EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Táirgí ainmhithe lena gcaitheamh ag an duine: rialacha sláinte ainmhithe

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe' for an updated information about the subject.

Táirgí ainmhithe lena gcaitheamh ag an duine: rialacha sláinte ainmhithe

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/99/CE: rialacha sláinte ainmhithe maidir le táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí ainmhithe lena gcaitheamh ag an duine

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

  • Leagtar síos inti rialacha ginearálta sláinte ainmhithe do tháirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine.
  • Cumhdaítear fúthu sin gach céim de na próisis táirgthe, phróiseála agus dáilte a dhéantar laistigh den Aontas Eorpach, mar aon le hallmhairí ó thíortha eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór d’údaráis náisiúnta a chinntiú nach leathann iad siúd ar fad atá bainteach sa slabhra bia galair in-tarchurtha chuig ainmhithe.
  • Ní mór do na táirgí teacht ó ainmhithe nach bhfuil cumhdaithe le srianta sláinte críocha.
  • Tá cosc ar fheoil agus ar tháirgí feola ó áitribh ina raibh ainmhithe ionfhabhtaithe, nó ainmhithe a gceaptar iad a bheidh ionfhabhtaithe, le linn an phróisis mharaithe.
  • Ní mór deimhniú tréidliachta a bheith ag gabháil le táirgí inite.
  • Déanann údaráis náisiúnta rialuithe oifigiúla ar shláinte ainmhithe. Ní fhógraítear na cigireachtaí de ghnáth.
  • Féadfaidh saineolaithe an Choimisiúin Eorpaigh, i gcomhar le húdaráis náisiúnta, seiceálacha ar an láthair agus iniúchtaí a dhéanamh. Tá na cumhachtaí cigireachta céanna acu i dtíortha nach bhfuil in AE.
  • Má shainaithnítear riosca tromchúiseach, ní mór do na húdaráis náisiúnta gach beart is gá a dhéanamh chun sláinte na n-ainmhithe a chosaint.
  • Maidir le hallmhairí
    • ní mór go gcloíonn siad le rialacha sláinte ainmhithe AE;
    • ní mór go dtagann siad as tíortha a chruthaíonn go gcomhlíonann siad na ceanglais sin;
    • ní mór deimhniú tréidliachta a bheith ag gabháil leo.

Aisghairm

Déanfar Treoir 2002/99/CE a aisghairm agus cuirfear Rialachán (AE) 2016/429 ina hionad ón 2 Aibreán 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 12 Feabhra 2003. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2004.

CÚLRA

Tá bearta sonracha déanta ag AE i gcoinne na ngalar ainmhithe seo a leanas:

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Táirgí eile de bhunadh ainmhíoch” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Treoir 2002/99/EC ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha a rialaíonn táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (IO L 18, 23.1.2003, lgh. 11-20)

Rinneadh na leasuithe leantacha ar Threoir 2002/99/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 24.05.2016

Top