Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Doiciméid chuntasaíochta brainsí institiúidí eachtracha creidmheasa agus airgeadais

Doiciméid chuntasaíochta brainsí institiúidí eachtracha creidmheasa agus airgeadais

ACHOIMRE AR:

Treoir 89/117/CEE — oibleagáidí atá ar bhrainsí institiúidí creidmheasa agus airgeadais a bhfuil a gceannoifigí i dtír AE eile i dtaca le cuntais bhliantúla a fhoilsiú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi deireadh a chur leis an ngá le brainsí banc eachtrach agus institiúidí airgeadais eile a bhfuil a gceannoifig bunaithe i dtír eile (AE nó neamh-AE) chun cuntais bhliantúla ar leith a fhoilsiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le gach brainse banc agus institiúid airgeadais AE eile a bhfuil a gceannoifig bunaithe lasmuigh den tír AE ina bhfuil an brainse bunaithe.
  • Leis an treoir cuirtear deireadh leis an ngá le cuntais bhrainse ar leith a fhoilsiú. Áirítear ar na doiciméid atá le foilsiú ag brainsí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a bhfuil a gceannoifig i dtír AE eile a gcuntais bhliantúla, cuntais chomhdhlúite, tuarascáil bhliantúil etc. Ní mór iad sin a fhoilsiú agus a iniúchadh faoi mar a cheanglaítear le dlí na tíre AE ina bhfuil an cheannoifig lonnaithe. Ag feitheamh tuilleadh comhordaithe, féadfaidh tíortha AE a iarraidh ar bhrainsí faisnéis bhreise a fhoilsiú amhail ioncam agus costais, iomlán éilimh agus dhliteanais an bhrainse.
  • Is ionann na doiciméid atá le foilsiú ag brainsí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a bhfuil a gceannoifig i dtír neamh-AE agus na doiciméid atá le foilsiú ag na brainsí a bhfuil a gceannoifigí i dtír AE. Ní mór iad a fhoilsiú agus a iniúchadh faoi mar a cheanglaítear le dlí na tíre neamh-AE. Mura bhfuil na rialacha lena mbaineann i gcomhréir le ceangais chuntasaíochta AE, áfach, féadfaidh tíortha AE a iarraidh ar bhrainsí cuntais bhliantúla a bhaineann lena ngníomhaíochtaí féin a fhoilsiú.
  • Féadfaidh tíortha AE a cheangal go ndéanfar aistriúcháin deimhnithe de na doiciméid a fhoilsiú ina dteanga oifigiúil (ina dteangacha oifigiúla).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón . Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin .

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 89/117/CEE an maidir leis na hoibleagáidí atá ar bhrainsí institiúidí creidmheasa agus airgeadais i dtaca le doiciméid chuntasaíochta a fhoilsiú go bliantúil, ar brainsí iad a bunaíodh i mBallstát a bhfuil a gceannoifigí lasmuigh den Bhallstát sin (IO L 44, , lgh. 40–42)

nuashonrú is deireanaí

Top