Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Baic ar thrádáil: Sásra Mear-idirghabhála

Baic ar thrádáil: Sásra Mear-idirghabhála

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 maidir le feidhmiú saorghluaiseachta earraí i measc thíortha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear rialacha ann lena gcinntítear saorghluaiseacht earraí agus lena gcuirtear cosc ar bhaic fhisiceacha ar thrádáil (e.g. baic teorann, léirsithe/stailceanna, ionsaí ar thrucailí) trí chomhroinnt na faisnéise ar na baic sin idir gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a chumasú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Níl sé ceaptha an rialachán a léirmhíniú ar bhealach ar bith a chuirfeadh srian ar chearta bunúsacha i dtíortha AE (e.g. an ceart dul ar stailc).
  • Nuair a tharlaíonn, nó má tá an baol ann go dtarlóidh, bac fisiceach ar thrádáil, ní mór do thír AE ar bith ag a bhfuil faisnéis ábhartha é a aistriú láithreach chuig an gCoimisiún Eorpach. Déanann an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur láithreach ansin chuig gach tír AE mar aon le faisnéis eile is dóigh leis a bheith iomchuí.
  • Ní mór don tír AE ina bhfuil an bac ag tarlú freagairt go pras ar iarratais ar fhaisnéis ón gCoimisiún agus ó thíortha AE eile maidir leis an gcineál baic agus maidir leis an mbeart atá déanta aici nó atá beartaithe aici a dhéanamh. Ní mór an fhaisnéis uile a mhalartaítear idir tíortha AE a tharchur chuig an gCoimisiún chomh maith.
  • Nuair a tharlaíonn bac, ní mór don tír AE lena mbaineann na bearta uile riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh ionas go n-atosaítear an tsaorghluaiseacht earraí, agus a gníomhaíochtaí a chur in iúl don Choimisiún ansin.
  • Nuair a chinneann an Coimisiún go bhfuil bac ag tarlú, cuireann sé an tír AE lena mbaineann ar an eolas faoi na cúiseanna lenar tháinig sé ar an gconclúid sin agus iarrann sé ar an tír AE na bearta uile riachtanacha agus comhréireacha a dhéanamh chun an bac sin a thógáil. Bíonn 5 lá ag an tír AE ansin leis na bearta atá déanta aici nó atá beartaithe aici a dhéanamh, a chur in iúl don Choimisiúin, nó freagra réasúnta a thabhairt faoin gcúis nach bhfuil gá le bearta a dhéanamh.
  • Féadfar tíortha AE nach dtugann freagairt faoin spriocdháta a thug an Coimisiún a chur ar aghaidh chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 1999.

CÚLRA

  • Tá saorghluaiseacht thapa agus éifeachtach earraí ina príomhphrionsabal de chuid AE. Nuair a chuirtear bac ar an tsaorghluaiseacht earraí seo, d’fhéadfadh caillteanais eacnamaíocha tromchúiseacha tarlú dá bharr, agus is é is aidhm leis an Sásra Mear-idirghabhála é sin a chosc.
  • Tá an rialachán seo bunaithe ar Airteagal 268 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus baineann sé le baic fhollasacha, sho-aitheanta gan údar ar shaorghluaiseacht earraí a tharlaigh mar thoradh ar ghníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta ar thaobh tíre de chuid AE.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle an 7 Nollaig 1998 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir le saorghluaiseacht earraí i measc na mBallstát (IO L 337, 12.12.1998, lgh. 8-9)

Nuashonraithe 06.12.2016

Top