EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Téitheoirí éifeachtúla sábháilte teo-uisce

Téitheoirí éifeachtúla sábháilte teo-uisce

ACHOIMRE AR:

Treoir 92/42/CEE maidir le ceanglais éifeachtúlachta le haghaidh téitheoirí nua teo-uisce a úsáideann breoslaí leachtacha nó gásacha

ACHOIMRE

Ní mór do théitheoirí teo-uisce cloí le ceanglais éicidhearthóireachta an Aontais Eorpaigh (AE).

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Leagtar amach sa treoir na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh* le haghaidh téitheoirí nua teo-uisce nó “coirí” a úsáideann breoslaí leachtacha nó gásacha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le coirí a bhfuil aschur idir 4 kW agus 400 kW acu, go sainiúil:

  • coirí caighdeánacha;
  • coirí ísealteochta;
  • coirí comhdhlúthaíochta gáis.

Ní chuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le:

  • coirí teo-uisce ar féidir breoslaí eile a úsáid, breoslaí soladacha san áireamh;
  • trealamh chun teo-uisce a ullmhú ar an bpointe;
  • coirí a ceapadh chun breoslaí eile a úsáid seachas na breoslaí leachtacha agus gásacha a mhargaítear go minic;
  • cócaireáin agus fearais a sholáthraíonn teo-uisce don téamh lárnach, nach ndéanann teo-uisce sláintíoch a sholáthar ach mar fheidhm thánaisteach;
  • fearais a bhfuil aschur níos lú ná 6 kW acu, a úsáideann imshruthú domhantarraingthe agus a cheaptar go speisialta chun teo-uisce stóráilte sláintíoch a tháirgeadh;
  • coirí nach ndéantar ach ceann amháin díobh, .i. coirí nach cuid de shraith iad;
  • aonaid chomhghiniúna* (Treoir 2004/8/CE).

Caighdeánú agus an comhartha “CE”

Ba cheart do na coirí a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha cloí leis na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach sa treoir. Sula gcuirtear comhartha CE ar an táirge, déantar measúnú air ag:

  • comhlachtaí ainmnithe ag tíortha AE, i gcomhréir leis na híoscheanglais mheasúnaithe, agus a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún agus do na tíortha AE eile fúthu;
  • nó ag na monaróirí féin.

Éicidhearthóireacht

  • Tá an treoir ar cheann de na bearta lena gcuirtear Creat-Treoir 2009/125/CE maidir le héicidhearthóireacht i bhfeidhm, creat-treoir ina leagtar amach ceanglais éifeachtúlachta do na grúpaí táirge aonair. Cuirtear deireadh sa treoir leis an rogha atá ag na Ballstáit AE córas sainiúil lipéadaithe a chur i bhfeidhm maidir le coirí atá níos éifeachtúla ná coirí caighdeánacha. Is féidir le hearnálacha tionscail comhaontuithe deonacha a thabhairt isteach freisin chun ídiú fuinnimh a gcuid táirgí a laghdú. Déanann an Coimisiún na comhaontuithe a cheadú go foirmiúil agus déanann sé scrúdú ar chur i bhfeidhm na gcomhaontuithe.
  • Leagtar spriocanna éigeantacha amach le haghaidh tíortha AE sa Treoir AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 20 % a bhaint amach faoi 2020. Foilsíodh sraith rialachán maidir le héifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh coirí sa bhliain 2013 mar chuid den bheartas sin. Leagtar íoschaighdeáin agus scéim um lipéadú fuinnimh amach sna rialacháin.
  • Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 813/2013, lena leasaítear Treoir 92/42/CEE, na ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis* agus comhthéitheoirí* nach n-úsáideann bithmhais agus a bhfuil aschur de níos lú ná 400 kW acu.

EOCHAIRFHOCAIL

* Éifeachtúlacht fuinnimh: níos lú fuinnimh a úsáid chun an tseirbhís chéanna a chur ar fáil, .i. níos lú fuinnimh teasa chun an teocht chéanna a chothú.

*Comhghiniúint: leictreachas agus teas a ghiniúint ag an am céanna, agus iad araon a úsáid.

* Téitheoir spáis: gléas a bhfuil gineadóir teasa amháin nó níos mó aige, a sholáthraíonn teas do chóras téimh lárnaigh uisce-bhunaithe chun an teocht a chothú i spás taobh istigh.

* Comhthéitheoir: téitheoir spáis a ceapadh freisin chun teo-uisce óil nó sláintíoch a chur ar fáil atá nasctha le soláthar seachtrach uisce óil nó uisce sláintíoch.

Féach “Téitheoirí”ar láithreán gréasáin an Choimisiún Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

GNÍOMH

Treoir 92/42/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le ceanglais éifeachtúlachta le haghaidh coirí nua teo-uisce a úsáideann breoslaí leachtacha nó gásacha

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 92/42/CEE

3.6.1992

31.12.1992

IO L 167, 22.6.1992, lgh. 17–28

Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 93/68/CEE

2.8.1993

1.7.1994

IO L 220, 30.8.1993, lgh. 1–22

Treoir 2008/28/CE

21.3.2008

IO L 81, 20.3.2008, lgh. 48–50

Rialachán (AE) Uimh. 813/2013

26.9.2013

IO L 239, 6.9.2013, lgh. 136–161

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 92/42/CEE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgnimh (IO L 153, 18.6.2010, lgh. 13–35)

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lgh. 1–56)

Nuashonraithe 22.10.2015

Top