This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Joint undertakings
Gnóthais chomhpháirteacha
Gnóthais chomhpháirteacha
Sonraítear in Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhféadfaidh an tAontas Eorpach (AE) gnóthais chomhpháirteacha nó aon struchtúr eile a chur ar bun atá riachtanach chun cláir AE maidir le taighde, forbairt teicneolaíochta agus taisealbhadh a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
Baineadh feidhm as Airteagal 187 den CFAE faoi chláir réime um thaighde AE chun comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí, go háirithe a chur ar bun chun taighde tionsclaíoch a chomhtháthú i réimsí sonracha.
De ghnáth, is iad an tAontas Eorpach (arna ionadú ag an gCoimisiún Eorpach), agus cumainn tionscaltreoraithe, chomh maith le comhpháirtithe eile iad baill na ngnóthas comhpháirteach sin. Glacann gnóthais chomhpháirteacha a gclár oibre taighde féin agus deonaíonn siad cistiúchán bunaithe ar ghairmeacha tograí oscailte den chuid is mó.
Is cineál gnóthais chomhpháirtigh iad gnóthais chomhpháirteacha arna gcur ar bun chun cuid de chlár oibre straitéiseach um thaighde de thionscnamh tionsclaíoch níos leithne a eascraíonn go príomha as obair na n-ardán teicneolaíochta Eorpacha a chur chun feidhme.
Cuireadh gnóthais chomhpháirteacha ar bun freisin faoi Chonradh Euratom (Airteagail 45-51).