Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aitheantóir Cásdlí Eorpach

Aitheantóir Cásdlí Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Plean Gníomhaíochta Eorpach r-Cheartais 2019-2023

Conclúidí lena n–iarrtar go dtabharfaí isteach Aitheantóir Cásdlí Eorpach (ECLI) agus sraith íosta de mheiteashonraí aonfhoirmeacha do chásdlí

Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN BPLEAN GNÍOMHAÍOCHTA, LEIS NA CONCLÚIDÍ AGUS LE HAIRTEAGAL AN CHONARTHA?

Baintear leas i bPlean Gníomhaíochta Eorpach r-Cheartais 2019-2023 as plean gníomhaíochta r-Cheartais 2014-2018 AE a bhfuil deireadh leis anois. Léirítear sa dá phlean sin an tábhacht a bhaineann le rochtain trasteorann ar chásdlí* náisiúnta, an gá atá le teicneolaíocht chaighdeánaithe agus dhíláraithe.

Iarradh leis na conclúidí go dtabharfaí isteach an tAitheantóir Cásdlí Eorpach (ECLI) agus sraith íosta de mheiteashonraí* aonfhoirmeacha do chásdlí.

Tá na conclúidí bunaithe ar Airteagal 67(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sonraítear san airteagal sin go mbeidh an tAontas Eorpach ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina mbeidh meas ar chearta bunúsacha agus ar chórais dhlíthiúla agus ar thraidisiúin éagsúla thíortha AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá sé ríthábhachtach rochtain a bheith ag duine ar chásdlí le haghaidh an smachta reachta — ceann de phríomhluachanna an Aontais Eorpaigh, mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Leis an rochtain sin:

  • áirithítear grinnscrúdú an phobail ar na breithiúna;
  • cabhraítear leis na breithiúna a dhéanamh níos trédhearcaí; agus
  • coinnítear an pobal ar an eolas maidir le forbairtí sa dlí.

Is foinse thábhachtach faisnéise é cásdlí na gcúirteanna náisiúnta ar chórais dhlíthiúla thíortha AE ach freisin ar dhlí AE. Chomh maith le fadhbanna a bhaineann le teanga, tá an easpa aitheantóirí aonfhoirmeacha cásdlí ina bhac ar thaighde trasteorann maidir le ceisteanna dlí. Dá bhrí sin, theastaigh uirlis ó shaoránaigh, ó ghairmithe dlí agus ó údaráis náisiúnta lenar féidir cuardach a dhéanamh ar chásdlí náisiúnta agus ar chásdlí AE go héasca agus é a lua go soiléir ansin.

Níorbh é an cuspóir leis bunachar sonraí díláraithe Eorpach maidir le cásdlí náisiúnta a chruthú. Ina ionad sin, cuireadh i bhfeidhm córas comhchoiteann le haghaidh aithint agus le haghaidh meiteashonraí cásdlí.

Dá bhrí sin, leis na conclúidí iarradh ar thíortha AE an méid a leanas a chur ar bun ar bhonn deonach:

  • sraith íosta de mheiteashonraí aonfhoirmeacha: dhréachtaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh liosta de mheiteashonraí, amhail ainm iomlán na cúirte, an tír ina bhfuil an chúirt nó an binse suite agus dáta an chinnidh, nach mór a bheith ag gabháil le gach doiciméad a bhfuil breithiúnas ann;
  • an ECLI: cuimsítear san aitheantóir aonfhoirmeach seo, ar féidir cinntí breithiúnacha a shainaithint go héasca leis, 5 ghné éigeantacha
    • “ECLI”: an t–aitheantóir a shainaithint mar Aitheantóir Cásdlí Eorpach;
    • cód na tíre;
    • cód na cúirte a thug an breithiúnas;
    • an bhliain ar tugadh an breithiúnas;
    • uimhir, suas le 25 carachtar alfa-uimhriúil, i bhformáid a chinnfidh gach tír AE;
    • úsáidtear idirstadanna (:) chun na gnéithe sin a dheighilt. Níl marcanna poncaíochta ar bith eile ceadaithe.

Ní mór do gach tír rannpháirteach AE a úsáideann ECLI eagraíocht rialtais nó bhreithiúnach a cheapadh mar a gComhordaitheoir náisiúnta ECLI. Féadfaidh cúirteanna agus binsí laistigh de thír amháin páirt a ghlacadh sa chóras tráth ar bith. Chuir Boird Achomhairc Oifig Eorpach na bPaitinní agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (a fheidhmíonn freisin mar chomhordaitheoir ECLI do AE) an ECLI chun feidhme freisin. Sanntar aitheantóir Eorpach do gach breithiúnas a thugtar, ní hamháin dóibh siúd a fhoilsítear ar an idirlíon.

Áirítear ar bhuntáistí an ECLI an méid a leanas:

  • cásdlí a lua ar bhonn níos éasca agus níos lú ama á chaitheamh ag gairmithe dlí agus ag lucht acadúil ag déanamh taighde air;
  • inneall cuardaigh ilteangach ECLI trínar féidir le húsáideoirí cinntí breithiúnacha a aimsiú ó bhunachair shonraí na bhfoilsitheoirí cásdlíthe sin a bhfuil caighdeán an ECLI curtha chun feidhme acu agus a bhfuil rochtain ar a sonraí curtha ar fáil acu;
  • cur i bhfeidhm dhlí AE ar bhealach níos fearr ag breithiúna náisiúnta mar go bhfuil fáil níos éasca acu ar chásdlí ábhartha;
  • comhthuiscint neartaithe i measc phobail dhlíthiúla thíortha AE.

I mí na Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle an straitéis agus an plean gníomhaíochta maidir le r-cheartas a fhorbairt a mhairfidh ar feadh na tréimhse 2019-2023. Díreofar obair a bhaineann le r-cheartas ar 3 chuspóir:

  • feabhas a chur ar an rochtain ar fhaisnéis sa réimse ceartais;
  • leanúint le digitiú imeachtaí breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha chun rochtain níos éasca agus níos gaiste a thabhairt ar chinntí cúirte; agus
  • cur chun feidhme teicniúil agus bainistíocht na gcóras náisiúnta r-cheartais a áirithiú lena n–éascófar idirnascadh agus idir-inoibritheacht idir córais thíortha AE.

CÚLRA

Féadfar faisnéis faoin ECLI a fháil ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Soláthraítear sonraí sa tairseach maidir le formáid agus úsáid an aitheantóra, agus ar na meiteashonraí agus na comhordaitheoirí náisiúnta chomh maith. Cumasaítear leis freisin rochtain ar chomhéadan cuardaigh ECLI. Níl an comhéadan sin beartaithe a bheith mar bhunachar sonraí ar an leibhéal Eorpach ach cumasaítear leis go simplí cuardach a dhéanamh, ag baint úsáid as ECLI agus meiteashonraí áirithe, ar na bunachair sonraí náisiúnta agus láithreáin ghréasáin idirnasctha.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cásdlí: gach cinneadh breithiúnach a bhaineann le ceist bhreithiúnach ar leith.
Meiteashonraí: sa teicneolaíocht faisnéise, baineann sé sin le sonraí lena gcuirtear síos ar shonraí eile, mar shampla trí fhaisnéis a sholáthar ar dháta an fhoilsithe nó ar údar na sonraí. Le meiteashonraí, dá réir sin, tá sé níos éasca féachaint i bhfaisnéis. Feabhsaítear leo chomh maith ábharthacht na dtorthaí a thaispeántar in innill chuardaigh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Plean Gníomhaíochta 2019-2023 An Tairseach Eorpach don r-Cheartas (IO C 96, 13.3.2019, lgh. 9-32)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais an Aontais agus gníomhaíochtaí inmheánacha — Teideal V — Limistéar saoirse, slándála agus ceartais — Caibidil 1 — Forálacha ginearálta — Airteagal 67 (sean-Airteagal 61 CCE agus sean-Airteagal 29 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 73)

Conclúidí ón gComhairle lena n–iarrtar go dtabharfaí isteach an tAitheantóir Cásdlí Eorpach (ECLI) agus sraith íosta de mheiteashonraí aonfhoirmeacha do chásdlí (IO C 127, 29.4.2011, lgh.1-7)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Straitéis 2019-2023 maidir le r-Cheartas (IO C 96, 13.3.2019, lgh. 3-8)

Plean Gníomhaíochta Eorpach Ilbhliantúil 2014-2018 maidir le R-Cheartas (IO C 182, 14.6.2014, lgh. 2-13)

Nuashonraithe 29.04.2019

Top