Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An t-ilteangachas a chur chun cinn in AE

An t-ilteangachas a chur chun cinn in AE

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2005) 596 final) — Creatstraitéis Nua ar mhaithe leis an ilteangachas

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Leagtar síos sa teachtaireacht an straitéis atá ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an ilteangachas a chur chun cinn san Aontas Eorpach (AE), agus moltar roinnt gníomhartha sonracha inti.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tagraíonn an t-ilteangachas don chumas atá ag duine leas a bhaint as roinnt teangacha, agus do roinnt pobal éagsúil teanga a bheith ag maireachtáil le chéile in aon limistéar geografach amháin.

3 aidhm i gceist le beartas ilteangachais an Choimisiúin:

  • foghlaim teanga a spreagadh agus éagsúlacht teanga a chur chun cinn sa tsochaí;
  • geilleagar ilteangach a chur chun cinn;
  • rochtain a thabhairt do shaoránaigh ar eolas a bhaineann le AE ina gcuid teangacha féin.

Leagtar amach sa teachtaireacht seo bealaí éagsúla chun foghlaim teanga agus éagsúlacht teanga a chur chun cinn, lena n-áirítear:

  • na cláir Lingua, Socrates agus Leonardo (atá go léir ina gcuid de Erasmus+ anois);
  • Nascadh Bailte (atá ina chuid anois den chlár um an Eoraip ar son na saoránach);
  • tacaíocht airgeadais do líonra Mercator na n-ollscoileanna;
  • clár taighde ar bhacainní teanga a shárú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise nua;
  • an Táscaire Eorpach maidir le hInniúlacht Teanga a chur chun feidhme;
  • nuashonrú a dhéanamh ar an oiliúint a chuirtear ar mhúinteoirí teanga;
  • staidéar ar an dea-chleachtas i dtaobh luathfhoghlaim teanga;
  • ollúnachtaí a chruthú san ilteangachas agus san ilchultúrachas; agus
  • neartú a dhéanamh ar ghné an taighde sa 7ú Creatchlár um Thaighde (ar a dtugtar Fís 2020 anois)

Tá an Coimisiún á áitiú ar thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:

Geilleagar ilteangach

Molann an Coimisiún na nithe seo a leanas chun an geilleagar ilteangach a fhorbairt:

  • staidéar a dhéanamh ar an tionchar atá ag ganntanais scileanna teanga ar gheilleagar AE;
  • staidéar a dhéanamh ar an acmhainneacht le haghaidh úsáid níos mó a bhaint as fotheidil físeáin chun foghlaim teanga a chur chun cinn;
  • Téarmaíocht Idirghníomhach don Eoraip (IATE), an bunachar téarmaí AE, a chur chun cinn;
  • comhdhálacha ollscoile a eagrú faoi oiliúint a chur ar aistritheoirí;
  • an deis a thapú chun é a fhágáil níos éasca leas a bhaint as foinsí ilmheán;
  • comhordú a dhéanamh ar an obair a dhéanann lucht taighde ar theicneolaíochtaí i dtaobh theanga an duine, aistriúchán uathoibríoch agus foinsí foclóra.

Aistriúchán agus ateangaireacht

  • Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as aistriúchán uathoibríoch, rud a leagann béim ar an tábhacht a bhaineann leis an ngné dhaonna chun ardchaighdeán aistriúcháin a sholáthar agus le forbairtí ar nós Chaighdeán Cáilíochta na hEorpa um Sheirbhísí Aistriúcháin.
  • Tá éileamh níos mó ag teacht ar ateangairí, go háirithe i measc eagraíochtaí idirnáisiúnta. Agus iad ag tacú le pobail eisimirceach i bplé oifigiúil, cuidíonn siad freisin le cearta an duine agus cearta daonlathacha a chosaint.

An t-ilteangachas agus saoránaigh AE

Tá roinnt tionscnamh ilteangach ar bun ag an gCoimisiún chun cabhrú le saoránaigh tuiscint a bheith acu ar a gcearta agus ar an gcaoi a dtéann reachtaíocht Eorpach i bhfeidhm orthu. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún:

  • a chinntiú go gcuirfidh gach ceann dá ranna an beartas ilteangachais i bhfeidhm go comhleanúnach;
  • leanúint ar aghaidh ag cothú an ilteangachais ina thairseach gréasáin (Europa) agus ina chuid foilseachán;
  • tairseach teangacha ar Europa a sheoladh;
  • seimineáir a eagrú faoin ilteangachas;
  • leanúint ar aghaidh ag tairiscint deontas agus cúnamh teagaisc d’ollscoileanna i gcomhair ateangaireacht comhdhála, uirlisí cianfhoghlama, sparánachtaí agus cuairteanna;
  • tacú le cláir Chéimeanna Máistreachta na hEorpa san Ateangaireacht agus Bainistíocht Comhdhála;
  • leanúint ar aghaidh leis an ról gníomhach atá aige sa Chruinniú Bliantúil Idirnáisiúnta ar Shocruithe Teanga, Doiciméadúchán agus Foilsiú;
  • leanúint ar aghaidh ag tacú le cláir céimeanna máistreachta ollscoile san aistriúchán;
  • comórtas idirnáisiúnta aistriúcháin a eagrú i measc scoileanna chun eolas ar theangacha agus na gairmeacha teanga a chur chun cinn.

Bhunaigh an Coimisiún Grúpa Ardleibhéil ar an Ilteangachas ina raibh saineolaithe neamhspleácha, a chuir ar fáil an tuarascáil deiridh dá chuid in 2007. Go luath in 2008, tionóladh comhdháil airí ar an ilteangachas ina raibh an deis ag tíortha AE tuairisc a thabhairt faoin dul chun cinn a bhí déanta agus obair a phleanáil don todhchaí. Níos déanaí sa bhliain chéanna, chuir an Coimisiún i láthair teachtaireacht eile inar mhol sé cur chuige cuimsitheach i dtaobh an ilteangachais in AE.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Creatstraitéis Nua ar mhaithe leis an Ilteangachas (COM(2005) 596 final, )

nuashonrú is deireanaí

Top