This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Motor vehicles and trailers: vehicle registration documents
Mótarfheithiclí agus leantóirí: doiciméid chlárúcháin feithiclí
Mótarfheithiclí agus leantóirí: doiciméid chlárúcháin feithiclí
Mótarfheithiclí agus leantóirí: doiciméid chlárúcháin feithiclí
Comhchuibhítear sa treoir cineál agus inneachar na ndeimhnithe clárúcháin feithiclí.
ACHT
Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí.
ACHOIMRE
Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le doiciméid arna n-eisiúint ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE), agus tá trí chuspóir aici:
Ní mór don deimhniú clárúcháin arna eisiúint ag Ballstáit AE cloí leis an tsamhail a ndéantar cur síos uirthi in iarscríbhinn na treorach. Bíonn sé níos easca, mar sin, scrúdú a dhéanamh ar úinéireacht dhlisteanach nuair a bhíonn feithicil cláraithe i mBallstát AE eile, go háirithe murab é an t-iarrthóir sealbhóir an deimhnithe chlárúcháin. Baineann an chéad chuid den deimhniú clárúcháin le tiomáint ar an bhóthair agus is é a léirítear sa dara cuid den deimhniú clárúcháin ná faisnéis úinéireachta.
Féadfaidh Ballstáit AE deimhniú clárúcháin a eisiúint nach bhfuil ann ach Cuid 1 den tsamhail. Déantar é seo mura n-úsáidfear feithicil ach amháin i gcríoch Ballstáit agus má tá córas ag an Bhallstát sin chun clár na bhfeithiclí a rochtain, nuair a dhéantar scrúduithe cois bóthair ar fheithiclí.
Ní mór do na Ballstáit AE eile deimhniú clárúcháin arna eisiúint ag Ballstát AE áirithe a aithint. Faoi Threoir 2014/46/AE, éilítear ar Bhallstáit AE freisin taifead leictreonach a choimeád de shonraí na bhfeithiclí uile atá cláraithe ina gcríoch.
Má thaispeántar go bhfuil cead chun feithicil áirithe a úsáid curtha ar fionraí, agus tástáil ródacmhainneachta á déanamh ar an fheithicil de réir Treorach 2014/45/AE, cuirfear é sin in iúl d’údaráis an Bhallstáit AE. Ní mór an fhionraí sin a thaifeadadh go leictreonach agus tástáil ródacmhainneachta eile a dhéanamh. Cuirfear deireadh leis an fhionraí nuair a éireoidh leis an fheithicil i dtástáil ródacmhainneachta nua.
Nuair a dhéantar mótarfheithicil nó leantóir atá cláraithe cheana féin i mBallstát AE áirithe a athchlárú i mBallstát AE eile, ní mór do na húdaráis inniúla sa Bhallstát AE sin an deimhniú clárúcháin a sheoladh chuig na húdaráis sa Bhallstát AE inar eisíodh é, má iarrtar amhlaidh.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 1999/37/CE |
1.6.1999 |
1.6.2004 |
IO L 138, 1.6.1999 |
Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2003/127/CE |
5.2.2004 |
15.1.2005 |
IO L 10, 16.1.2004 |
1.5.2004 |
- |
IO L 236, 23.9.2003 |
|
Treoir 2006/103/CE |
1.1.2007 |
1.1.2007 |
IO L 363, 20.12.2006 |
Treoir 2013/22/AE |
1.7.2013 |
1.7.2013 |
IO L 158, 10.6.2013 |
Treoir 2014/46/AE |
19.5.2014 |
20.5.2017 |
IO L 127, 29.4.2014 |
ACHTANNA GAOLMHARA
Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE [IO L 127, 29.4.2014].
Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair a dhéanamh ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála atá i gcúrsaíocht san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/30/CE [IO L 127, 29.4.2014].
Nuashonrú is déanaí: 04.08.2014