Staidreamh ar thuilleamh agus ar chostais saothair
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 – figiúirí inchomparáide AE maidir le tuilleamh agus costais saothair
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
-
Tá sé mar aidhm leis cuidiú le AE a bheartais a cheapadh, ar bhonn staidrimh iontaofa agus inchomparáide ó gach áit in AE, i ngach réigiún agus maidir le gach réimse sóisialta agus eacnamaíoch.
-
Chun na críche sin, leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 530/199 an cineál sonraí ba cheart d’údaráis staidrimh ar fud AE a bhailiú, agus conas is ceart dóibh é sin a dhéanamh.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Comhoibríonn údaráis náisiúnta i dtíortha AE agus Eurostat chun staidreamh AE a tháirgeadh, chun comparáid a dhéanamh idir costais saothair agus tuilleamh.
-
Gach 4 bliana, foilsíonn Eurostat a shonraí agus a anailísí maidir le gach ceann de na réimsí sin, agus malartaítear an t-ábhar gach 2 bhliain, e.g.
-
in 2014 - tuilleamh
-
in 2016 - costais saothair
-
in 2018 - tuilleamh, etc.
-
Úsáidtear iad chun beartais AE a fhorbairt do ghnóthaí agus d’fhostaithe agus chun anailís a dhéanamh ar fhás AE agus ar a chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta.
Cineálacha faisnéise a bhailítear
Costais saothair
-
Maidir le leibhéal agus comhdhéanamh costais saothair, ní mór go bhféadfaí staidreamh a tháirgeadh leis an bhfaisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
-
an gnó nó an t-aonad táirgthe ina n-oibríonn na fostaithe, go háirithe an réigiún ina bhfuil sé bunaithe, a mhéid agus a earnáil ghníomhaíochta;
-
iomlán na gcostas saothair bliantúil (pánna, tuarastail, ranníocaíochtaí sóisialta, costais ghairmoiliúna, etc.);
-
meánlíon bliantúil na bhfostaithe, lena n-áirítear fostaithe páirtaimseartha agus printísigh;
-
líon bliantúil na n-uaireanta a oibríodh agus ar íocadh astu.
Tuilleamh
-
Maidir le struchtúr agus dáileadh an tuillimh, ní mór sonraí faoin méid seo a leanas a bheith san fhaisnéis:
-
an gnó nó an t-aonad áitiúil ina n-oibríonn fostaithe, go háirithe míreanna amhail cineál an rialaithe eacnamaíoch agus airgeadais agus cineál an chomhaontaithe chomhchoitinn atá i bhfeidhm sa ghnó, etc.;
-
fostaithe (inscne, aois, ceird, leibhéal oideachais agus oiliúna, fad seirbhíse, lánaimseartha nó páirtaimseartha, cineál an chonartha fostaíochta);
-
olltuilleamh agus líon na n-uaireanta ar íocadh astu.
Bailiú sonraí agus próiseáil torthaí
-
Sainíonn na húdaráis náisiúnta ábhartha na modhanna cuí chun an fhaisnéis a bhailiú agus cinntíonn siad go gcloíonn na fostóirí leis an oibleagáid an fhaisnéis a sholáthar laistigh de na spriocdhátaí socraithe. Tá suirbhéanna a dhéantar i ngnóthaí roghnach, áfach, más féidir meastacháin bheachta a tháirgeadh ó fhoinsí cuí eile.
-
Ní mór do na húdaráis náisiúnta na freagraí a phróiseáil ar mhodh comhsheasmhach, ionas go mbeidh na torthaí inchomparáide.
-
Cuirfear na torthaí ar aghaidh chuig Eurostat 18 mí ó dheireadh na bliana tagartha.
-
Tá sonraí maidir leis an dóigh ba cheart na sonraí a bhailiú agus an fhormáid inar cheart iad a tharchur chuig Eurostat leagtha síos in 2 ghníomh cur chun feidhme (Rialachán (CE) Uimh. 1726/1999 agus Uimh. 1916/2000).
Cáilíocht
-
Ní mór d’údaráis náisiúnta a chinntiú go soláthrófaí léirithe beachta ina dtorthaí ar an gcás ina dtír.
-
I ndiaidh gach tréimhse tagartha, cuireann siad tuarascáil ar aghaidh chuig Eurostat faoin dóigh a bhfuil an rialachán á chur i bhfeidhm ina dtír ionas gur féidir le Eurostat cáilíocht na sonraí a mheasúnú.
-
Tá an t-ábhar agus na critéir mheasúnaithe don tuarascáil leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 698/2006.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Aibreán 1999..
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
AN PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach staitisticí ar thuilleamh agus ar chostais saothair (IO L 63, 12.3.1999, lgh. 6–10)
Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 1726/1999an 27 Iúil 1999 ón gCoimisiún ag cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle maidir le staidreamh struchtúrach i dtaca le tuilleamh agus costais saothair maidir le sainiú agus tarchur na faisnéise ar chostais saothair (IO L 203, 3.8.1999, lgh 28–40)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 1916/2000 an 8 Meán Fómhair 2000 ag cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair i dtaca le sainiú agus tarchur faisnéise ar struchtúr tuilleamh (IO L 229, 9.9.2000, lgh 3–13)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 698/2006 an 5 Bealtaine 2006 ón gCoimisiún ag cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle maidir le meastóireacht cáilíochta ar staidreamh struchtúrach ar chostais saothair agus ar thuilleamh (IO L 121, 6.5.2006, lgh. 30–35)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 27.07.2016