This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU environmental policy
Beartas comhshaoil AE
Beartas comhshaoil AE
Féachtar le beartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh (AE), atá bunaithe ar Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus sláinte an duine a chosaint. Dírítear ann freisin ar úsáid chúramach réasúnach a bhaint as acmhainní nádúrtha agus cuireann sé le bearta a chur chun cinn, ar an leibhéal idirnáisiúnta, a bhfuil sé beartaithe leo dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda, amhail an t–athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta. Tá an beartas bunaithe ar ghníomh réamhchúramach coisctheach, ar leigheas ag an bhfoinse agus ar an bprionsabal “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as”.
Tá gníomh i réimsí an bheartais um chomhshaol amhail aer agus uisce, cosaint agus athbhunú an dúlra, bainistíocht dramhaíola agus an t–athrú aeráide faoi dhlínse an Aontais Eorpaigh. Le prionsabal na coimhdeachta, áfach, cuirtear teorainn le raon feidhme ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí a bhaineann le cáin, pleanáil spásúlachta agus talamhúsáid, mar aon le bainistíocht chainníochtúil acmhainní uisce.
Tá beartais um chomhshaol an Aontais Eorpaigh ceaptha chun dlús a chur leis an aistriú go geilleagar inbhuanaithe, nuálach agus ciorclach, i gcás go ndéanfar an bhithéagsúlacht a chosaint, a urramú, agus a athbhunú agus go ndéanfar rioscaí don tsláinte a bhaineann leis an gcomhshaol a íoslaghdú. Tá sé mar aidhm leo feabhas a chur ar athléimneacht AE agus fás a dhícheangal ó úsáid acmhainní.
I mí na Nollag 2019, ghlac an Coimisiún Eorpach an Comhaontú Glas don Eoraip, a threochlár maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil. Tá sé mar aidhm leis an treochlár geilleagar nua–aimseartha, éifeachtach ar acmhainní agus iomaíoch a dhéanamh den Aontas Eorpach tríd an méid seo a leanas:
Treoraítear leis an ochtú clár gníomhaíochta don chomhshaol (2022) ceapadh agus cur chun feidhme beartas comhshaoil agus aeráide go dtí 2030.