Caighdeáin an Aontais Eorpaigh le haghaidh uiscí mianraí nádúrtha
ACHOIMRE AR:
Threoir 2009/54/CE — uiscí mianraí nádúrtha a shaothrú agus a mhargú
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANTAR SA TREOIR SEO?
Sa treoir seo, déantar na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le huiscí mianraí nádúrtha a dhíol san Aontas Eorpach (AE) a chomhchuibhiú, agus cinntítear go bhfuil na huiscí sin sábháilte lena gcaitheamh ag an duine.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní mór do na húdaráis náisiúnta a chinntiú go gcloíonn uisce le reachtaíocht AE sula mbronntar stádas uisce mhianraí nádúrtha air. Nuair a bhronntar nó nuair a tharraingítear siar an t-aitheantas sin i dtír AE, bíonn ar an tír AE sin é sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach.
-
Ní mór don uisce mianraí nádúrtha a allmhairítear isteach in AE a bheith deimhnithe agus na critéir chéanna a chomhlíonadh is a chomhlíonann iomaitheoirí intíre.
-
Ní ceadmhach aon chóireáil a chur ar uisce mianraí nádúrtha ach amháin, mar shampla, eilimintí éagobhsaí, amhail iarainn agus comhdhúlacha sulfair, a bhaint de.
-
Ní mór d’uiscí mianraí nádúrtha, ag a bhfoinse, agus nuair a dhíoltar iad, a bheith saor ó sheadáin, ó bhachaillíní éagsúla drólannacha (saghsanna baictéar) agus ó chomhábhair eile atá contúirteach do shláinte an duine.
-
Ní mór do na coimeádáin ina gcoimeádtar uiscí mianraí nádúrtha a bheith séalaithe i gceart chun éilliú a chosc.
-
Is féidir uiscí mianraí nádúrtha a dhíol, más iomchuí, de réir na sainmhínithe seo a leanas:
-
uisce mianraí nádúrtha;
-
uisce mianraí nádúrtha carbónáitithe*;
-
uisce mianraí nádúrtha atá carbónáitithe go nádúrtha*;
-
uisce mianraí nádúrtha a bhfuil gás ón bhfoinse uisce ann.
-
Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt ar na lipéid freisin:
-
mionsonraí faoi chomhdhéanamh anailíseach an uisce;
-
ainm agus suíomh na foinse uisce;
-
faisnéis faoin gcóireáil a cuireadh ar an uisce, más infheidhme.
-
Tá sé in aghaidh an dlí úsáid a bhaint as breis is tuairisc thrádála amháin chun uisce mianraí nádúrtha ón bhfoinse uisce chéanna a mhargú.
-
Tá sé in aghaidh an dlí a mhaíomh go bhfuil tréithe ag an uisce nuair nach fíor é sin.
-
Ní féidir an téarma “fíoruisce” a úsáid ach amháin le haghaidh uisce atá beartaithe lena chaitheamh ag an duine, ina staid nádúrtha, a chuirtear i mbuidéal ag an bhfoinse agus a chloíonn le coinníollacha sláinte agus lipéadaithe na reachtaíochta.
-
D’fhéadfadh údarás náisiúnta a mheasann go bhféadfadh uisce mianraí nádúrtha a bheith contúirteach do shláinte an duine, srian nó cosc a chur ar an uisce sin a dhíol. Cuireann an t-údarás an fhaisnéis sin in iúl do thíortha AE eile agus don Choimisiún.
-
Ní chuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm ar uiscí a mheastar gur táirgí leighis iad ná ar uiscí mianraí nádúrtha a úsáidtear mar leigheas i spánna teirmeacha agus hidriteirmeacha.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 16 Iúil 2009.
CÚLRA
Féach “Uiscí Mianraí Nádúrtha agus Fíoruisce” ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
* uisce mianraí nádúrtha carbónáitithe: uisce a bhfuil dé-ocsaíd charbóin (CO2) curtha leis, a thagann ó áit eile seachas an maoschlár nó an fosú óna dtagann an t-uisce.
* uisce mianraí nádúrtha atá carbónáitithe go nádúrtha: uisce a bhfuil an cion CO2 céanna ann tar éis dó a bheith a scinceáilte, más infheidhme, agus curtha i mbuidéal, is atá san uisce a thagann ón bhfoinse. Cuirtear san áireamh anseo, más iomchuí, an méid céanna CO2 a chur isteach san uisce arís ón maoschlár nó ón bhfosú uisce céanna agus a scaoiltear amach le linn na n-oibríochtaí sin.
GNÍOMH
Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le saothrú agus le margaíocht uiscí mianraí nádúrtha (Athmhúnlú) (IO L 164, 26.6.2009, lgh. 45-58)
Nuashonraithe 12.04.2016
Top