An Coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le nósanna imeachta custam a shimpliú agus a chomhchuibhiú
ACHOIMRE AR:
Prótacal leasaithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le nósanna imeachta custaim a shimpliú agus a chomhchuibhiú
Cinneadh 2003/231/CE maidir le haontachas an AE leis an bPrótacal um Leasú ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le nósanna imeachta custam a shimpliú agus a chomhchuibhiú
CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN AGUS LEIS AN GCINNEADH?
Rinneadh iarracht le coinbhinsiún bunaidh 1973 ionstraim idirnáisiúnta a chruthú chun nósanna imeachta custam na sínitheoirí leis a shimpliú agus a chomhchuibhiú agus ar an mbealach sin trádáil idirnáisiúnta a éascú.
Le Coinbhinsiún Kyoto Athbhreithnithe (RKC) déantar an coinbhinsiún a leasú agus tá sé anois ina bhonn le haghaidh nósanna imeachta custam éifeachtacha, intuartha agus éifeachtúla. Tá na nithe seo a leanas mar aidhm leis:
- cur go héifeachtach le trádáil idirnáisiúnta trí na nithe a leanas a dhéanamh:
- nósanna imeachta custam agus cleachtais chustam a shimpliú agus a chomhchuibhiú; agus
- comhoibriú idirnáisiúnta a chothú;
- tairbhí suntasacha éascú na trádála dlisteanaí a chomhcheangal le leibhéil iomchuí de rialú custam;
- éifeachtacht agus éifeachtúlacht na riarachán custam a fheabhsú agus, dá bhrí sin, iomaíochas eacnamaíoch foriomlán a fheabhsú;
- infheistíocht agus rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide a spreagadh i dtrádáil idirnáisiúnta;
- fás eacnamaíoch a spreagadh trí thrádáil a éascú.
Is ionann an RKC
- agus ionstraim bheo;
- léirítear cleachtais chustam nua-aimseartha leis;
- cuirtear rialú custam chun cinn leis;
- soláthraítear éascú custam do thrádáil idirnáisiúnta leis.
PRÍOMHPHOINTÍ
Struchtúr an RKC
Cuimsítear príomhchuid, iarscríbhinn ghinearálta agus iarscríbhinní sainiúla leis an RKC.
- San iarscríbhinn ghinearálta tá croí-nósanna imeachta agus croí-chleachtais agus is gné éigeantach í maidir le haontachas agus cur chun feidhme ag páirtithe conarthactha. Cuimsítear caighdeáin agus caighdeáin idirthréimhseacha léi freisin.
- Sna hiarscríbhinní sainiúla pléitear le nósanna imeachta custam éagsúla agus cuimsítear caighdeáin agus cleachtais mholta leo. Is féidir le páirtithe conarthachta aontú le hiarscríbhinní sainiúla nó le caibidlí díobh nó an dá rud araon faoina lánrogha féin.
- Gabhann treoirlínte leis na hiarscríbhinní de nádúr faisnéiseach agus neamhcheangailteach, arna bhforbairt d’fhonn léirmhíniú ar aon réim a chinntiú ar rialacha RKC, agus chun samplaí de chleachtais náisiúnta a sholáthar freisin.
Páirtithe conarthachta
- Is féidir le haon bhall den Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (WCO), de na Náisiúin Aontaithe nó dá ngníomhaireachtaí speisialaithe, nó d’aon aontas custam nó eacnamaíoch éirí ina pháirtí leis an RKC.
- Páirtithe:
- déanann siad an iarscríbhinn nó na hiarscríbhinní sainiúla a ordú lena nglacann siad (go hiomlán nó i bpáirt) ag dáta a n-aontachais leis an RKC;
- glacann siad le rialacha RKC, agus bíonn siad ceangailte ag an iarscríbhinn ghinearálta agus ag na caighdeáin uile;
- is féidir leo forchoimeádais a chur isteach ar a ndéantar athbhreithniú gach 3 bliana.
- Is féidir le páirtí conarthachta glacadh le ceann amháin nó níos mó de na hiarscríbhinní sainiúla nó le ceann amháin nó níos mó de na caibidlí.
- Maireann aontachas leis an gcoinbhinsiún le tréimhse neamhtheoranta, ach is féidir le haon pháirtí é a chúlghairm ag am ar bith tar éis dó teacht i bhfeidhm. Baineann sé sin leis na hiarscríbhinní sainiúla nó leis na caibidlí freisin.
- Má chinneann páirtí a ghlacadh leis an iarscríbhinn ghinearálta a aistarraingt, meastar go bhfuil an RKC tréigthe aige.
- Faoi láthair tá 112 pháirtí conarthachta leis an RKC.
Bainistíocht an RKC
Déantar foráil i gCoinbhinsiún Athbhreithnithe Kyoto do choiste bainistíochta chun an coinbhinsiún a riar, a athbhreithniú agus a nuashonrú ag tréimhsí rialta. Maidir leis:
- cur i bhfeidhm an choinbhinsiúin a mhaoirsiú;
- aon réim a dhaingniú maidir lena léirmhíniú agus cur i bhfeidhm;
- leasuithe a mholadh;
- cleachtais agus treoirlínte a athbhreithniú agus a nuashonrú agus cinn nua a mholadh;
- tá sé comhdhéanta de pháirtithe conarthachta, agus an tAontas Eorpach san áireamh;
- tagann sé le cheile uair sa bhliain ar a laghad agus toghann sé a chathaoirleach agus a leas-chathaoirleach féin;
- déanann sé cinntí de chomhthoil agus, murar féidir comhthoil a bhaint amach, cinneann sé trí vóta i measc na bpáirtithe conarthachta i láthair.
Is féidir le riaracháin chustam atá cáilithe bheith ina bpáirtithe conarthachta, baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta eile freastal ar sheisiúin an choiste bainistíochta mar bhreathnóirí.
Vótáil
- Is féidir le gach páirtí conarthachta vótáil ar ábhair a bhaineann le príomhchuid agus iarscríbhinn ghinearálta an RKC a léirmhíniú, a cur i bhfeidhm nó a leasú.
- Níl vóta aonair ag an AE é féin, agus vótálann sé thar ceann na dtíortha AE uile beag beann ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad i láthair ag an gcruinniú.
Leasuithe ar an gCoinbhinsiún
Molann an coiste bainistíochta leasuithe do na páirtithe conarthachta ar an bpríomhchuid, an iarscríbhinn ginearálta, na hiarscríbhinní sainiúla agus na caibidlí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOINBHINSIÚIN AGUS AN CHINNIDH?
Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm ar an 25 Meán Fómhair 1974. Trí bhíthin Chinneadh 2003/231/CE, d’aontaigh an tAontas Eorpach leis an RKC an 17 Márta 2003. Tháinig an RKC i bhfeidhm an 3 Feabhra 2006. Níor aontaigh an AE fós le hAguisín III den RKC.
CÚLRA
- Glacadh le Coinbhinsiún Kyoto WCO i 1973 mar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Nósanna Imeachta Custam a Shimpliú agus a Chomhchuibhiú. Tháinig sé i bhfeidhm i 1974 agus bhí 63 pháirtí conarthachta leis. D’aontaigh an AE leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Nósanna Imeachta Custam a Shimpliú agus a Chomhchuibhiú i 1974.
- I Meitheamh 1999, ghlac an Chomhairle WCO leis an bPrótacal um Leasú ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Nósanna Imeachta Custam a Shimpliú agus a Chomhchuibhiú, ar a dtugtar an Coinbhinsiún Athbhreithnithe Kyoto (RKC).
- San áireamh leis an bPrótacal um Leasú tá Aguisíní I, II agus III agus cuirtear in ionad Coinbhinsiún Kyoto 1973 é.
- Tháinig an RKC i bhfeidhm an 3 Feabhra 2006. Faoi láthair tá 112 pháirtí conarthachta ann.
- D’aontaigh an AE leis an bPrótacal um Leasú, agus Aguisíní I agus II san áireamh, trí bhíthin Chinneadh 2003/231/CE ón gComhairle. Níor aontaigh an AE ag an gcéim seo le hAguisín III den RKC.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Prótacal leasaithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le nósanna imeachta custaim a shimpliú agus a chomhchuibhiú(IO L 86, 3.4.2003, lgh. 23-44)
Cinneadh 2003/231/CE ón gComhairle an 17 Márta 2003 maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh leis an bPrótacal um Leasú ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le nósanna imeachta custam a shimpliú agus a chomhchuibhiú (Coinbhinsiún Kyoto) (IO L 86, 3.4.2003, lgh. 21-45)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2003/231/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 10.06.2021