine atá sainaitheanta san deimhniú.
|
Féadfaidh an soláthraí seirbhíse deimhniúcháin teorainn a chur ar luach idirbheart ar féidir an deimhniú a úsáid ina leith. Caithfear an teorainn seo a chur in iúl do thríú páirtithe. Ní fhéadfaidh an soláthraí a bheith faoi dhliteanas maidir le damáiste a thagann chun cinn nuair a úsáidtear deimhniú cáilithe a ndéantar na teorainneacha air a shárú.
Gnéithe idirnáisiúnta
Caithfidh tíortha AE a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm aitheantas dlíthiúil frithpháirteach maidir le deimhnithe cáiliúla agus sínithe leictreonacha ó thíortha nach tíortha AE iad. Caithfear coinníollacha áirithe iontaofachta a chomhlíonadh, mar shampla:
— |
comhlíonann soláthraithe neamh-AE riachtanais na treorach seo agus déantar iad a chreidiúnú i scéim dheonach chreidiúnaithe i dtír AE; nó
|
— |
féadfaidh soláthraí AE, a chomhlíonann riachtanais na treorach, deimhnithe ó sholáthraithe neamh-AE a ráthú sa mhéid céanna lena dheimhnithe féin.
|
Féadtar tograí a dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun a chinntiú go gcuirtear caighdeáin agus comhaontuithe idirnáisiúnta i bhfeidhm go hiomlán.
Cosaint sonraí
Caithfidh tíortha AE a chinntiú go gcloíonn soláthraithe seirbhísí deimhniúcháin agus comhlachtaí náisiúnta, atá freagrach as creidiúnú nó maoirseacht, le Treoir 95/46/CE maidir le cosaint sonraí pearsanta.
Rialachán nua arna ghlacadh maidir le Sainaithint Nua Leictreonach agus Seirbhísí Iontaoibhe (eIDAS)
Glacadh le Rialachán eIDAS (Rialachán (AE) Uimh 910/2014) sa bhliain 2014. Cuireadh i ngníomh é an 17.9.2014 agus beidh feidhm aige ón 1.7.2016, ach amháin maidir le nithe áirithe atá luaite in Airteagal 52. Aisghairtear Treoir 1999/93/CE le Rialachán (AE) Uimh 910/2014 le héifeacht ón 30.6.2016.
Féach láithreán Gréasáin na seirbhísí iontaoibhe de Chlár Oibre Digiteach an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 1999/93/CE |
19.1.2000 |
18.7.2001 |
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 1999/93/CE. Is chun críche tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Plean Gníomhaíochta maidir le sínithe leictreonacha agus sainaithint leictreonach chun soláthar seirbhísí poiblí trasteorann a éascú sa Mhargadh Aonair (COM(2008) 798 críochnaitheach an 28.11.2008).
Sa teachtaireacht seo, moltar ag an gCoimisiún Plean Gníomhaíochta a dhíríonn ar chabhair a thabhairt do thíortha AE réitigh a chur i bhfeidhm maidir le sínithe leictreonacha agus sainaithint leictreonach atá idir-inoibritheach agus comhaitheanta, chun soláthar seirbhísí poiblí trasteorann a éascú i dtimpeallacht leictreonach. Tá sé seo tábhachtach chun ilroinnt an mhargaidh aonair a sheachaint.
Roinntear na gníomhaíochtaí sa Phlean Gníomhaíochta in dá chuid:
— |
gníomhaíochtaí dírithe ar idir-inoibritheacht thrasteorann na sínithe leictreonacha cáilithe agus na sínithe leictreonacha ardleibhéil a fheabhsú bunaithe ar dheimhnithe cáilithe;
|
— |
gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn idir-inoibritheacht thrasteorann an aitheantais leictreonaigh.
|
Tuairisc ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le feidhmiú na Treorach 1999/93/CE maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (COM(2006) 120 final an 15 Márta 2006).
Léirítear sa tuairisc go bhfuil prionsabail ghinearálta na treorach curtha i bhfeidhm ag tíortha AE.
Tugtar faoi deara ag an gCoimisiún go bhfreastalaíonn trasuí na treorach isteach i reachtaíocht thíortha AE ar an riachtanas atá ann le haghaidh aitheantas dlíthiúil sínithe leictreonacha. Ceaptar mar sin go bhfuil cuspóirí na treorach curtha i bhfeidhm agus nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir faoi láthair. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún mar sin féin dul i gcomhairle leis na tíortha agus leis na geallsealbhóirí ábhartha chun díriú ar roinnt saincheisteanna, fadhbanna idir-inoibritheachta, gnéithe teicniúla agus caighdeánú, ach go háirithe.
Cinneadh 2003/511/CE ón gCoimisiún an 14 Iúil 2003 maidir le foilsiú uimhreacha tagartha do chaighdeáin, a aithnítear go ginearálta, le haghaidh táirgí sínithe leictreonacha de réir na Treorach 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 175, 15.7.2003, lgh. 45-46).
Cuirtear ar fáil sa chinneadh seo na tagairtí a bhaineann le trí chaighdeán, a aithnítear go ginearálta, le haghaidh táirgí sínithe leictreonacha, agus meastar go bhfuil sé seo comhlíontach leis an síniú leictreonach cáilithe.
Cinneadh 2000/709/CE ón gCoimisiún an 6 Samhain 2000 maidir leis na critéir íosta ar gá do na Ballstáit a chur san áireamh nuair a bhíonn comhlachtaí á n-ainmniú acu de réir Airteagail 3(4) de Threoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (IO L 289, 16.11.2000, lgh. 42-43).
Leagtar amach leis an gcinneadh seo na critéir ar gá do thíortha AE a chur san áireamh nuair a bhíonn comhlachtaí náisiúnta á n-ainmniú acu chun measúnú comhréireachta a dhéanamh ar ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe slána.
Nuashonrú is déanaí: 09.01.2015