EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha a bhaineann le soláthar ag aonáin ag feidhmiú sna hearnálacha seirbhísí uisce, fuinnimh, iompair agus poist go dtí 2016

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Soláthar poiblí — rialacha do na hearnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus an phoist' for an updated information about the subject.

Rialacha a bhaineann le soláthar ag aonáin ag feidhmiú sna hearnálacha seirbhísí uisce, fuinnimh, iompair agus poist go dtí 2016

Díríonn an treoir seo ar an ngá d’oscailt an mhargaidh a chinntiú, chomh maith le cothromaíocht chóir a chinntiú idir chur i bhfeidhm tógáil i seilbh phoiblí sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist. Cuireadh Treoir 2014/25/AE in ionad na treorach seo a bhfanann infheidhmithe mar sin féin, go dtí trasuíomh treorach ag na Ballstáit, a ghlacfar nach níos déanaí ná 18 Aibreán 2016.

ACHT

Treoir2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2004 maidir le comhordú ar nós imeachta maidir le tairiscintí soláthair phoiblí na n-earnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist.

ACHOIMRE

Baineann Treoir 2004/17/CE maidir leis na hearnálacha speisialta uisce, fuinnimh, iompair agus poist (earnálacha speisialta mar a thugtar orthu) le tógáil i seilbh phoiblí eisithe ag aonán soláthair sna hearnálacha luaite maidir le:

  • soláthraithe;
  • seirbhísí
  • oibreacha.

Ach ní bhaineann sé le lamháltais nó seirbhísí rialaithe ag Treoir 2014/23/EU.

Aonáin sholáthair

Baineann an Treoir maidir leis na hearnálacha speisialta le

  • gach udarás soláthair nó cuideachta phoiblí a fheidhmíonn sna hearnálacha fuinnimh (gás, leictreachas, baint breoslaí iontaise) uisce, iompair (lena n-áirítear soláthar iompair do chalafoirt nó aerfoirt) agus poist;
  • baineann gach aonán a fheidhmíonn in aon cheann (nó in earnálacha éagsúla) de na hearnálacha thuasluaite tairbhe as na cearta speisialta nó eisiacha eisithe ag udarás inniúil an Bhallstáit.

Áiríonn na hiarscríbhinní liostaí neamhtheoranta d’aonáin sholáthair.

Na gníomhaíochtaí i gceist

Baineann an treoir le soláthar nó oibriúchán gréasán seasta a úsáidfear chun seirbhís a sholáthar don phobal ach go háirithe, sna hearnálacha a leanas:

  • táirgeadh, iompar nó dáileadh gáis, teasa, leictreachais nó uisce óil. Baineann sé chomh maith le soláthar na ngréasán seo le gás, teas, leictreachas, uisce óil, comh maith le conarthaí bainte le soláthar agus cóireáil uisce a úsáidtear le haghaidh tionscadail innealtóireachta hiodrálacha, uiscithe nó draenála;
  • iompar ar iarnród, uathchórais, trambhealach, bus tralaí, bus (faoi réir coinníollacha áirithe) nó cábla.

Baineann sé chomh maith le:

  • soláthar seirbhisí poist;
  • saothrú ceantair gheografach le haghaidh sirtheoireacht nó baint breoslaí iontaise, nó ag soláthar breoslaí iontaise le haghaidh aerfort, calafort nó críochfort eile i gcomhair úsáide ar charraeirí tríd an aer, ar muir nó ar uiscebhealaí intíre.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara maidir le conarthaí bronnta sna hearnálacha luaite nach bhfuil siad faoi réir na Treorach má tá comórtas éifeachtach ann atá faofaag cinneadh déanta ag an gCoimisiún ar chomórtas éifeachtach i mBallstát nó in earnáil ar leith.

Athmheastar na tairseacha gach dhá bhliain

Baineann an treoir le conarthaí poiblí a bhfuil luach measta, (gan CBL) atá ar chomhionann nó atá níos airde ná na leibhéil a leanas acu:

  • € 414 000 i gcás conarthaí soláthair agus seirbhíse;
  • € 000 i gcás conarthaí oibreacha

Critéir maidir le bronnadh conarthaí

Tá na critéir a bhfuil na haonáin soláthair bunaithe ar:

  • an praghas is ísle, nó
  • sa chás ina bhronntar an dámhachtain ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch, critéir éagsúla bunaithe ar an gcuspóir conraithe, ina n-áirítear: an fiúntas, an praghas, an luach teicniúil, na tréithe timpeallachta, srl.

Oibleagáid foilseacháin agus trédhearcacht

Tá an oibleagáid seo dírithe ach go háirithe ar fhoilseachán fógraí eolais faoi réir foirmlí caighdeánacha an Choimisiúin, ar fáil ón gcóras eolais faoi sholáthar poiblí san Aontas Eorpach. (SIMAP). Tá cineálacha éagsúla ann:

  • an fógra ag fógairt foilseacháin fhógraí poiblí (neamhriachtanach);
  • an fógra táscach tréimhsiúil (a d’fhéadfaí a úsáid chun glaoch ar iomaíocht);
  • an fógra conartha nó iomaíocha (atá riachtanach nuair nach fógra táscach tréimhsiúil, nó fógra ar chóras cáilíochtaí é);
  • an fógra faoi dhámhachtain conartha nó toradh an dámhachtain conartha (riachtanach);
  • an fógra faoi chóras cáilíochtaí (a d’fhéadfaí a úsáid chun glaoch ar iomaíocht);

Do gach conradh, ní mór don aonán soláthair a bheith in ann a chinntí a fhírinniú agus gach eolas cuí a chaomhnú ar feadh ceithre bliana ar a laghad. Ag an gcaoi is luaithe, cuirfidh sé in iúl do:

  • aon iarrathóir nach n-éireoidh leis nó léi cúiseanna an diúltaithe;
  • aon iarrathóir go bhfuil an tairiscint oscailte dóibh, buntáistí an iarrthóra rathúla comh maith le hainm an oibritheora eacnamaíoch roghnaithe.

Sonraíochtaí teicniúla

Tabharfaidh na sonraíochtaí teicniúla sainmhíniú ar na saintréithe ábhair, soláthair nó seirbhíse riachtanach chomh fada agus a chomhlíonann siad an úsáid ar ceapadh chucu é. Clúdaítear iad sa cháipéisíocht chonartha (fógra conartha, doiciméid shonraíochta nó breise) agus ní chruthaigh siad constaicí le haghaidh iomaíocht a chruthú.

Coinníollacha le rannpháirtíocht

Soláthraíonn an reachtaíocht AE maidir le tógáil i seilbh phoiblí na coinníollacha a d’fhéadfaí glaoch ar sa rannpháirtíocht i dtógáil i seilbh phoiblí. Is í aidhm na gcoinníollacha seo ná cumas rannpháirtíochta an oibritheora eacnamaíocha a fhionnadh ar bhonn chritéar a bhaineann le cumas eacnamaíoch agus airgeadais agus le cumais phroifisiúnta agus theicniúla.

Is í aidhm na gcoinníollacha rannpháirtíochta ná calaois agus éilliú a chomhraic chomh maith. Ní chuirtear aon oibritheoir eacnamaíoch a cáineadh maidir lena rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, éillithe, calaoise nó sciúrtha airgid san áireamh maidir le tairiscint do thógáil i seilbh phoiblí ó údarás conarthach.

D’fhéadfaí aon oibritheoir eacnamaíoch a chur as an áireamh ó rannpháirtíocht i dtógáil i seilbh phoiblí má:

  • tá sé i staid (nó faoi réir fógra) féimheachta, leachtaithe, stad nó fionraí gníomhachtaí nó socraíocht bhreithiúnach;
  • ciontaítear é maidir le cion a bhaineann lena iompar gairmiúil;
  • tá feall déanta aige a bhaineann le droch-iompar gairmiúil;
  • níor chomhlíon sé rialacháin maidir le híocaíocht ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus cánach.

Nósannaimeachta le haghaidh bronnadh tairiscintí do thógáil i seilbh phoiblí.

Tá nósanna imeachta éagsúla ann le haghaidh bronnadh tairiscintí do thógáil i seilbh phoiblí:

  • an nós imeachta oscailte: d’fheadfadh gach oibritheoir eacnamaíoch tairiscint a chur faoi bhráid;
  • an nós imeachta teoranta: d’fhéadfadh gach oibritheoir eacnamaíoch iarraidh a bheith rannpháirteach agus iarrfar ar na cinn roghnaithe tairiscint a chur faoi bhráid;
  • an nós imeachta idirbheartaíochta: déanann na haonaid sholáthair comhairliúchán leis na hoibritheoirí eacnamaíocha maidir lena rogha agus na coinníollacha d’thógail i seilbh phoiblí a chaibidliú leo.

D’fhéadfadh na haonaid sholáthair soláthar a thairiscint gan réamhghairm chun iomaíochta i gcásanna áirithe atá liostaithe sa treoir.

Comórtais san earnáil sheirbhísí

Baineann an treoir le comórtais do sheirbhísí atá luach níos mó ná €414 000 acu.

Foilseoidh an t-aonad soláthair fógra comórtais a chloíonn le rialacháin maidir le nós imeachta soláthar poiblí a bhronnadh agus ní bheidh sé eolach faoi na tionscadail nuair a imíonn an spriocdháta le haghaidh cur i láthair beartaithe.

Tá na critéir bronnta soiléir, neamh-idirdhealaitheach agus chinntíonn siad comórtas dílis. Beidh an giúiré comhdhéanta de phearsanra cáilithe go teicniúil agus neamhspléach.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2004/17/AE

30.4.2004

31.1.2006

IO L 134 an 30.4.2004

Acht(anna) leasuithe

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2005/51/EC

21.10.2005

31.1.2006

IO L 257 an 1.10.2005

Treoir (CE) Uimh. 2083/2005

1.1.2006

-

IO L 333 an 20.12.2005

Treoir (CE) Uimh. 1422/2007

1.1.2008

-

IO L 317 an 5.12.2007

Treoir 2009/81/EC

21.8.2009

21.8.2011

IO L 216 an 20.8.2009

Treoir (CE) Uimh. 1177/2009

1.1.2010

-

IO L 314 an 1.12.2009

Treoir (AE) Uimh. 1251/2011

1.1.2012

-

IO L 319 an 2.12.2011

Treoir (AE) Uimh. 1336/2013

1.1.2014

-

IO L 335 an 14.12.2013

Ionchorpraigh leasuithe a rinneadh ar Threoir 2004/17/EC i ndiaidh a chéile sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh tagairt amháin.

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le bronnadh soláthair ar aonaid soláthair atá ag feidhmiú in earnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhisí poist lena leasaítear Treoir 2004/17/CE (Iris Oifigiúil L 94 de 28.3.2014).

Nuashonrú is déanaí: 02.06.2014

Top